Tá Íte Ní Chionnaith go láidir den tuairim go ndéanfaidh sé an-dochar do leas na hÉireann tromlach de vótálaithe na tíre vótáil ar son Chonradh Liospóin.
Ní haon áibhéil a rá gurb é Conradh Liospóin an leasú bunreachta is casta a cuireadh os comhair mhuintir na hÉireann riamh agus ná déanaimis dearmad gur leasú ar ár mbunreacht atá ann. Ní vótáil theibí ar chonradh teibí a síníodh i Liospóin atá ann ach bunathruithe atá á moladh ar an doiciméad stáit is tábhachtaí atá againn chun ár gcearta mar shaoránaigh Éireannacha a chosaint.
Tá sé tábhachtach nach ligfimis do chastacht an leasaithe seo sinn a chur ar mhíthreoir mar is é an toradh is mó a bheadh ar ghlacadh le Conradh Liospóin ná níos mó smachta a thabhairt do na hInstitiúidí Eorpacha ar chúrsaí laethúla anseo in Éirinn agus níos lú cumhachta a fhágáil ag muintir na hÉireann ar chinntí tábhachtacha a bhaineann le leas ár muintire féin.
Nuair a shracaimid ár mbealach trí théacs "an ochtú leasú is fiche ar an mbunreacht 2008", a d’fhoilsigh an Coimisiún Reifrinn, lena thagairtí d’ailt, d’fho-ailt, do mhíreanna, d’fhomhíreanna, d’airteagail agus d’fhomhíreanna airteagail, tá sé éasca a cheapadh go bhfuil na moltaí seo dothuigthe ar fad. Agus sin sula dtugtar faoi Chonradh Liospóin féin mar atá sé leagtha amach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C306, (lgh. 1-146); na prótacail éagsúla a bhaineann leis (lgh. 147-271); Coinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine C303 (lgh. 1-35); nó go dtéitear ag lorg soiléireachta éigin sa leagan comhdhlúite de na Conarthaí Éagsúla Eorpacha mar a leasaítear iad i gConradh Liospóin (foilsithe ag an Institiúid ar Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha agus ina bhfuil 346 leathanach). Cé gur cabhair éigin é leabhrán an Choimisiúin Reifrinn, ní féidir a rá go bhfuil sé soiléir go leor le sinn “a chur ar an eolas chun cinneadh oilte a dhéanamh”, mar a mhaíonn an Coimisiún féin ar chlúdach tosaigh an leabhráin. Cathair ghríobháin is ea Conradh Liospóin.
Ollstát EorpachTá nithe áirithe soiléir, áfach. Is léir gur cuid de phróiseas polaitiúil é Conradh Liospóin, próiseas atá ag lárnú níos mó agus níos mó cumhachtaí agus feidhmeanna sna hInstitiúidí Eorpacha agus á mbaint de na rialtais náisiúnta. Is iarracht í le hOllstát Eorpach a chruthú.
Nuair a chuamar isteach sa Chomhphobal i 1973, Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a bhí ann. Athraíodh an t-ainm go Comhphobal Eorpach i gConradh Maastricht (1992), ag léiriú agus ag deimhniú go raibh ról polaitiúil le bheith ag an gComhphobal feasta chomh maith le ról eacnamaíochta, cineál Aontas Eorpach.
Le Conradh Nice (2001) rinneadh Conarthaí an Chomhphobail Eorpaigh agus an Aontais Eorpaigh a chomhdhlúthú agus ní raibh ann ó shin ach an tAontas Eorpach. Cuireadh ní hamháin leis an “gcomhoibriú” polaitiúil ach leis an gcomhoibriú cosanta agus míleata chomh maith.
Dhiúltaigh muintir na hÉireann do Chonradh Nice ach d’éirigh leis an rialtas é a bhrú ar an bpobal, i reifreann nua, le prótacal faoi chúrsaí neodrachta. Sampla an-mhaith a bhí ann den easpa daonlathais. Muna bhfuil tú sásta le toradh reifrinn, reáchtáil arís é agus lean ar aghaidh á reáchtáil go bhfaighidh tú an toradh atá uait. Nó, mar a tharla i gcás na Fraince, gan deis a thabhairt don phobal vótáil arís.
