TEANGA AGUS CULTÚR
Seal i measc Ghaeil na hAlban
Cóilín Ó Floinn Cóilín Ó Floinn Cóilín Ó Floinn

Chaith Cóilín Ó Floinn seachtain i nGaeltacht na hAlban an samhradh seo caite agus chuaigh an cultúr agus na daoine i bhfeidhm go mór air.

Ag deireadh mhí Lúnasa, bhí sé d’ádh orm agus de phléisiúr agam freastal ar chúrsa i nGaeilge na hAlban ag Sabhal Mòr Ostaig (www.smo.uhi.ac.uk) in Oileán Sgitheanach, Alba. Ní gnáthchúrsa Gàidhlig a bhí sa chúrsa seo, ach cúrsa a bhí dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge na hÉireann ar a dtoil acu. Cé gur Éireannaigh uilig a bhí ar an chúrsa seo, ní raibh sé teoranta d’Éireannaigh amháin.

Reáchtálann Sabhal Mòr Ostaig cúrsa den chineál seo achan bhliain agus cuireann an eagraíocht Iomairt Cholm Cille (www.colmcille.net) scoláireachtaí, nó sparánachtaí mar a bheirtear orthu, ar fáil do thuairim is fiche duine. Eagraíocht í Iomairt Cholm Cille atá ag déanamh iarrachta nasc a chruthú idir Éirinn agus Albain trí theanga agus cultúr.

Mar a dúirt mé, bhí thart fá fiche duine as Éirinn ar an chúrsa, agus chuaigh cúigear againn anonn le chéile agus ó Ghaschú go dtí an tOileán Sgitheanach sa charr céanna. Bhí turas deas againn, cé nach bhfaca muid mórán leis an cheobháisteach a bhí ann ó thus go deireadh an lae sin. Sin ráite, líon na radhairc dhraíochtacha cheomhara ár súile i gcaitheamh na gcúig huaire a ghlac sé leis an oileán a bhaint amach. Deirtear gur measa an aimsir in Albain ná mar atá sí in Éirinn, agus chaithfinn a theacht leis an tuairim sin, ach nuair a bhí aimsir mheasartha ann bhí tírdhreacha galánta le feiceáil ón cheann thoir ó dheas den oileán, an áit a bhfuil an coláiste suite.

Bhí an t-ádh orm fosta go raibh cainteoir dúchais as Eilean Leodhais, Beathag Mhoireasdan, agam mar mhúinteoir. Bean í Beathag a bhfuil grá agus urraim aici dá teanga dhúchais. Tá scoith na Gaeilge ag Beathag fosta, a d’fhoghlaim sí thiar fá Dhún Chaoin, Co. Chiarraí.

I rith na seachtaine a chaith muid sa rang aici, thug Beathag léargas dúinn ar ghnásanna, stair agus staid Ghaeilge na hAlban. Bhain sí feidhm as comhrá, acsanna, scéalta agus amhráin le saibhreas na teanga a chur faoinár mbráid. D’fhoghlaim muid oiread is go raibh Gaeilge na hAlban á labhairt idir muintir na hÉireann féin fá dheireadh na seachtaine.

Cosúlachtaí

Níor ghlac sé i bhfad go bhfacthas na cosúlachtaí idir an dá chanúint. Ba mhinic a dúirt an rang, “Ó, tá an focal sin againne!” nó “ tá ciall eile againne leis an fhocal/bhriathar/abairt sin”. In amanna, bhí foghraíocht Ghaeilge na hAlban deacair ag muintir na hÉireann cionn is go bhfuil muid chomh cleachta le focla a rá i ndóigh amháin, ach cha raibh moill ar bith orainn a ghabháil i dtaithí ar chanúint na hAlban. Uaireanta, bhí buntáiste ag an té a raibh Gaeilge Uladh aige siocair go bhfuil cosúlachtaí móra idir an dá chanúint ó thaobh stór focal agus gramadaí de.

Thug an tseachtain a chaith mé in Oileán Sgitheanach deis iontach domh aithne a chur ar ár gcairde Gaelacha. Mar a dúirt fear amháin liom, bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair nach raibh aithne agat air go dtí sin. D’aithin muid na tréithe coitianta láithreach bonn.

Thug an rang cuairt ar iarsmalann áitiúil tráthnóna amháin, Iarsmalann na nOileán, nó *Taigh-tasgaidh nan Eilean *mar a bheirtear uirthi thall. Bhí na taispeántais san iarsmalann thar a bheith suimiúil agus iad lán eolais ar achan ghné de shaol agus stair an oileáin agus na tíre. Ní raibh le déanamh agat ach súil a chaitheamh ar chuid de na pictiúirí a bhí crochta ar na ballaí agus thuigfeá ar an toirt gur beag an difear atá idir cultúr an dá thír. Chífeá go furasta go dtáinig cultúr an dá thír as aon áit amháin.

Insíodh domh go bhfuil canúintí difriúla fríd Ghaeltacht na hAlban mar atá abhus anseo in Éirinn agus, ár ndálta féin, ní bhíonn mórán deacrachtaí acu ag tuigbhéail a chéile. Sa lá atá inniu ann, tá raidió agus teilifís acu fríd mheán na Gàidhlig agus tá sin ina chuidiú mór le hiad a thabhairt le chéile. Agus, le cois sin uilig, tá cúrsaí cosúil leis an chúrsa a rinne mé in Oileán Sgitheanach ag tabhairt na nGael, ó dhá thaobh an uisce, le chéile.

Déarfainn gur léir ónar scríobh mé anseo gur bhain mé sult mór as an chúrsa seo agus an seal a chaith mé i measc Ghaeil na hAlban. Mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil an tsuim is lú aige i dteanga agus cultúr na hAlban an cúrsa seo a dhéanamh. Idir chaint, cheol agus chraic, tá rud inteacht ann d’achan duine.

Is de shliocht Éireannach é Cóilín Ó Floinn agus rugadh é Nua-Eabhrac. Tá sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sé ag obair mar mhúinteoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.