Féachaimid anseo ar an mhéid a dfhéadfadh bheith i ndán do dhaoine éagsúla sa saol poiblí sa bhliain seo atá amach romhainn.
»»»Déanfaidh an tAire Oideachais Mary Hanafin tionscadal nua de chuid Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad a sheoladh ag tús na míosa seo a bhfuil sé mar aidhm aige cur ar chumas foghlaimeoirí fásta Gaeilge cáiliocht a bhaint amach ag a mbeidh aitheantas Eorpach. Labhair Caoimhe Ní Laighin le Stiúrthóir an ionaid, Anna Ní Ghallachair, faoin tionscadal seo agus faoin obair cheannródaíoch eile atá idir lámha aici féin agus ag a foireann.
»»»Tá Muireann Ní Bhrolcháin ar dhuine de na príomhdhaoine atá bainteach leis an fheachtas atá ar siúl le tamall anuas chun mótarbhealach an M3 a bhogadh níos faide ar shiúl ó Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin fheachtas seo agus na cinn eile a raibh sí bainteach leo cheana, faoin drochmheas atá aici ar pháirtí Fhianna Fáil agus faoina saol mar scoláire Sean-Ghaeilge.
»»»Tá go leor de phobal na Stát Aontaithe an-bhuartha faoi chúrsaí slándála agus níl ag éirí leis an Uachtarán Bush iad a chur ar a suaimhneas, dar le Brian Ó Broin.
»»»Déanann Ciara Nic Gabhann cur síos ar mhúsaem sna Stáit Aontaithe atá an-difriúil: dírítear ann ar shaothair ealaíne ainmnithe agus éan.
»»»Féachann Carmen Rodríguez ar an iarracht is déanaí atá ar bun ag polaiteoirí na Catalóine chun féinrialtas a bhaint amach don réigiún ón Spáinn.
»»»Nuair a thug Marcas de Faoite, ar tréidlia é san Astráil, cuairt ar Éirinn den chéad uair i 1994 ní raibh focal Gaeilge aige ach spreag an turas sin é le luí isteach ar fhoghlaim na teanga.
»»»Tá ionad cultúrtha in ómós don phíobaire Séamus Mac Aonghuasa lonnaithe san Aill, i gContae Átha Cliath, áit a mbíonn go leor ócáidí a bhaineann leis an gceol traidisiúnta agus rudaí eile nach é, ar bun. Labhair Antaine Ó Faracháin le stiúrthóir an ionaid, Seán Mac Philibín, le fáil amach go díreach céard a bhíonn ar siúl ann agus céard atá ar na bacáin don bhliain úr.
»»»Tá níos mó eolais le fáil faoi shaothar Phádraigín Ní Uallacháin ag: www.padraiginniuallachain.com
»»»Léiriú ab ea na círéibeacha ar thrá Cronulla san Astráil an mhí seo caite ar an gciníochas atá beo beathach san Astráil, dar le Dáithí Ó Colchúin .
»»»Míníonn Balor a bhfuil i ndán do mhuintir na hÉireann sa bhliain atá amach romhainn.
»»»Measann Breandán Delap nach mbeidh deacracht dá laghad ag Fianna Fáil fanacht i gceannas de bhrí go bhfuil an freasúra chomh lag sin.
»»»Tá an t-inneall cuardaigh Google ag scriosadh na cruthaitheachta, dar le Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Measann Dónall Ó Maolfabhailgo bhféadfadh sé dochar a dhéanamh don Ghaeilge béim a chur ar an teanga labhartha amháin sa churaclam scoile.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Cormac Ó hAodha, Oisín Seirbhísí Comhairle Teanga Teoranta, Cúil Aodha, Contae Chorcaí.
»»»Bhí Liz Curtis buíoch gur míníodh di roimh ré go bhfuil cuid de na héin ar Oileáin Farne in iarthuaisceart Shasana an-fhraochta ar fad!
»»»I mí na Samhna 2005, dfhoilsigh comhrialtas na linne sin in Éirinn Transport21, plean iompair phoiblí don deich mbliana ina dhiaidh sin. Sa tuairisc speisialta seo ó mhí na Nollag, 2015, féachann ár dtuairisceoir iompair, Pádraig Mac Éamoinn, siar ar chur i bhfeidhm an phlean le deich mbliana anuas.
»»»Tá imní ar na ceardchumainn go gcaillfear na mílte post i seirbhís phoiblí na Sé Chontae sna blianta atá romhainn, mar a mhíníonn Robert McMillen.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh ag súil go mór leis an tsraith nua de Laochra Gael, a chraolfar ar TG4 go luath.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ar ais ag obair i ndiaidh shaoire na Nollag.
»»»Chaith Cóilín Ó Floinn seachtain i nGaeltacht na hAlban an samhradh seo caite agus chuaigh an cultúr agus na daoine i bhfeidhm go mór air.
»»»Tá míbhuntáistí áirithe ag baint le Barcelona, dar le Máire Ní Chuagáin, ach meallann an chathair ar ais go minic í mar sin féin.
»»»Labhair Tony Birtill le bean de bhunadh Éireannach, Margaret McAdam, atá mar chuid deagraíocht atá ag iarraidh dul i ngleic leis an chiapadh ciníoch i Learpholl.
»»»D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.