Níor leor cumhachtaí Chonradh Nice do na hInstitiúidí Eorpacha. Rinneadh iarracht Bunreacht Eorpach a bhrú ar bhallstáit an Aontais in 2004 agus theip air sin nuair a dhiúltaigh muintir na Fraince agus na hÍsiltíre glacadh leis i reifrinn in 2005. Níl i gConradh Liospóin i ndáiríre ach Bunreacht na hEorpa arís, faoi chló eile. Chuirfeadh Conradh Liospóin 96% de na forálacha dlí a bhí i mBunreacht na hEorpa i bhfeidhm go hindíreach, dar leis an saineolaí Anthony Coughlan, trí leasuithe a dhéanamh ar an dá phríomhchonradh Eorpach, gan an teideal “Bunreacht” a thabhairt ar an gcáipéis.
D’admhaigh iarUachtarán na Fraince, agus duine de mhórúdair an bhunreachta, Valery Giscard d’Estaing, go mbeadh bunmholtaí Bhunreacht na hEorpa sa téacs nua (i.e. Conradh Liospóin) ach go mbeadh siad faoi cheilt ar bhealach éigin. Dúirt sé go gcuirfí ina luí ar an bpobal, i ngan fhios dóibh féin, glacadh le moltaí nach bhféadfaí a chur os a gcomhair go hoscailte (Le Monde, 14 Meitheamh 2007). Chuir Seansailéir na Gearmáine, Angela Merkel, chomh láidir céanna é i bParlaimint na hEorpa nuair a dúirt sí gurbh fhíric í go raibh substaint an bhunreachta á chaomhnú (27 Meitheamh 2007).
Dúirt Uachtarán reatha na Fraince, Nicolas Sarkozy, nach nglacfadh pobal na Fraince le Conradh Liospóin dá gcuirfí os a gcomhair i bhfoirm reifrinn é (EUobserver, 14 Samhain 2007). Ach níl sé á chur os a gcomhair. Is í Éire an t-aon tír ina bhfuil cead ag saoránaigh vótáil ar Chonradh Liospóin. Sna tíortha eile, is iad na rialtais a rinne an cinneadh glacadh leis an gConradh. Níl aon dabht ach go bhfuilimid i lár an aonaigh faoi láthair. A bhuíochas sin do chás Raymond Crotty i 1987, a dheimhnigh go gcaithfí reifreann a reáchtáil dá mbeifí ag moladh flaitheas na hÉireann a thabhairt don Aontas Eorpach. Sin é go díreach atá i gceist anseo, athrú a dhéanamh ar Bhunreacht na hÉireann d’fhonn tús áite a thabhairt do Chonradh Liospóin, agus d’aon dlíthe a eascraíonn as, ar Bhunreacht na hÉireann.
ImeaglúTá an chumhacht againn glacadh le Conradh Liospóin nó diúltú dó. Tá an ceart sin againn, de réir ár mbunreachta féin, ach tá iarracht á déanamh ag na páirtithe móra go léir sa stát imeaglú a dhéanamh ar an bpobal faoin gceist seo. Deirtear gur chóir do mhuintir na hÉireann a bheith buíoch agus dílis don AE de bharr an mhéid airgid a fuarthas uaidh thar na blianta agus tugtar le tuiscint go bhféadfaí Éire a bhrú amach nó a imeallú, ar a laghad, muna nglacfadh muintir na hÉireann leis an gConradh seo. Truflais. Muna nglacann muintir na hÉireann le Conradh Liospóin, ní thitfidh an spéir. Níor thit an tAE as a chéile nuair a dhiúltaigh an Fhrainc agus an Ísiltír do Bhunreacht na hEorpa. Tá roinnt roghanna ann. D’fhéadfaí an Conradh a athphlé agus margadh níos fearr a bhaint amach d’Éirinn agus do thíortha beaga eile nó d’fhéadfaí é a chaitheamh san aer agus leanúint ar aghaidh le reáchtáil an Aontais mar atá sé. Mhair sé go dtí seo leis na ballstáit nua agus tá taighde déanta ag Ollscoil Science-Politique i bPáras a léiríonn go bhfuil an tAontas Eorpach méadaithe ag feidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí anois le 27 ballstát ná mar a bhí sé ag feidhmiú sa dá bhliain roimh an leathnú le 15 ballstát.
