Cuirfidh moltaí Státrúnaí Thuaisceart Éireann maidir leis an chóras rialtais áitiúil iachall ar pholaiteoirí ón dá thaobh bheith ag obair as lámh a chéile agus tá Robert McMillen dóchasach go mbeidh tionchar dearfach aige seo ar chúrsaí polaitíochta go fadtéarmach.
RPA tá sé cosúil le IRA agus i súile aontachtacha, dfhéadfadh an dá shraith litreacha bheith chomh contúirteach lena chéile. Leoga, bfhéidir go gcuirfeadh an chéad cheann i gcrích an cuspóir nach dtiocfadh leis an dara ceann a chur i gcrích.
Tá impleachtaí móra ag baint le cur i bhfeidhm an Review of Public Administration ar dhá leibhéal, leibhéal cheist an bhunreachta agus leibhéal an ghnáthshaoránaigh. An mhí seo caite, dfhógair Státrúnaí an Tuaiscirt, Peter Hain, go scorfaí an córas rialtais áitiúil a bhí i bhfeidhm sna Sé Chontae ó bhí 1973 ann.
In áit na 26 comhairle áitiúil, beidh seacht gcinn ann; in ionad na gceithre Bhord Sláinte agus Leasa Shóisialaigh, beidh Údarás Straitéiseach amháin ann; beidh údarás amháin oideachais ann a dhéanfaidh obair na gcúig Bhord Oideachais agus Leabharlann atá ann faoi láthair.
An cheist bhunreachtúil. Níor chuir sé iontas ar aon duine gurb é Sinn Féin an t-aon pháirtí amháin a bhí i bhfách le gearradh siar ar líon na gcomhairlí áitiúla ó 26 go 7 seachas Francie Molloy, ar ndóigh.
Ciallaíonn sé go mbeidh trí mhórchomhairle náisiúnacha taobh thiar dabhainn an Bhanna agus trí cinn aontachtach san oirthear. Tá na haontachtaithe á mbrú isteach i dtrí mhórcheantar in oirthear na Sé Chontae.
Tá focla nár chuala muid le fada ag teacht ar ais: claonroinnt, cuntas seicteach cloigne, ath-chríochdheighilt. Ach an iarraidh seo, is iad na haontachtaithe atá ag gearán.
Tá siad ag tuar má bhíonn trí mhórchomhairle náisiúnacha in iarthar na Sé Chontae, go mbeidh na comhairlí sin ábalta an comhoibriú trasteorann a chur chun tosaigh diaidh ar ndiaidh agus gur Éire Aontaithe de facto a bheas ann dá bharr roimh i bhfad.
Fiú dá mbeadh córas dHondt i bhfeidhm, measann aontachtaithe nach mbeadh siad in ann tionchar mór a bheith acu ina éadan seo.
Sílim go bhfuil an ceart acu.
Ar an taobh eile den scéal, bfhéidir go bhfeicfeadh siad gur lena leas a bheadh an comhoibriú seo, go mbeadh buntáistí geilleagracha, sóisialta agus cultúrtha ag baint le teagmháil a dhéanamh leis an taobh ó dheas den teorainn.
Bfhéidir go bhfeicfeadh siad nach diabhail iad na Free Staters seo agus go bhféadfaí bheith ag comhoibriú leo ar mhaithe lena lucht tacaíochta féin.
Is í an teagmháil phearsanta agus meas a bheith ag daoine ar a chéile na gnéithe is tábhachtaí san obair seo.
Coimhlintí
Bhí alt an-suimiúil ag Maurice Hayes, iar-Fhear an Phobail ó thuaidh ar an Irish Independent an mhí seo caite.
Scríobh sé go gcothódh an córas úr coimhlintí sna mórchomhairlí seo ar chomhdhlúthú iad de na comhairlí atá ann faoi láthair.
Is as Contae an Dúin é Maurice, agus luaigh sé an ceantar ar a fhreastalaíonn Comhairle Cheantar an Dúin. Is ceantar náisiúnach den chuid is mó é arb iad na cluichí Gaelacha an spórt is mó ráchairte ann, agus ina roinntear an chumhacht sa chomhairle áitiúil.
Sa chóras úr, beidh Comhairle Cheantar an Dúin mar chuid de cheann de na mórchomhairlí úra i dteannta Chomhairle Chaisleán Riabhaigh ar a bhfuil an DUP i gceannas. Is ceantar é seo nach roinntear an chumhacht ann, ina bhfuil bratach an Aontais ar foluain os cionn gach foirgnimh phoiblí, nach bhfuil áiseanna ann do na cluichí Gaelacha (agus gach uair a iarraidh cead pleanála do pháirc Chumann Lúthchleas Gael nó do theach pobail Caitliceach, cuireadh ina éadan).
Anois, beidh comhairleoirí ón dá chomhairle seo (níos lú acu ar ndóigh) ag obair san aon cheann amháin. An mbeidh coimhlint ann? Scéal cinnte go mbeidh ach tá sé in am do hata an dóchais arís.
Má bhíonn daoine atá dubh in éadan traidisiúin a chéile, níl le déanamh ach iad a thabhairt le chéile le go dtig leo dul i ndeabhaidh cainte lena chéile. Cinnte beidh achrann ann ach go mall tiocfaidh siad ar réiteach nó ar modus vivid de chineál éigin agus beidh sin le leas achan duine.
Pléifidh mé impleachtaí an RPA do ghnáthshaoránaigh na Sé Chontae an mhí seo chugainn.
Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*