AR NA SAOLTA SEO
Rialtas sotalach agus freasúra lag
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Measann Breandán Delap nach mbeidh deacracht dá laghad ag Fianna Fáil fanacht i gceannas de bhrí go bhfuil an freasúra chomh lag sin.

Íomhá
Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Pat Rabbitte
Íomhá
Ivor Callely: tugadh bóthar dó anuraidh
Íomhá
Ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny
Íomhá
An tAire Dlí agus Cirt Michael McDowell

Dúirt Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Pat Rabbitte, i ndiaidh an olltoghcháin dheireanaigh gurb é an chéad uair gur roghnaigh an pobal an freasúra a chur as oifig. Má leanann páirtithe an fhreasúra leis an chur chuige a bhí acu le scaitheamh tá an baol ann go gcuirfear as feidhm go hiomlán iad an chéad iarraidh eile. Éilíonn rialtas láidir freasúra láidir. Cé nach bhfuil siad in oifig, titeann cúraimí cinnireachta ar an fhreasúra chomh maith céanna leis an rialtas agus bíonn an toghlach ag brath orthu le stiúir éigin a thabhairt dóibh. Ach faraor géar níl pobal na hÉireann ag fáil na seirbhíse atá tuillte acu ó pháirtithe an fhreasúra faoi láthair – ná baol air. Cé is moite de thrí bliana i lár na nóchaidí, tá Fianna Fáil i rialtas le scór bliain anuas. Cén t-ionadh, mar sin, go bhfuil cuid acu ag éirí róshócúlach agus róshotalach? Tá ról faire ag an fhreasúra mar sin lena chinntiú nach ligeann an rialtas na maidí le sruth agus le brú a chur orthu éirí as oifig má bhíonn aon ní cam ar bun acu.

Bhí an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Ivor Callely, i measc iad siúd ar tugadh an bóthar dóibh anuraidh. Bhí sé olc go leor go raibh a chuid fostaithe ag baint na sála dá chéile ag dul amach an doras ach ansin rinne sé iarracht a Rúnaí Dáilcheantair a choinneáil trí charr a thairiscint dó. Cúpla lá ina dhiaidh sin, tháinig sé chun solais nár dhíol sé pingin as obair phéinteála a rinneadh ar a theach i dtús na nóchaidí, tráth a bhí sé ina Chathaoirleach ar Bhord Sláinte an Oirthir. Ní raibh an dara suí sa bhuaile aige ach éirí as a phost, cé go ndearna sé tréaniarracht a chur ina luí orainn nárbh amhlaidh a bhí. Bhí a gcéad taismeach faighte ag an fhreasúra. Nach maith iad! Sárobair, ach i bhfocail a gcéile comhraic, “Neart déanta, neart le déanamh go fóill.”

Shílfeá go mbeadh blas na fola ag na cúnna i ndiaidh plaic a bhaint as Callely, ach ní léir go raibh. Cúpla lá i ndiaidh dó éirí as, bhí deis iontach acu an craiceann is luachmhaire sa chomhaireacht a fheannadhan tAire Dlí is Cirt, Michael McDowell. Fágfaimid na ceisteanna faoi fhóirsteanacht Frank Connolly mar stiúrthóir ar an Centre for Public Inquiry (CPI) agus na líomhaintí gur thaistil sé chun na Colóime i dteannta baill shinsearaigh den IRA ar phas bréagach ar leataobh ar feadh bomaite. Is cinnte go bhfuil ceisteanna go leor le freagairt ag Connolly agus má tá dóthain fianaise ann gur bhris sé an dlí ba cheart é a chúiseamh. Ach bhain an tAire McDowell mí-úsáid as a phost agus thug sé droim láimhe do phrionsabal seanbhunaithe sa tír seo - go mbíonn duine neamhchiontach go dtí go gcruthaítear a mhalairt. Bhain sé leas as pribhléid na Dála le líomhaintí tromchúiseacha neamhchruthaithe a chur os comhair an tsaoil agus sceith sé eolas rúnda ó chomhad de chuid na nGardaí chuig cara leis – ní chuig na meáin i gcoitinne mar a maíodh ag an am – a bhíonn ag scríobh altanna moltacha faoi. Agus an freagra ó bhinsí an fhreasúra – ciúnas na reilige.