Chuirfeadh Conradh Liospóin deireadh leis an gcrosadh nó an veto, mar a thugtar air go hiondúil, i 60 réimse ina bhfuil sé i bhfeidhm faoi láthair, crosadh atá an-tábhachtach chun stop a chur le rialacha, dlíthe nó socruithe nach lenár leas iad. Is annamh a bhaintear úsáid as an gcrosadh céanna, mar atá á léiriú faoi láthair sa drogall uafásach atá ar an rialtas anseo an veto a úsáid chun stop a chur le moltaí Choimisinéir Trádála an AE, Peter Mandelson, agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (WTO). Tá sé ríshoiléir nach le leas na bhfeirmeoirí ná le leas lucht déantúsaíochta na hÉireann na moltaí céanna, ach níl an rialtas ag gníomhú agus sin roimh athruithe a thiocfadh de bharr Chonradh Liospóin. Tá an veto, atá á ídiú, conradh i ndiaidh conartha, an-tábhachtach do na ballstáit bheaga cosúil le hÉirinn. Ní féidir a thuilleadh de a scaoileadh uainn.
Cumhachtaí breiseMeastar go dtabharfadh Conradh Liospóin suas le 100 cumhacht nua bhreise don AE i réimsí éagsúla polasaí, 30 cumhacht nua dlí, ina measc. D’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar chúrsaí oideachais, sláinte agus seirbhísí poiblí trí leathnú a dhéanamh ar phríobháidiú na seirbhísí bunúsacha riachtanacha seo ar mhaithe le hiomaíocht.
D’fhéadfaí iarracht a dhéanamh comhchuibhiú fioscach nó ionannú cánach a bhrú ar thíortha uile an Aontais, moltaí atá ar na bacáin cheana féin agus á gcur chun cinn go láidir ag an Fhrainc. Chuirfeadh sé seo as go mór do chúrsaí fostaíochta in Éirinn agus don straitéis atá ag an rialtas le tamall anuas tionscail a mhealladh isteach sa tír le rátaí ísle cánach. Ní bheadh Éire, tír bheag ar imeall na hEorpa, chomh tarraingteach céanna do thionsclóirí dá mbeadh an ráta céanna cánach i bhfeidhm anseo agus atá i dtíortha eile an AE.
Dá nglacfaí le Conradh Liospóin, dhéanfaí a lán cinntí nua ar bhonn Vótáil Tromlaigh Cháilithe (i.e. 55% de na ballstáit thar ceann 65% de phobal na hEorpa). Bhainfeadh na cinntí seo le réimsí chomh leathan le fuinneamh, tearmann, inimirce, comhoibriú breithiúnach i gcúrsaí sibhialta agus cúrsaí spóirt. Bheadh cumhacht vótála 50% níos lú ná mar a bhíodh ag tíortha beaga cosúil le hÉirinn agus bheadh cumhacht vótála beagnach 50% níos mó ag na ballstáit mhóra. Ní bheadh ach 7 vóta ag Éirinn, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Liotuáin agus an tSlóvaic i gcomparáid le 29 vóta an ceann ag an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Ríocht Aontaithe. Sin 7 vóta as 345, guth an-lag ar fad d’Éirinn.
Bheadh breis dlíthe agus rialacha á leagan síos ag an AE go gcaithfeadh na ballstáit uile, Éire san áireamh, glacadh leo agus iad a chur i gcrích. Ná déanaimis dearmad, mar shampla, gur de bharr rialacháin de chuid an AE atá rátaí uisce á ngearradh ar scoileanna na tíre faoi láthair!
Bheadh neodracht na hÉireann i mbaol arís de bharr Chonradh Liospóin, in ainneoin gur cuireadh prótacal faoin neodracht le Conradh Nice. Is léir go bhfuil cuid de stáit na hEorpa ag iarraidh bogadh i dtreo bloc cumhachta míleata nua san AE a bheadh neamhspleách ar na Náisiúin Aontaithe. Is léir ó Chonradh Liospóin go mbeadh comhpholasaithe eachtrannacha agus cosanta ag an AE a bheadh ag teacht le dearcadh NATO.
