AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Aontacht ag teastáil i measc na nDaonlathach
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Tá gach cuma ar an scéal go mbeidh uachtarán Daonlathach sa Teach Bán roimh i bhfad. Ní chuirfeadh Brian Ó Broin John McCain as an áireamh, áfach, go dtí go dtiocfaidh lucht tacaíochta Barack Obama agus Hilary Clinton le chéile.

Íomhá
Íomhá
Jesse Jackson: sheas sé i dtoghcháin tosaigh an Pháirtí Dhaonlathaigh sa bhliain 1984

Faoin am a léifidh tú seo, seans maith go mbeidh sé thart; thart sa deireadh thiar thall. Ní hea; ní ag caint faoin gcogadh atá mé – a bheas ar siúl ar feadh glúin eile nó dhó, má thagann sé chun críche riamh – ach faoi shéasúr réamhthoghchánaíochta pháirtithe polaitíochta Mheiriceá. Beidh na toghcháin dheireanacha tosaigh ar siúl ar an 3 Meitheamh, agus ní bheidh fágtha ina ndiaidh ach coinbhinsiún na bpáirtithe. Geallaim duit go ligfidh pobal mór Mheiriceá osna fada faoisimh as ansin.

Is annamh a bhím buíoch de pháirtí polaitíochta ar bith, ach caithfidh mé a rá go bhfuilim buíoch den Pháirtí Poblachtánach, a chuir deireadh lena chuid réamhthoghchánaíochta go neamhoifigiúil ar an 4 Márta nuair a bhuaigh John McCain go leor vótaí lena chinntiú go bhfaigheadh sé ainmniúchán a pháirtí don toghchán uachtaránachta. Ó shin i leith, tá McCain ag taisteal na tíre ag bailiú airgidfheachtas uachtaránachta.

Nílim chomh buíoch céanna den Pháirtí Daonlathach. Níl deireadh lena chuid réamhthoghchánaíochta go fóill agus tá iomaíocht ghéar i gceist idir na hiarrthóirí ó thosaíodar ag formad lena chéile bliain go leith ó shin. Ní bhfuair ceachtar acu go leor vótaí go fóill leis an dlaoi mhullaigh a chur ar an scéal, agus is léir anois go leanfar den choimhlint ghéar go bun an angair. Go réalaíoch, ní raibh ach triúr san iomaíocht i dtús báire, agus nuair a d’éirigh John Edwards, ó North Carolina, as an rás ar an 31 Eanáir, ní raibh fágtha ach beirt. Mura bhfuil ainmneacha na beirte seo cloiste agat go minic le bliain anuas, caithfidh go bhfuil tú bodhar: Hillary Clinton, bean an iar-uachtaráin Bill Clinton, agus Barack Obama, an seanadóir óg ó Chicago.

Tréimhse neamhchoitianta réamhthoghchánaíochta atá ann, ámh, nó tá an Páirtí Poblachtánach chomh lag sin go nglactar leis go forleathan anois go ngnóthóidh an Páirtí Daonlathach an t-olltoghchán i mbliana. Mar sin, ní hé go bhfuil Obama agus Clinton i mbun iomaíochta leis an ainmniúchán amháin a bhaint amach; tá an uachtaránacht féin i gceist. Tréimhse neamhchoitianta réamhthoghchánaíochta is ea í ar shilte eile freisin - níl fágtha sa rás ach fear gorm agus bean.Ní seo an chéad uair a lorg duine gorm ainmniúchán a pháirtí. Sa bhliain 1984, sheas an t-urramach Jesse Jackson i dtoghcháin tosaigh an pháirtí Dhaonlathaigh agus fuair sé 18 faoin gcéad den vóta. Más ea, ámh, níor breathnaíodh riamh air mar iarrthóir réalaíoch. An turas seo, ón uair a thug Barack Obama móróráid ag coinbhinsiún an Pháirtí Dhaonlathaigh sa bhliain 2004, bhíothas ag caint faoi mar iarrthóir intofa.

An chéad bheanNí hé gurb í seo an chéad uair, ach oiread, a sheas bean i dtoghchán náisiúnta. Sa bhliain 1984, bhí Geraldine Ferraro mar iarrthóir leasuachtaránachta an Pháirtí Dhaonlathaigh. Má sheas, ámh, tharla nár éirigh go maith léi nó leis an iarrthóir uachtaránachta, Walter Mondale, in aghaidh Ronald Reagan agus George Bush, a toghadh gan stró. Ach tá beagnach 25 bliain imithe tharainn anois, agus is léir go mbreathnaíonn pobal Mheiriceá ar Hillary Clinton ar an dóigh chéanna a mbreathnaíonn siad ar iarrthóir ar bith: polaiteoir is ea í go príomha, is cuma faoina hinscne.Is é seo an t-iontas is mó is dócha: go bhfuil fear gorm agus bean ag féachaint leis an gceapachán is airde a bhaint amach i réimse a mbíonn fir gheala, go príomha, ag plé leis. Is cuma cé a ghnóthóidh an toghchán seo, mar sin, mar is mó is dóichí go dtiocfaidh athrú as cuimse ar oifig na huachtaránachta ó mhí Feabhra 2009 nuair a ghlacfaidh buaiteoir an toghcháin lena (h)oifig nua.

