AR NA SAOLTA SEO
Caitheamh rábach na nÉireannach
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Chuir sé iontas ar Bhreandán Delap an méid Éireannach a bhí ag siopadóireacht i Nua-Eabhrac nuair a bhí sé ansin ag an Nollaig anuraidh. Léiriú eile é seo, dar leis, ar an tslí a bhfuil na hÉireannaigh ag dul thar fóir ag caitheamh airgid gan smaoineamh ar na himpleachtaí fadtéarmacha.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Bhí tráth ann nuair a dúradh faoi phobal na tíre seo go raibh a fhios againn an praghas a bhí ar achan rud ach nach raibh a fhios againn an luach a bhí ar thada. Dealraíonn sé anois, áfach, go bhfuil go leor againn nach dtuigeann an praghas ná an luach atá ar rud ar bith. Coincheap coimhthíoch é cobhsaíocht airgeadais in Éirinn na linne seo. San áit go raibh ár sinsear barainneach, tá muidine ag díomailt airgid go rábach. Tá cultúr baothchaithimh ann agus an chosúlacht ar an scéal go síleann muid nach dtiocfaidh deireadh leis an rathúnas choíche.

Tharla go raibh mé i Nua-Eabhrac i dtrátha an ama seo anuraidh. Mar a bheifeá ag súil, bhí na sráideanna dubh le daoine ó achan chearn den domhan. Ach bhí blas amháin i bhfad ní ba choitianta ná aon cheann eile – blas na hÉireann. Bhí sé le cluinstean i mBloomingdales, i Macys agus ó cheann ceann 5th Avenue. Bhí an leabhar *So New York *le hAngela Phelan – lámhleabhar siopadóireachta d’Éireannaigh - ar bharr na liostaí leabhar ba mhó díol sa tír seo ar feadh cúpla mí anuraidh go fiú. I mbliana, meastar go n-eitleoidh breis is 100,000 duine as Éirinn go Nua-Eabhrac thar tréimhse na Nollag. Deir Aer Lingus gur cuireadh go leor de na suíocháin seo in áirithe sa chéad trí mhí de 2005, rud a léiríonn go raibh sé socraithe i bhfad siar ag daoine gur i Nua-Eabhrac a dhéanfadh siad siopadóireacht na Nollag.

Tá na turais siopadóireachta seo ag teacht le gáirsiúlacht an Tíogair Cheiltigh. Tá an tír faoi gheasa ag an ábharachas agus tá an tsiopadóireacht ar cheann de na caithimh aimsire is ansa linn. Fiú is go bhfuil luach an dollair thar a bheith íseal faoi láthair – is fiú $1.17 an euro – ní rachfá go Nua-Eabhrac ar mhaithe le hairgead a choigilt fé mar a théití go Baile an Chláir i gContae Ard Mhacha san am a chuaigh thart. Ní bhfaighfeá seomra i Manhattan ar níos lú ná $200 san oíche agus dhíolfá idir $80-$100 ar thacsaí ón aerfort go lár na cathrach. Anuas air sin, tá an bheatha daor agus ní mór síntiús agus cáin a íoc ar bheagnach achan bheart gnó. Ní ar mhaithe le sladmhargaí a fháil mar sin a bheas na céadta míle Éireannach ag tarraingt ar Nua-Eabhrac an Nollaig seo.

Siombail phaiteanta é an nós seo de na luachanna úra atá i réim sa tír. Cúig bliana déag ó shin, b’iomaí deoir a sileadh in aerfoirt na tíre i ndiaidh na Nollag nuair a bhíodh ar na mílte Éireannach pilleadh ar an deoraíocht. Dá ndéarfá ag an am sin gur gearr go mbeadh muid ag dul go Meiriceá gach bliain le siopadóireacht na Nollag a dhéanamh, is dócha ná a mhalairt go mbeadh daoine ag moladh go gcuirfí i dteach na ngealt thú.

Ach ní gá gur cruthúntas iad na turais seo go bhfuil an tír lofa le hairgead. Is é fírinne an scéil ná go bhfuil muid báite i bhfiacha.

Is beag duine anois nach bhfuil ceangal airgeadais éigin air, bíodh sé ina rótharraingt, iasacht phearsanta, iasacht ón Chomhar Creidmheasaiasacht fruilcheannaigh. Tá an dearcadh ann go dtig linn ceannach anois agus íoc níos déanaí. Ach tá fianaise ann go bhfuil muid ag ligean dár bhfiacha imeacht ó smacht. Meastar gurb é an meánchóimheas a bheas idir ioncaim agus fiacha in Éirinn an bhliain seo chugainn ná 140%. I bhfocail eile, d’achan €10,000 a thuilleann muid, caitheann muid €14,000. Meastar go n-ardóidh an figiúir seo go €16,000 faoin bhliain 2008 agus tá Banc Ceannais na hÉireann ag tuar gur gearr go mbeidh muid ar bharr na sraithe Eorpaí don chóimheas seo.

