AGALLAMH BEO
Maebh Ní Fhallúin
Cóilín Ó Floinn Cóilín Ó Floinn Cóilín Ó Floinn

Ceapadh Maebh Ní Fhallúin, bean óg as Cill Dara, mar bhainisteoir ar Raidió na Life i mí Mheán Fómhair. Labhair sí le Cóilín Ó Floinn faoina saol roimhe sin agus faoin mhéid ba mhaith léi a bhaint amach sa stáisiún sna blianta atá romhainn.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Nuair a smaoinítear ar stáisiún raidió i nGaeilge, smaoinítear de ghnáth ar Raidió na Gaeltachta, ach tá stáisiún eile ag feidhmiú i mBaile Átha Cliath a bhfuil scoth na gcláracha á gcraoladh air i nGaeilge, is é sin Raidió na Life 106.4 fm. Bhunaigh Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta an stáisiún pobail seo sa bhliain 1993 le seirbhís raidió fríd mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal Bhaile Átha Cliath.

Tá bainisteoir úr ag Raidió na Life le cúpla mí anuas, Maebh Ní Fhallúin, bean óg ghairmiúil a bhfuil fís aici agus taithí leathan faighte aici cheana féin.

Bhuail mé isteach chuig Maebh sa stáisiún ag deireadh na míosa seo caite, agus chuaigh a cumas agus a dúthracht i bhfeidhm go mór orm. Chaith mé seal uaire ina cuideachta agus is iomaí ábhar cainte a tharraing muid orainn féin le linn an ama sin.

Cé nach as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Mhaebh, ní raibh sí rófhada uaidh agus í ag éirí aníos.

“Is as Léim an Bhradáin i gContae Chill Dara dom ó dhúchas agus is duine de chúigear clainne mé.

“D’fhreastail mé ar bhunscoil lán-Ghaeilge, Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh i Léim an Bhradáin. Chuaigh mé ar aghaidh ó sin go Coláiste Cilliain i gCluain Dolcáin. B’in an mheánscoil ba chóngaraí dúinn ag an am, agus bhí daoine ag teacht ó Chill Droichid, ó Leamhcán, ó Léim an Bhradáin, Maigh Nuad, Baile Fhormaid, Tamhlacht, agus Cill Dolcáin féin. Bhí meascán maith ann.”

Bhí Maebh óg go leor nuair a léirigh sí suim i gcúrsaí raidió ar dtús agus rith sé léi go mb’fhéidir go raibh saol na craoltóireachta i ndán di.

“Is dócha go raibh spéis agam sa chraoltóireacht riamh, fiú ar scoil. Nuair a bhí mé chúigiú rang, bhí mé mar stiúrthóir ar thionscadal a tugadh dúinn le clár raidió a chur le chéile. Bhuamar duais agus craoladh é thar an *intercom *sa scoil!”

Ach is deacair ag aois chomh hóg sin cinneadh a dhéanamh faoin todhchaí. Deir Maebh nach raibh sí féin cinnte gur sin an saol a bhí uaithi.

“Mura bhfuil deis agat bheith ag plé le cúrsaí craoltóireachta nó mura bhfuil do chos isteach an doras agat áit éigin, mura bhfuil cur amach agat air, ní bhíonn a fhios agat an sin an saol is oiriúnaí duitse.

“Nuair a chríochnaigh mé ar scoil, bhí mé idir dhá chomhairle cé acu a ndéanfainn cúrsa cumarsáide nó cúrsa le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ach sa deireadh chinn mé ar chúrsa a dhéanamh le Fiontar. Is cúrsa é a bhaineann le hairgeadas agus ríomhaireacht go príomha, cé go gcumhdaíonn sé neart ábhar eile, mar shampla cumarsáid, dlí agus matamaitic. Ar ndóigh, ní raibh an oiread sin spéise agam i gcúrsaí airgeadais ná sa ríomhaireacht, ach úsáidim gach rud a d’fhoghlaim mé ar an gcúrsa sin sa phost atá agam anois. Níl aiféala ar bith orm go ndearna mé an cinneadh a rinne mé mar thug Fiontar go leor, leor rudaí dom nach bhfaighinn ar aon chúrsa eile.

“Sa cheathrú bliain b’éigean dúinn plean gnó a chur le chéile, so bhí sé mar aidhm fhadtéarmach ag an gcúrsa go mbunódh muid ár ngnólachtaí féin agus is dócha gur sin an ghné is mó a thaitin liom agus a mheall mé chuig an gcúrsa sin, agus toisc go raibh sé trí mheán na Gaeilge.”

Oileán Chléire

Dálta go leor mac léinn ollscoile eile, bhí Maebh ag cuartú rud beag saoirse i ndiaidh di a céim a bhaint amach in 2002. Chuir cara di comhairle uirthi gur cheart di tamall a chaitheamh sa Ghaeltacht, rud a rinne sí.

