CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Tuarthéacs i nGaeilge ó Samsung
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Baineann crá croí le bheith ag seoladh téacsanna Gaeilge, ach tá leigheas faighte ar an scéal anois, a bhuíochas sin ar ghuthán nua de chuid an chomhlachta Samsung. Cúlra an scéil ó Dhiarmuid Mac Mathúna.

Íomhá
An iPhone: tá go leor iomaitheoirí ag an táirge seo anois

Go dtí seo, ba chrá croí é téacsanna Gaeilge a sheoladh ar ghutháin phóca, ach ar deireadh, tá athrú le teacht ar an scéal, a bhuíochas sin ar ghléas nua ón gcomhlacht Samsung.

An Tocco atá ar an bhfón nua seo a sheolfar in Éirinn i mí Iúil. Beidh an gléas ar fáil ar raon leathan seirbhísí – Vodafone, O2 agus Meteor ina measc. De réir tuairiscí, ní chosnóidh sé "ach" thart ar €130 orthu siúd a íocann billí míosúla.

Cé go bhfuil a lán tréithe cumhachtacha ag baint leis an Tocco seo – mar shampla, scáileán tadhaill atá cosúil le scáileán an iPhone – is í an tseirbhís tuarthéacs i nGaeilge an rud is mó a mheasfaidh lucht labhartha na Gaeilge a bheith tarraingteach.os cionn 44,000 focal Gaeilge i bhfoclóir inmheánach an fhóin, rud a chabhróidh go mór le daoine teachtaireachtaí Gaeilge a scríobh. Ní heol dom aon ghuthán póca eile a bhfuil an áis seo aige, cé go raibh ráflaí ann roimhe seo go raibh Panasonic chun fón "Gaelach" a chur ar an margadh.

Caithfidh mé a admháil nach maith liom an iomarca téacsanna Gaeilge a sheoladh faoi láthair toisc go bhfuil sé chomh deacair sin focail fhada a litriú go tapa ar m’fhón. Bainim úsáid as giorrúcháin ar nós "GRMMA" in áit "go raibh míle maith agat" agus "E Y" in ionad "oíche mhaith", ach ní leor sin chun an stró ar fad a

sheachaint. Nuair a bhíonn fonn orm téacs a sheoladh as Gaeilge, seachnaím an fón féin agus bainim úsáid as áis Webtext ar líne - tá sé i bhfad níos éasca focail Ghaeilge a litriú ar mhéarchlár iomlán an ríomhaire.

Scáileán tadhaillAr ndóigh, ní raibh aon chaint ar ghutháin agus scáileán tadhaill acu go dtí gur sheol Apple an iPhone – anois tá na scáileáin sin ar fud na háite agus tá déantóirí eile ag dul in iomaíocht le Apple chun tomhaltóirí a mhealladh. Is cinnte go bhfuil cuma iontach ar na scáileáin nua seo agus tá sé an-éasca do mhéara a úsáid chun brabhsáil timpeall leathanach idirlín agus do leabharlainne ceoil.

Ach is rud eile é teachtaireacht téacs, in aon teanga, a scríobh orthu toisc nach bhfuil aon chnaipí nó aon mhéarchlár orthu. Go pearsanta, chaith mé níos mó ama ag ceartú botúnag scríobh focal ar aon fhón ar bhain mé triail as roimhe seo a raibh scáileán tadhaill air – brúim an litir mhícheart ar an scáileán go rialta agus iad á n-úsáid agam. Tá réiteach dá chuid féin ag Samsung ar an bhfadhb áirithe seo – creathann an fón nuair a bhrúnn tú ar an scáileán, agus mar sin, tá a fhios agat gur chliceáil tú air.

B’fhéidir, mar sin, go dtiocfaidh fás tapa ar líon na dteachtaireachtaí téacs a sheolfar as Gaeilge an samhradh seo – agus tá a fhios agam féin cad é an chéad cheann a scríobhfaidh mé: "GRMMA Samsung".

  • *

Tá an gramadóir "Ceart" a chabhraíonn le daoine gramadach agus litriú doiciméid Gaeilge a chinntiú go huathoibríoch foilsithe ag Diarmaid Mac Mathúna ag www.cruinneog.com, i bpáirt le Kevin Scanell. Tá an leagan Apple Mac de "Ceart" ar fáil cheana féin agus tá an leagan Windows le foilsiú go luath chun dul i bpáirt leis an litreoir GaelSpell.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.