Léiríonn Airteagal 28 de Chonradh Liospóin go mbeadh ar gach stát níos mó a chaitheamh ar chumas míleata a dtíre féin chomh maith le cumas míleata na hEorpa. Deir an Conradh go neamhbhalbh go gcaithfidh ballstáit feabhas leanúnach a chur ar a gcumas míleata, de réir mar a threoraíonn Áisíneacht Chosanta na hEorpa dóibh a dhéanamh. Cé go mbeadh sé de chumhacht ag an stát seo fanacht amuigh as gníomhaíocht mhíleata, tá próiseas nua le tabhairt isteach ar a dtabharfaí comhoibriú struchtúrtha a ligfeadh do chuid de na stáit teacht le chéile i mion-chomhghuaillíochtaí le cead, le hairgead agus le háiseanna iompair an AE. Tá liosta na ngníomhaíochtaí míleata a bheadh ceadaithe leathnaithe go mór, ó bhunú na síochána agus gníomhaíocht dhaonna go dtí gníomhaíochtaí míleata de chineál ar bith.
Cailliúint thromchúiseachD’fhágfadh Conradh Liospóin go mbeimis gan Coimisinéir ar feadh 5 bliana as gach cúig bliana déag. Cailliúint an-tromchúiseach a bheadh anseo do thíortha beaga, ach go háirithe. Is ag leibhéal an Choimisiúin a dhéantar reachtaíocht a thionscnamh ach ní bheadh aon Choimisinéir againn le labhairt thar ár gceann ar feadh tréimhsí fada as a chéile. Ghlacamar le laghdú cheana féin i líon na dTeachtaí Parlaiminte Eorpacha atá againn. Thit líon na dTeachtaí a thoghtar i bPoblacht na hÉireann ó 14 go 12 ag an toghchán Eorpach deiridh. Sin dáréag as 750!
Dá nglacfaí le Conradh Liospóin, bheadh ár dtionchar ar chinntí na hEorpa agus ár gcumhacht margála ar stáitse na hEorpa á laghdú. Bheadh ár bhflaitheas á lagú arís agus forlámhas á thabhairt don Chúirt Bhreithiúnais Eorpach ar Bhunreacht na hÉireann. Bheadh an tAontas Eorpach ina aonad dlí amháin le cumhachtaí chun conarthaí nua a dhéanamh agus féinleasuithe a dhéanamh ar na conarthaí atá ann cheana féin.
Faoi láthair tá Éire i gcroílár na cumhachta, le súile uile na hEorpa orainn féin agus ar ár gcinneadh mór ar an 12 Meitheamh. Ná teipimis orainn féin, ar náisiúin bheaga na hEorpa ná ar oibrithe, iascairí agus feirmeoirí beaga na hEorpa. Ní ionann Leas na hÉireann agus Leas na hEorpa, mar a thugann póstaeir Fhianna Fáil le tuiscint. Diúltaímis do Chonradh Liospóin agus vótálaimis Níl.
Nóta ón eagarthóir:
Chuathas i dteagmháil le daoine éagsúla i rith na míosa seo caite le cuireadh a thabhairt dóibh alt a chur ar fáil do Beo! ina ndéanfaí argóintí ar son dhaingiú an chonartha a chur chun cinn.
Ar an drochuair, níor éirigh le *Beo! *aon duine a fháil. Ba é ba chúis leis an leisce seo, dar leis na daoine a ndeachthas i dteagmháil leo, ná nár theastaigh uathu, ar cúiseanna éagsúla, a gcuid tuairimí polaitiúla a nochtadh go poiblí.
Ar cheist chomh tábhachtach mar seo, níor mhaith le Beo! tacaíocht a thabhairt do thaobh amháin den argóint gan aird na leitheoirí ar tharraingt ar na háiteanna ar féidir leo tuilleadh eolais a fháil a chuirfidh ar a gcumas cinneadh oilte a dhéanamh.
http://europa.eu/lisbontreaty/indexen.htm
http://europa.eu/lisbontreaty/fulltext/index_en.htm
http://www.europarl.ie/lisbontreaty.html
Is Léachtóir Sinsearach i Scoil na Meán, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, í Íte Ní Chionnaith. Is tráchtaire ar chúrsaí reatha agus polaitíochta í. Bhí sí ina hUachtarán ar Chonradh na Gaeilge idir 1985-1989.