RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach . An mhí seo: ar ais ag obair i ndiaidh shaoire na Nollag.

Íomhá
Íomhá

An bhfuil beo leat i ndiaidh na Nollag?” arsa Fiachna le Diarmaid agus é ag foscailt dhoras na hoifige.

Ann ach é, a mhic,” arsa Diarmaid agus lean Fiachna isteach agus shuigh síos os comhair a ríomhaire

. “Bhuel, an dtug Santaí a dhath deas chugat?” arsa Fiachna.

Fan go bhfeice seo,” arsa Diarmaid agus tharraing gléas úr gleoite as a phóca.

Guthán póca úr?” arsa Fiachna.

Guthán póca! Níl ansin ach a leath. Glacann grianghrafanna, ar WAP, MP3 air, agus córas NAV,” arsa Diarmaid.

A Thiarna,” arsa Fiachna. “An itheann do chuid duit fosta?

Leis sin, tháinig beirt de chuid ban na hoifige isteach. “Bliain Úr mhaith,” a dúirt siad araon.

Go mbé daoibh,” arsa na fir.

Chím go bhfuair na fir breagáin úra,” arsa Aoife le hAingeal.

Coinneoidh sin ag dul iad,” arsa Aingeal.

Thug Aoife faoi deara gur chuir sin cineál puis ar Dhiarmaid.

Ó, Diarmaid ag éirí leanbaí,” ar sise, ach rinne aithreachas ansin agus chuaigh anonn chuige.

Cad é a fuair féin, a Dhiarmaid?” arsa Aoife agus thosaigh Diarmaid ar an an liodán céanna a bhí aige le Fiachna.

Tháinig ceo ar chuid súl Aoife agus dúirt gan spriolladh: “Chím. Nach méanar duit.”

Go hádhúil, tháinig Aonghus isteach agus bhí Aoife in ann éalú ó Dhiarmaid. Bhí Aonghus cinéal mall mar ba dhual agus raibh an dea-chuma air.

A Aonghuis, cad é mar a chuir isteach an Nollaig? Caithfidh gur stróic an tóin glan as. mar a bheadh fear ann a bhfuil a sheal ar shéala a bheith caite.

Thóg Aonghus a aghaidh tláithbhuí agus bhí a chuid súl sáite thiar ina cheann. raibh ann labhairt ach rinne iarracht de gháire beag agus chlaon a cheann mar fhreagra.

Shíl corrdhuine gur dóigh ghiorraisc a bhí ag Aonghus ach níorbh ea - bhí i gcónaí cineál coigilteach lena chuid focal.

Thuig Aoife gurbh fhearr gan a bheith ag ceastóireacht air agus thiontaigh ar Aingeal, nach bhfaca ó bhí roimh an Nollaig ann. Bhí Aingeal ina suí siar go sómasach agus aoibh an gháire uirthi. B’fhacthas d’Aoife go raibh cinéal buí fosta.

an chuma air go raibh Daidí na Nollag go maith duitse,” arsa Aoife.

Bhí,” arsa Aingeal.

An raibh ar shiúl amuigh udaí áit inteacht?” a d’fhiafraigh Aoife.

Barbados,” arsa Aingeal.

Níl chomh somheallta sin,” arsa Aoife, ach leis sin bheir an ghrian ar sheoda an fháinne a bhí ar lámh chlé Aingil. Thuig Aoife ar an toirt gur gealladh í. Rinneadh dearmad den Nollaig agus bhí an t-aer ramhar ag cuidcomhghairdeasna foirne.

Róise Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.