Anuas air sin, tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag lorg cabhrach ón tSeirbhís um Chomhairle Airgid agus Buiséadaithe (MABS), foras stáit a bunaíodh i 1992 le teacht i gcomhar ar dhaoine a bhfuil fiacha troma orthu. Bhain breis is 30,000 duine leas as an tseirbhís anuraidh, méadú mór ar an líon de 18,000 a bhain úsáid aisti ceithre bliana ó shin. Is é an rud is scanrúla faoin bhorradh seo, áfach, ná go measann MABS go raibh breis is 60% de na daoine a chuaigh i dteagmháil leo dífhostaithe nó ag saothrú ioncam íseal. Thig le hathruithe i gcúinsí pearsanta duine a chuid caiteachais a chur bun os cionn agus tá sé rífhurasta airgead a fháil ar cairde, bíodh sé ó na hinstitiúidí airgeadais nó ó iasachtóirí neamhscrupallacha na cúlsráide.

Morgáistí ollmhóra

Ar an drochuair, is minic nach mbíonn muid réalaíoch faoinár gcostais mhaireachtála agus is fíorannamh a chuirtear suim airgid ar leataobh d’éigeandálaí. Tá sé seo le feiceáil go háirithe sna morgáistí ollmhóra atá againn. I mí an Mhárta amháin, mar shampla, tugadh iasachtaí de €1.5bn do dhaoine a bhí ag ceannach tithe in Éirinn. Fáinne fí atá ann. De bharr go bhfuil luach as cuimse ar thithe sa tír seo níl dóigh ar bith go dtiocfadh leat ceann a cheannach gan iasacht mhór a fháil. Ach, arís, is minic a thagann athrú ar do chúinsí pearsanta i rith théarma na hiasachta. D’fhéadfadh sé go gcaillfeá do phost, mar shampla, nó go mbuailfí le tinneas tú. Bíonn rogha le déanamh ag lanúin nuair a bheirtear a gcéad leanbh cé acu an bhfuil siad sásta €800 sa mhí a dhíol le haghaidh cúram leanaí nó an mbeidh siad ábalta maireachtáil ar an teacht isteach ó ioncam amháin.

Buille trom, mar sin, do go leor daoine ab ea cinneadh Bhanc Ceannais na hEorpa (ECB) go dtiocfadh méadú de 0.25% ar rátaí úis i dtús na míosa seo. Ba é seo an chéad mhéadú a tháinig ar rátaí morgáistí in Éirinn le cúig bliana anuas. Is ionann an méadú seo agus €27 sa bhreis a íoc gach mí ar mhorgáiste de €100,000 nó €81 sa mhí ar mhorgáiste de €300,000 - an meánmhéid a thógtar ar iasacht le teach a cheannach i mBaile Átha Cliath. Bhí daoine breá sásta iasachtaí móra a ghlacadh bunaithe ar rátaí ísle úis ach anois is baolach nach mbeidh sé d’acmhainn ag cuid acu a gcuid aisíocaíochtaí a dhéanamh. De réir taighde atá déanta ag Banc an IIB agus an ESRI meastar go mbeidh deacrachtaí ag breis is 50,000 úinéir tí cloí lena gcuid aisíocaíochtaí mar gheall ar an mhéadú beag atá tagtha ar rátaí úis. Fadhb ollmhór a bheas ann amach anseo má chuireann an ECB leis an mhéadú seo agus má ardaíonn rátaí úis na tíre seo go 3%, fé mar atá á thuar ag go leor eacnamaithe.

Ábhar imní eile sa tír seo ná go mbaineann muid a dhá oiread níos mó úsáide as cártaí creidmheasa (agus rátaí úis chomh hard le 18.9% ar chuid acu) ná cártaí laser nach ngearrann ach táille bheag ó tharla go bhfuil an t-airgead i do chuntas cheana féin. Ní bhíonn drogall ar bhainc áirithe cur le do theorainn chreidmheasa gan do chumas aisíoctha a chur san áireamh. Fáinne fí eile é seo do go leor daoine. Is minic a bhaintear úsáid as an dara cárta creidmheasa chun fiacha an chéad chárta a íoc. É sin nó iasacht phearsanta a fháil ón bhanc leis na fiacha creidmheasa a ghlanadh. Ní bhíonn leigheas ar fhiacha is cosúil ach tuilleadh fiacha.

Ach níl aon chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh maolú ar an chaitheamh rábach an Nollaig seo. De réir tuarascála a d’eisigh an comhlacht Deloitte le gairid, beidh pobal na hÉireann ag caitheamh ar an mheán 8% níos mó thar thréimhse na Nollag ná mar a caitheadh anuraidh. Tá an céatadán seo i bhfad níos airde ná an ráta boilscithe de 3%. Deir an tuarascáil gur eisceacht í an tír seo i measc thíortha na hEorpa mar go bhfuil sé i gceist níos lú airgid ná anuraidh a chaitheamh iontu siúd. Agus an chomhairle atá ag Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann do shiopadóirí na Nollag: ná ceannaigh aon ní nach bhfuil tú in acmhainn díol as, go háirithe má bhíonn ort dul i muinín iasachta agus mura dtuigeann tú go díreach na coinníollacha a bhaineann leis an iasacht sin nó cé mhéad a bheas le haisíoc.

Ábhar machnaimh cinnte dóibh siúd a bheas ag tarraingt ar boutiques galánta Nua-Eabhrac an Nollaig seo.

Is clár-eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.