TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Oisín Seirbhísí Comhairle Teanga Teoranta
Cormac Ó hAodha Cormac Ó hAodha Cormac Ó hAodha

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Cormac Ó hAodha, Oisín Seirbhísí Comhairle Teanga Teoranta, Cúil Aodha, Contae Chorcaí.

Íomhá
Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin in Oisín agus cén fhad atá tú sa phost?

Is mise an Stiúrthóir Bainistíochta ar Oisín Seirbhísí Comhairle Teanga Teoranta.

  1. Cathain a bunaíodh an comhlacht agus cé a bhunaigh é?

Cláraíodh an comhlacht leis an gCláraitheoir um Chuideachtaí i mBaile Átha Cliath ar an 8 Iúil, 2004. Mé féin a bhunaigh é agus tá oifigí cláraithe an chomhlachta i gCúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí, Co. Chorcaí.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Chun freastal ar éileamh a chreidimid atá ann agus atá ag fás. Theastaigh uainn go mbeadh na hoifigí bunaithe i gCúil Aodha, chun an geilleagar áitiúil a chothú agus fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú do dhaoine go bhfuil spéis acu a gcuid ama gairmiúil a chaitheamh in atmaisféar atá dúshlánach agus Gaelach.

Tá an cur chuige atá i gceist ag Oisín leagtha amach inár ráiteas misin: “Seirbhísí comhairleoireachta Gaeilge den chéad scoth a sholáthar a chuirfidh le sochaí in Éirinn atá iltheangach i ndáiríre”.

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe ag an gcomhlacht?

Tá triúr fostaithe san oifig go fóill agus timpeall 24 ag obair ar chonarthaí éagsúla, ag tacú le soláthar seirbhísí comhairle agus aistriúcháin.

  1. Cén obair a dhéanann sibh ó lá go lá?

Deinimid obair éagsúil ó lá go lá. Bíonn méid áirithe aistriúcháin agus profála le déanamh ag an bhfoireann in Oisín, ag comhlíonadh ár dtaobhna de chonarthaí móra, bíonn forbairt le déanamh ar thionscadail ghearrthéarmacha agus ar thionscadail atá á bhforbairt go hinmheánach ag eagraíochtaí. Bíonn obair aistriúcháin ag teacht isteach ónár n-aistritheoirí go rialta agus deintear profáil ar an ábhar sin mar chéim thabhachtach i rialú caighdeáin.

feachtas margaíochta faoi lán tseoil i láthair na huaire againn agus bíonn feidhmiú an fheachtais sin á chur chun cinn agus á mheasúnú ag an bhfoireann ar bhonn leanúnach.

Cuirtear an fhoireann ar chúrsaí oiliúna ó am go ham le cumas iomlán an chomhlachta a fhorbairt agus [a fheabhsú].

  1. Cad iad na foinsí maoinithe atá ag an gcomhlacht? An leor iad?

Is leor go fóill. Tagann maoiniú an chomhlachta ón méid a thuilleann an gnó óna sheirbhísí comhairleoireachta teanga agus aistriúcháin. Tá conarthaí ag Oisín le roinnt eagraíochtaí poiblí atá socraithe thar tréimhsí bliana, dhá bhliain agus níos faide fiú. Tugann sé seo seasmhacht don chomhlacht maidir le sreabhadh airgid agus pleanáil straitéiseach.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Tá roinnt acu bainte amach agus cuid eile acu atá ag brath ar nithe éagsúla le go mbeadh a gcur i gcrích indéanta. Cosúil le haon liosta “le déanamh”, éiríonn leat a bhformhór a bhaint amach agus na cinn eile bíonn ort iad a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad liosta eile. Táimid dóchasach, áfach, go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh againn i ngach gné den mhargadh atá ann agus, i gcomhpháirt lenar gcliaint, go bhfuilimid chun cinn le seirbhísí nua a aithint agus a fhorbairt sa mhargadh eascarthach seo.

Táimid an-sásta go bhfuil sprioc an-mhór amháin curtha i gcrích againn: Is féidir le haon duine ar mian leis ár suíomh gréasáin d’fheiscint ag an seoladh www.oisin.ie.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le hOisín?

Tá oifigí Oisín lonnaithe i gcroílár Ghaeltacht Mhúscraí i gContae Chorcaí. Fostaímid comhairleoirí agus aistritheoirí den scoth a chreideann i dtábhacht a gcuid oibre. Tá tuiscint mhaith againn ar an margadh, ar an reachtaíocht a bhaineann leis na heagrais phoiblí, agus na dualgais agus na freagrachtaí atá anois ar na heagrais phoiblí seo in Éirinn.

Dúshlán ar leith a bhíonn le sárú ag comhlachtaí nua ar nós Oisín ná a chur ina luí ar eagrais mhóra atá seanbhunaithe go bhfuil buntáistí ag baint leis an gcomhlacht beag a roghnú. Ní gá go mbeadh buiséid ollmhóra ag soláthraí ag an tús. Má tá saintuiscint agus saineolas luachmhar ag comhlacht tiocfaidh an critical mass de réir a chéile a theastaíonn le méadú.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Oisín faoi cheann cúig bliana.

Go mbeadh 30 duine fostaithe go lánaimseartha ag an gcomhlacht agus 70 duine eile ar chonarthaí éagsúla páirtaimseartha. Go mbeadh láimhdeachas de €5 milliún ag an gcomhlacht faoi dheireadh na bliana 2010. Go mbeadh páirtnéireachtaí straitéiseacha bunaithe ag Oisín le comhlachtaí proifisiúnta comhairleoireachta teanga sa Bhreatain Bheag, Alba, an Bhriotáin, Tír na mBascach, an Ghailéis, an Eilvéis agus Ceanada.

  1. Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?

Go n-éireodh muintir na hÉireann níos mórtasaí as a gcumas breis agus teanga amháin a thabhairt leo, as a bhféiniúlacht Ghaelach, idir chultúr agus teanga, i measc thíortha an Aontais Eorpaigh agus an domhain trí chéile ach go mórmhór sa bhaile in Éirinn i ngach gné dá sochaí féin. Go bhfeabhsófaí ó bhonn múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais. Go mbeidh ní hamháin cumas ach fonn labhartha Gaeilge mar ghnáthnós ag Uachtarán na hÉireann agus ag polaiteoirí i gcoitinne. Go gcuirfí deireadh leis an gciúnas díobhálach, marfach i leith na teanga. Go leanfaí le dul chun cinn geilleagrach na tíre ar fad go cothrom ar fud an oileáin agus go mbeadh an Ghaeilge mar chuid lárnach den bhféiniúlacht nua – go mbeadh tír rachmasach, chothrom, chróga, chruthaitheach, nua-aimseartha agus Ghaelach i gceist.

Oisín, Seirbhísí Pleanála agus Comhairle Teanga, Cúil Aodha, Maigh Chromtha, Contae Chorcaí

Teil: (026) 45444 Faics: (026) 45412 post@oisin.ie; www.oisin.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.