THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
Caifí agus cultúr i mBarcelona
Máire Ní Chuagáin Máire Ní Chuagáin

míbhuntáistí áirithe ag baint le Barcelona, dar le Máire Ní Chuagáin, ach meallann an chathair ar ais go minic í mar sin féin.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Thug mé mo chúigiú cuairt ar Barcelona mí Lúnasa seo caite. Ós rud é go bhfuil dlúthchara de mo chuid ina cónaí thall, bíonn leithscéal agam le cuairt a thabhairt ar phríomhchathair na Catalóine go minic. An chéad uair ar thug mé cuairt uirthi, sa bhliain 2000, bhí mé tógtha go leor leis an méid a bhí á thairscint ag an gcathair – an fharraige, na foirgnimh, ealaín Gaudi agus Picasso, an t-ól go maidin agus an rogha leathan bia agus dí. Thuig mé gur fhadhb í an mhionchoireacht an uair sin, agus is cinnte go bhfuil an fhadhb sin imithe in olcas le cúpla bliain anuas. Is iomaí scéal a chloiseann tú faoi mhálaí bheith goidte, go háirithe ar an Meitreo. Níl aon amhras faoi: ní mór duit bheith ar d’airdeall sa chathair. Bíonn go leor graffiti agus bruscair timpeall agus bíonn boladh bréan ann go minic mar gheall ar an seanchóras séarachais.

Ach d’ainneoin seo ar fad, tá Barcelona ar cheann de na cinn scríbe is mó éileamh san Eoraip faoi láthair. In ainneoin an bhruscair, an bholaidh agus na coireachta, titeann daoine i ngrá leis an gcathair seo. D’imigh mo chara ansin ar feadh seachtaine saoire agus, mí ina dhiaidh sin, d’fhill sí le cur fúithi sa chathair. Sin dhá bhliain ó shin agus tá sí ann fós.

Tá go leor ceantar difriúil sa chathair. Is dócha gurb iad na cinn is cáiliúla i measc turasóirí ná an Barrio Gotico agus La Rambla, siúlóid mhór fhada a théann síos chuig an bhfarraige. Bíonn siamsóirí sráide, ealaíontóirí, agus stainíní bláthanna, nuachtán agus eán le feiceáil ar La Rambla. Is seancheantar é an Gotico a bhfuil sráideanna cúnga ann – tá sé ró-éasca dul ar strae ansin! – go leor siopaí agus beár, agus tá atmaisféar ar leith ann. Ansin, ar ndóigh, tá an trá agus an fharraige, nach bhfuil, faraor, róghlan in aon chor, ach mar dhuine a tógadh cois farraige, taitníonn sé i gcónaí liom bheith gar di. Bíonn na ceantar seo craiceáilte istoíche – is cosúil go dtugann na turasóirí ar fad aghaidh ar La Rambla. Amanna, bíonn sé gránna go leor leis an meascán de thurasóirí ar meisce, striapacha agus gadaithe.

D’íocfá praghas níos airde ar chaife nó béile thart ar La Rambla agus an Gotico nó i gceantair áirithe eile. Mar gheall air seo, agus ar chúiseanna eile, is fearr liom na ceantair seo a sheachaint den chuid is mó. Caithim féin agus mo chara go leor ama sa Borne, ceantar a bhfuil rogha leathan beár tapas agus caifí ann, agus ina bhfuil atmaisféar níos réchúisí ná mar atá sa Gotico. Píosa níos faide amach ón gcathair tá Gracia, barrio atá iontach réchúiseach ach beomhar ag an am céanna, agus atá thar cionn mar áit le ceol beo a chloisteáil agus gloine sangria a ól.

An dátheangachas

Tá gach uile rud i mBarcelona dátheangach, agus tús áite tugtha don Chatalóinis go minic. Minic go leor, labhrófar Béarla leat seachas an Spáinnis. Mar dhuine a labhraíonn Gaeilge i mBaile Átha Cliath, cuirim i gcónaí spéis sna polasaithe dátheangacha i gcathracha éagsúla na hEorpa. Níl ceist dá laghad faoi stádas na teanga i gceantar na Catalóine agus ní bheidh go deo.

Toisc mé a bheith ann chomh minic sin, ní dhéanaim mórán i mBarcelona anois seachas caife a ól, tapas a ithe, siopadóireacht fuinneoige a dhéanamh nó gloine fíona a ól. Tá na háiteanna mór le rá ar fad feicthe agam faoin am seo: saothar Gaudi, an Sagrada Familia agus Parc Guell, iarsmalann Picasso, agus Montjuïc. Ó am go chéile, tógaim an traein amach go Sitges, príomhchathair aerach na hEorpa (de réir dealraimh!) agus áit ina bhfuil trá fhíorálainn.

Is aoibhinn liom bheith ag spaisteoireacht timpeall na cathrach, ag stopadh i gcorrchaife, agus ag dul ar strae sna sráideanna beaga cúnga – is cuma cén treo a théann tú, tiocfaidh tú ar La Rambla gan teip i gcónaí ag an deireadh! Is cultúr ann féin é an caife i mBarcelona; caitheann daoine an-chuid ama ina suí ag ól caife agus ag comhrá. Ní dóigh liom go bhfuil an cultúr céanna againne anseo in Éirinn – anseo, téann daoine chuig an teach tábhairne chun comhrá a dhéanamh. (Ar ndóigh, tá an aimsir an-tábhachtach sa scéal seo ar fad!)

Is féidir caife deas a fháil ar €1.20, agus lón breá bheith agat ar thart ar €5. Níl aon amhras faoi: tá costas an bhia agus na dí i bhfad níos ísle sa Spáinn ná mar atá in Éirinn. Ar ndóigh, má fhanann tú ar na príomhshlite turasóireachta gearrfar táille níos airde ort. Ach ní gá é seo a dhéanamh i mBarcelona - tá neart roghanna eile ann.

Cosnaíonn ticéad deich dturas ar an Meitreo €6.40 – an praghas céanna atá ar thicéad fillte idir na Clocha Liatha agus Baile Átha Cliath. Stopann an Meitreo ag a dó a chlog ar maidin ag an deireadh seachtaine agus tosaíonn sé arís ag a cúig. Ní théann daoine amach go dtí a haon a chlog ar maidin den chuid is mó agus fanann siad amuigh go dtí a seacht nó a hocht – ciallaíonn sé sin gur féidir leat an Meitreo a fháil amach agus é a fháil abhaile freisin! Agus tá busanna oíche ann chomh maith ar eagla go gcaillfeá an Meitreo!

Ceapaim gurb é an rud is fearr liom faoi Barcelona ná chomh héasca agus chomh réchúiseach is atá an saol ann. Ní bhíonn deifir ar éinne. Tá córas iompair iontach ann, praghsanna réasúnta agus rogha leathan bia, dí agus gníomhaíochtaí. Is dócha gur sin iad na cúiseanna go meallann an chathair seo na mílte cuairteoir gach mí. Cinnte, tá coireacht agus bruscar ann – ach, chomh maith leis sin, tá cultúr agus go leor leor caifí ann!

Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin. Bhain sí céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus chaith sí dhá bhliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin. Chaith sí tréimhse ag obair go deonach san Afraic i mbliana agus tá sí ar ais sa bhaile arís anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.