Déanfaidh an tAire Oideachais Mary Hanafin tionscadal nua de chuid Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad a sheoladh ag tús na míosa seo a bhfuil sé mar aidhm aige cur ar chumas foghlaimeoirí fásta Gaeilge cáiliocht a bhaint amach ag a mbeidh aitheantas Eorpach. Labhair Caoimhe Ní Laighin le Stiúrthóir an ionaid, Anna Ní Ghallachair, faoin tionscadal seo agus faoin obair cheannródaíoch eile atá idir lámha aici féin agus ag a foireann.
»»»Ceapadh Maebh Ní Fhallúin, bean óg as Cill Dara, mar bhainisteoir ar Raidió na Life i mí Mheán Fómhair. Labhair sí le Cóilín Ó Floinn faoina saol roimhe sin agus faoin mhéid ba mhaith léi a bhaint amach sa stáisiún sna blianta atá romhainn.
»»»Chuir na scéalta i leabhar nua Frank McCourt, Teacher Man, eachtra ghreannmhar a thit amach ina sheomra ranga féin i gcuimhne dó Tom Deignan.
»»»Féachann Ciara Nic Gabhann ar an tslí a bhfuiltear tar éis Daidí na Nollag a léiriú ó bhí tús an naoú haois déag ann.
»»»Níl Yolanta Kruk ag foghlaim Gaeilge ach le cúpla bliain ach tá an-líofacht bainte amach aici, a bhuíochas sin ar mhúinteoir den scoth agus áiseanna iontacha idirlín.
»»»Tá Máire Ní Bheaglaoich tar éis DVD dar teideal Máire Begley’s Kerry Christmas: Christmas Songs, Music and Memories from the West Kerry Gaeltacht agus dlúthdhiosca amhránaíochta dar teideal Rogha Mháire Begley a sheoladh le déanaí. Labhair Antaine Ó Faracháin léi faoin dá dhiosca nua seo.
»»»Níl mórán trua ag formhór na nAstrálach do Nguyen Tuong Van, an fear óg atá daortha chun báis i Singapore, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Insíonn Balor dúinn go heisiach anseo cad iad na bronntanais Nollag atá ceannaithe aige do chuid den dream a bhí i mbéal an phobail i rith na bliana seo.
»»»Chuir sé iontas ar Bhreandán Delap an méid Éireannach a bhí ag siopadóireacht i Nua-Eabhrac nuair a bhí sé ansin ag an Nollaig anuraidh. Léiriú eile é seo, dar leis, ar an tslí a bhfuil na hÉireannaigh ag dul thar fóir ag caitheamh airgid gan smaoineamh ar na himpleachtaí fadtéarmacha.
»»»Tá an t-inneall cuardaigh Google ag scriosadh na cruthaitheachta, dar le Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Measann Dónall Ó Maolfabhailgo bhféadfadh sé dochar a dhéanamh don Ghaeilge béim a chur ar an teanga labhartha amháin sa churaclam scoile.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Pól Deeds, An Droichead (ionad Gaeilge), Béal Feirste.
»»»Bhí Liz Curtis i láthair ag ceolchoirm a thug amhránaithe salm as Albain i mBéal Feirste an mhí seo caite agus bhain sí féin agus an slua mór a bhí ansin an-sult as an ócáid.
»»»Cuirfidh moltaí Státrúnaí Thuaisceart Éireann maidir leis an chóras rialtais áitiúil iachall ar pholaiteoirí ón dá thaobh bheith ag obair as lámh a chéile agus tá Robert McMillen dóchasach go mbeidh tionchar dearfach aige seo ar chúrsaí polaitíochta go fadtéarmach.
»»»Tugann Colm Mac Séalaigh a chuid tuairimí maidir le himeacht tobann Roy Keane of Manchester United an mhí seo caite.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag brath ciontach aimsir na Nollag.
»»»Chaith Cóilín Ó Floinn seachtain i nGaeltacht na hAlban an samhradh seo caite agus chuaigh an cultúr agus na daoine i bhfeidhm go mór air.
»»»Chaith Máire Ní Chuagáin lá i bPáirceanna Flanders sa Bheilg agus chuaigh an méid a chonaic sí agus a chuala sí i bhfeidhm go mór uirthi.
»»»Chas Tony Birtill le fear an-ait agus é amuigh ag siúl i Cheshire le gairid agus fuair sé amach ina dhiaidh sin gur duine a bhí ann atá an-tugtha don fhoréigean.
»»»D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.