Mar a deirim, fáilteoidh mé roimh dheireadh an réamhbhabhta seo, a mhair ar feadh trí nó ceithre mhí níos faide ná mar a shíl aon duine go leanfaí de, ach ní hionann sin is a rá nach raibh sé corraitheach. Is iomaí cor agus casadh a tharla sa scéal ó chuir na hiarrthóirí na lámhainní dornálaíochta orthu ar dtús.

Cé gur bean – is é sin, iarrthóir neamhthraidisiúnta – í Hillary Clinton

, caithfear a admháil go ndéantar í a chomhcheangal le seanfhondúirí an pháirtí. Mar bhean iar-uachtaráin, tá dlúthbhaint aici le réimeas eile cheana féin. Agus ní chuidíonn sé léi gurb na vótálaithe is mó a thugann tacaíocht di ná vótálaithe traidisiúnta an pháirtí – ní daoine óga agus toghlaigh nua de chuid an phobail ghoirm, ach daoine geala de chuid an lucht oibre. Is mar gheall air seo, ámh, a d’éirigh chomh maith sin léi go dtí seo – tá cairde tábhachtacha aici sa pháirtí a mheasann í a bheith “sábháilte” agus iontaofa – feictear dóibh gur duine í nach gcroithfidh an bád agus nach ndéanfaidh athruithe móra.

Toghthóirí úrnua atá i gceist i gcás Barack Obama. Tá sé óg agus cuireann a fheachtas an-bhéim ar an aos óg. I stáit mar Georgia, Alabama, agus South Carolina – a bhfuil pobail mhóra ghorma iontu – níor tharla sé riamh go raibh an oiread céanna daoine gorma ag clárú mar thoghthóirí ó aimsir na gcearta sibhialta amach. Ciallaíonn sé sin go bhfuil Obama ag mealladh daoine nua chuig a pháirtí i stáit a bhfuil tromlach Poblachtánach i gceist iontu le breis agus scór bliain anuas. Ní hamháin sin, ach is iarrthóir tarraingteach é do liobrálaithe na gcathracha, go háirithe dóibh siúd sna gairmeacha. Ciallaíonn sé sin go bhfuil lucht an airgid ag tacú leis, murab ionann agus Clinton, arb í a gnáth-thoghthóir ná oibrí monarchan.

CiníochasMá tá airgead i gceist, tá an páirtí ag dul sa seans mar sin féin. An gcaithfidh daoine vóta ar son duine ghoirm? Ag an bpointe seo, níltear cinnte de sin in aon chor. Tá seantraidisiún ciníochais i gceist i measc an lucht oibre, a chaithfeadh vóta ar son Hillary Clinton dá bhfaighidís an rogha. An gcaithfidh siad vóta ar son Barack Obama má bhaineann sé ainmniúchán a pháirtí amach? Go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil an nimh san fheoil ag an mbeirt iarrthóirí dá chéile i láthair na huaire?

Ag cur cheist an chiníochais as an áireamh, ámh, cuireann Obama ola ar chroí cheannasaithe a pháirtí. Más féidir leis toghthóirí nua a mhealladh chuig na bothanna vótála i mí na Samhna agus iad a choinneáil, is mór an seans go bhféadfaidh a pháirtí an Teach Bán a choimeád ar feadh glúine. Ach téadchleasaíocht atá i gceist anseo; tuigeann na ceannasaithe nach féidir leo an Teach Bán a bhaint

amach gan an dá eite a thabhairt leo – lucht tacaíochta Obama agus lucht tacaíochta Clinton.

Agus is í sin an cheist is mó atá ar bhéalaibh na gceannasaithe. Cibé iarrthóir a gheobhaidh ainmniúchán an pháirtí, an gcaithfidh lucht tacaíochta an iarrthóra eile vóta ar a s(h)on in aghaidh John McCain i dtoghchán na Samhna? Nó an scoiltfear vóta an pháirtí nó an scoilfear, b’fhéidir, an páirtí é féin? Dá scoiltfí, d’fhéadfadh sé dul chun sochair John McCain. Táthar ag tuar gurb í seo "bliain an bhua" ó thaobh na nDaonlathach de, ach ní chuirfinn McCain as an áireamh go dtí go bhfeicimid an dtabharfaidh na Daonlathaigh ar fad tacaíocht dá n-iarrthóir. Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.