AR NA SAOLTA SEO
Postanna i mbaol sa tseirbhís phoiblí
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

imní ar na ceardchumainn go gcaillfear na mílte post i seirbhís phoiblí na Sé Chontae sna blianta atá romhainn, mar a mhíníonn Robert McMillen.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Denis Donaldson: ina spiaire le blianta fada

An mhí seo caite, cuireadh mionsonraí an Review of Public Administration (RPA) faoi bhráid an phobail agus na meán. Mar is gnách, bhí an plé uilig chóir a bheith dírithe ar an mheá sheicteach, ar bhuaiteoirí agus chaillteoirí sa chluiche cumhachta idir náisiúnaithe agus aontachtaithe a leanfaidh an t-atheagrú ó bhun go barr ar an chóras rialtais áitiúil anseo.

Má bhí ábhar ar bith a thabharfadh faill do pholaiteoirí ó thuaidh dul i ngleic le “fíor-pholaitíocht”, thug an RPA an fhaill sin dóibh.

Ní nach ionadh, theip orthu é sin a dhéanamh.

Dar leis an Northern Ireland Public Service Alliance (NIPSA), an ceardchumann [is mó a n-imreoidh an RPA éifeacht ar a chuid ball, caillfear “na mílte post” mar thoradh ar an RPA.

“Is ionsaí fíochmhar é ar sheirbhísí pobail,” arsa Brian Campfield ón NIPSA. “Tá a fhios againn go mbeidh laghdú mór i líon na gcomhlachtaí poiblí, is cuma cén dearcadh atá agat ar na comhlachtaí poiblí sin. Is cinnte go ndéanfar cuid mhór daoine dífhostaithe mar thoradh ar an RPA.

“Caillfidh daoine atá ag obair faoi láthair a bpostanna agus ní bheidh an oiread céanna postanna ar fáil do dhaoine óga atá ag fágáil na scoile,” ar sé.

Ainneoin nár dhúirt aon duine gur cheart cloí leis an líon céanna comhairlí áitiúla(26), chuir gach páirtí béim ar an tábhacht a bhí le seirbhísí a bheith chomh logánta agus ab fhéidir.

Dar le Brian Campfield, is é an t-airgead agus a shábháil atá taobh thiar den RPA – ní iarracht é feabhas a chur ar sheirbhísí áitiúla. Tá sé maíte ag Rialtas na Breataine go sábhálfaidh an RPA £200 milliún agus measann an NIPSA go sábhálfar an t-airgead sin mar gheall ar chailliúint postanna.

Is iad na daoine atá i bpostanna cléireachais agus riaracháin, agus chan amháin na daoine sin i bpostanna sinsearacha, a bheas thíos leis.

Má bhíonn duine ag obair mar chléireach i rannóg airgeadais nó cheannaigh ar an Ómaigh, mar shampla, agus má bhogann na seirbhísí sin go dtí an Srath Ban, an mbeidh air bogadh beag beann ar na dualgais atá air sa bhaile, nó a phost a chailleadh? Beidh tionchar mór á imirt ag an RPA ar shaol an ghnáthdhuine ar fud na Sé Chontae.

Tá postanna á n-aistriú ón Státseirbhís go dtí earnálacha an rialtais áitiúil, an oideachais agus na sláinte. An mbeidh na coinníollacha ceannann céanna i bhfeidhm do na hoibrithe seo a bhogfaidh ó earnáil go hearnáil?

Más buncheisteanna iad seo do dhaoine aonair, tá ceist ollmhór á tógáil ag na ceardchumainn fosta.

Measann an NIPSA go dtabharfaidh an RPA faill don rialtas i bhfad níos mó den phríobháidiú a thabhairt isteach, go háirithe i gcúrsaí sláinte.

Tá sé molta go mbeadh aon Údarás Réigiúnda Straitéise amháin ann agus tá imní ar an cheardchumann go rachaidh an tÚdarás seo i muinín leithéidí PFI (Private Finance Initiatives). Faoi na bearta seo, díolann an rialtas “morgáiste” le comhlachtaí príobháideacha a thógann otharlanna nó scoileanna. Déanann na comhlachtaí príobháideacha seo na múrtha airgid agus is leo na foirgnimh a thógann siad! Caithfear £4bn in aghaidh na bliana ar thionscadail PFI go dtí 2012, ar chostais i bhfad níos airde ná mar a bheadh i gceist dá ndéanfaí na tionscadail seo a mhaoiniú ar an ghnáthdhóigh.

Ní nach ionadh go bhfuil na ceardchumainn míshásta.

Stormontgate

Níorbh fhéidir an colún seo a scríobh gan tagairt a dhéanamh do Stormontgate, an bronntanas Nollag is fearr le fada d’iriseoirí na tíre. Seo an seans anois acu bheith ina John Le Carré-anna agus rian den* film noir* a shníomh isteach ina gcuid scéalta.

teoiricí comhcheilge mar a bheadh spaghetti junction ann sna meáin agus gach ceann acu chomh hinchreidte lena chéile mar níl rud ar bith dochreidte anois i ndiaidh do Denis Donaldson a admháil gur spiaire ar son na Breataine a bhí ann.

Seanchara de chuid Gerry Adams agus Bobby Sands é Donaldson – bhí siad sa Cheis Fhada ag an am chéanna. Buille trom do ghluaiseacht na poblachta atá san admháil agus fios acu gur dócha gur “tip of the iceberg” atá ann. Ainmneofar spiairí eile sna míonna atá le theacht, gan amhras.

Maíonn poblachtánaigh gur plota de chuid an Bhrainse Speisialta leis an Fheidhmeannas ó thuaidh a scrios a bhí sa ruathar ar oifigí Shinn Féin i mí Dheireadh Fómhair 2002 agus go leor fianaise acu, dar leo.

Níl a fhios ag aontachtaithe cad é ba cheart dóibh a chreidbheáil. Tá an chuma ar Oifig Thuaisceart Éireann, Príomh-Aire na Breataine agus ar an Príomh-Chonstábla Hugh Orde nach bhfuil barúil acu cad é tá ag titim amach.

An é Bill Lowry, iarcheannaire an Bhrainse Speisialta, an t-aon duine amháin a bhfuil a fhios aige gach a mbaineann le Stormontgate?

Neosfaidh an aimsir.

Athbhliain faoi mhaise daoibh uilig.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.