Ach an oiread le fiosrú dúnmharaithe bíonn tábhacht faoi leith ag baint leis an chéad cheithre huaire fichead in aon racán polaitiúil. Ach ar “Questions and Answers” ar RTÉ an oíche a tháinig an chonspóid chun tosaigh rinne urlabhraithe Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre prácás den scéal agus iad ag iarraidh an dá thrá a fhreastal. Bronnadh an dara deis orthu an mhaidin dár gcionn nuair a cháin Cathaoirleach an CPI, an t-iar-Bhreitheamh Fergus Flood, an tAire as a bheith ag sárú bunchearta daonna, ach arís eile tháinig faitíos ar an fhreasúra. Diomaite de Shinn Féin (nach mbeifeá ag dréim lena mhalairt uathu ar an cheist seo), níor éiligh aon pháirtí polaitiúil go n-éireodh Michael McDowell as oifig. Drochsheans go bhfaighfeá riamh an rud nach n-iarrann tú agus thug an tAire na cosa leis. Dá ngairfí olltoghchán amárach ní bheadh éifeacht dá laghad ag imeacht Ivor Callely ar an toradh. Ní hamlaidh a bheadh i gcás McDowell. Ach tá níos mó deiseanna curtha amú ag an fhreasúra i mbliana ná mar atá ag Peter Crouch. Agus an tátal atá le baint ó chonspóid Frank Connolly: sotal an rialtais agus laige an fhreasúra.

Borradh faoi Shinn Féin

Eagla roimh Shinn Féin is cionsiocair le go leor den mhí-éifeacht seo i mo thuairimse. Tá borradh faoin pháirtí faoi láthair agus bagairt dá réir ann do Fhianna Fáil agus don Lucht Oibre ach go háirithe. Seans gurb í sin an chúis ar tharraing an freasúra siar i gcás McDowell ar eagla go gcuirfí ina leith nach mbíonn siad láidir a dhóthain ina seasamh i leith coireanna poblachtánacha. Seans fosta gurb í sin an chúis nár chualathas gíog ná míog ón fhreasúra faoin scannal spíodóireachta i Stormont, a ba chúis le titim an rialtais ó thuaidh agus na n-institiúidí trasteorainn. Ach tá a bparanáia ag tabhairt stádais agus seasaimh faoi leith do Shinn Féin, nach dual do pháirtí nach bhfuil ach cúig shuíochán acu. Lena chois sin, mar gheall ar an síorcháineadh atá á dhéanamh ag an Aire McDowell orthu, tá an baol ann fosta go n-amharcfaí ar Shinn Féin mar an phríomhpháirtí freasúra. Rinne iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Ruairí Quinn, botún mór roimh an olltoghchán deireanach nuair a chuaigh sé in adharca le Gerry Adams i ndíospóireacht ar “The Late Late Show” faoi cé atá i gceannas ar an eite chlé in Éirinn. Bhí breis is scór suíochán ag an Lucht Oibre ag an am; ceann amháin a bhí ag Sinn Féin. Mar bharr ar an donas, ba é Adams a fuair an ceann is fearr sa díospóireacht agus d’éirigh go seoigh le Sinn Féin san olltoghchán.

Má leanann an freasúra lena bhfaitíos agus mura dtosaíonn siad ag treabhadh a ngort féin, beag beann ar Shinn Féin, tá an baol ann go dtiocfaidh an tuar fána dtairngreacht arís. Ach tá a gcuid fadhbanna féin ag Sinn Féin. Níl a gcuid Teachtaí Dála thar mholadh beirte agus bíonn an chosúlacht ar an scéal go gcuireann siad i gcoinne achan rud ar mhaithe le bheith ag cur i gcoinne. Cé nár éirigh leo an SDLP a chloí go hiomlán i dtoghcháin Westminster, ní léir go ndearna dúnmharú Robert McCartney nó robáil Bhanc an Tuaiscirt an oiread damáiste dóibh is a bhíothas ag tuar go ndéanfadh. Ach tá scáil an ghunnadóra ceangailte leo i dtólamh. Ní thiocfaidh aon leigheas air seo go dtí go mbeidh tréimhse caite i gcomhrialtas acu ach ní léir go dtarlóidh sé seo sa ghearrthréimhse.

Tá cur chuige an fhreasúra thar a bheith tur faoi láthair. Cáintear as éadan gach ní a dhéanann an rialtas agus ní thugtar breithiúnas meáite, tomhaiste ar a gcuid polasaithe riamh. Bíonn an chuma ar an scéal go ndéantar athchúrsáil ar a gcuid feirge agus go mbíonn siad “ag cóipeáil agus ag greamú” a gcuid briathra scáfara ó phreasráiteas amháin go preasráiteas eile. Ach ní bómáin iad an toghlach. Caithfear cúis mhaith a thabhairt dóibh vóta a chaitheamh i gcoinne an rialtais. Malairt físe atá de dhíth orthu. Tá a fhios agam nach n-aontóidh go leor de léitheoirí an cholúin seo le seasamh Enda Kenny i leith na Gaeilge éigeantaí ach ar a laghad bhí sé ag cur polasaí úr chun cinn nach bhfuil ag luí leis an status quo. Tá tuilleadh polasaithe nua ag teastáil, gidh go bhfuil súil agam go mbeidh siad níos siosmaidí ná an ceann áirithe sin. Agus gan muid ach bliain ó olltoghchán, bheifeá ag súil fán am seo go mbeadh próifíl láidir forbartha ag urlabhraithe sinsearacha pháirtithe an fhreasúra. Ach ba dheacair do chuid mhór den phobal ainm a chur ar chuid mhór díobh. Cuir ceist ort féin: cé atá ina urlabhraí talmhaíochta ag Fine Gael nó ina urlabhraí leasa shóisialaigh ag an Lucht Oibre? Siar go deireadh an ranga leat!

Glacaim leis nach bhfuil sé furasta ag an fhreasúra dul chun cinn a dhéanamh faoi láthair de thairbhe an fás as cuimse atá tagtha ar an gheilleagar le dornán blianta anuas. Ach mar sin féin, tá sé léirithe ag na meáin chumarsáide go bhfuil neart ábhair bhuartha ag an phobal faoi láthair. Ní háibhéil a rá gur mó i bhfad an dúshlán a thug Eddie Hobbs don rialtas i dtrí chlár teilifíse (“Rip-Off Ireland”) ná mar a thug trí phríomhpháirtí an fhreasúra le trí bliana anuas. Anuas air sin, ba iad na meáin réigiúnda, mar aon leis an Teachta neamhspleách Jerry Cowley, ba mhó a chur cás Cúigear Ros Dumhach chun tosaigh. Is amhlaidh an scéal i gcás go leor de na ceisteanna spairne eile le tamall anuas.

Drochbhliain ab ea 2005 don rialtas, idir PPARS, Monicagate, fadhbanna leanúnacha sna hAonaid Taismí agus Eigeandála, Jim McDaid ag tiomáint an treo contráilte faoi thionchar an óil, Conor Lenihan ag tabhairt “Kebabs” ar oibrithe ón Tuirc, srl. Ach in éagmais freasúra láidir, ní bheidh stró ar bith ar an rialtas fanacht in oifig. Tá dris chosáin amháin – an CPI - sáraithe acu cheana féin agus níl le déanamh anois ach féastrach a chur ar ghadhar faire Chorcaí an samhradh seo chugainn. Bliain chinniúnach í seo do Bhertie Ahern, a chinnteoidh cé acu an éireoidh leis a thríú téarma mar Thaoiseach a bhaint amach. Ach tá ar a laghad ceithre ábhar dóchais aige don bhliain úr: Fine Gael, An Lucht Oibre, Sinn Féin agus na Glasaigh.

Is clár-eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.