“Nuair a bhain mé mo chéim amach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath bhí mé ag iarraidh rud éigin a dhéanamh nach raibh brú nó strus ag baint leis agus mhol cara dom tréimhse a chaitheamh in Oileán Chléire [amach ó chósta Chorcaí]. Chaith mé tamall ag obair i bpub ansin agus ba bheag nár uchtaigh muintir an tí mé sa deireadh!”

Nuair a d’fhág sí Oileán Chléire tháinig sí ar ais go Baile Átha Cliath agus ghlac sí post le AIB. Ach bhí sí ar a bealach ar ais i dtreo na craoltóireachta cheana féin, mar ní raibh sí i bhfad in AIB nuair a d’éirigh léi clár a fháil ar Raidió na Life.

“Bhí mé ag obair le hAIB ar feadh deich mí agus fuair mé taithí an-mhaith ag plé le hiasachtaí corparáideacha agus tugadh deis dom dul ar chúrsa oiliúna na gcéimithe, ach thuig mé nach raibh mé ag baint mórán sásaimh as an obair. Thosaigh mé ar an gcéad chlár le Raidió na Life ar bhonn deonach in 2003, le linn dom bheith ag obair in AIB. Mhol cara liom, a bhí ag plé le Raidió na Life ar feadh na mblianta, tabhairt faoi chlár má bhí spéis agam ann.

“Ba chineál *outlet *álainn dom é fhad is a bhí mé in AIB mar gur rud iomlán difriúil a bhí ann. ‘Tuairisc’ an teideal a bhí ar an gclár a bhí agam agus tá sé fós ar an bhfód, is dócha toisc go n-oibríonn an fhoirmle. Clár cúrsaí reatha atá ann. Clár leathuair an chloig gach Dé hAoine a bhí ann nuair a bhí mise á dhéanamh. D’fhágainn AIB luath ar an Aoine agus rithinn suas go Cearnóg Mhuirfean lena dhéanamh. Rinne mé an clár sin ar feadh thart ar shé mhí. Sa deireadh, b’éigean dom éirí as de bharr cúrsaí oibre.”

Cé gurbh éigean di éirí as an chlár, ní raibh a cuid oibre leis an stáisiún críochnaithe go fóill. Chaith Maebh tamall eile ag obair go crua in AIB go dtí gur fógraíodh post mar thaighdeoir i Raidió na Life. Thapaigh sí an deis le dul ar ais chuig an stáisiún; chuir sí isteach ar phost an taighdeora agus d’éirigh léi é a fháil. Mar a dúirt sí féin, ní raibh mórán taithí aici ó thaobh an taighde de, ach chuidigh sé léi go raibh sí ag plé le clár de chuid Raidió na Life roimhe sin. Lena chois sin, chuir sí fáilte roimh an athrú saoil.

“Bhí an t-ádh orm gur éirigh liom an t-aistriú a dhéanamh. Bíonn sé iontach deacair nuair atá tú cáilithe i réimse amháin agus go bhfuil a fhios agat go bhfuil obair agat ann. Is féidir leat éirí sáinnithe sa réimse sin.

“Bhí mé anseo ag obair mar thaighdeoir ar feadh bliana, agus bliain den scoth a bhí ann, ach bhí brú laethúil i gceist cionn is nach mbíonn ann ach taighdeoir amháin leis na hagallaimh agus na míreanna uilig a eagrú. Taithí an-mhaith a bhí ann ó thaobh bheith ag plé le daoine, ag cur cláracha le chéile agus bheith ag roghnú ábhar. Bíonn an taighdeoir i Raidió na Life ag léiriú cláracha agus ag déanamh go leor rudaí éagsúla. Chuir mé aithne ar chuid mhór daoine i rith an ama sin agus d’éirigh liom liosta mór de theagmhálaithe a chur le chéile.”

Ach sa deireadh bhí a fhios ag Maebh nach raibh sí ag iarraidh bheith ina taighdeoir. Shíl sí nach raibh mórán i ndán di sa phost áirithe sin agus gurbh fhearr di bogadh ar aghaidh.

Chuaigh sí amach agus bhí lámh aici i gcuid mhór rudaí difriúla ar feadh tuairim is sé mhí, seal ag obair in RTÉ ina measc. Bhí sí ag obair ar an chlár teilifíse “Ardán” le TG4 ar feadh tréimhse fosta, cé gur thosaigh sí ansin nuair a bhí sí go fóill i Raidió na Life.

D’éirigh léi rud eile a chur i gcrích i gcaitheamh na sé mhí sin, is é sin deontas a fháil ó Choimisiún Craoltóireachta na hÉireann (BCI) le sraith cláracha a dhéanamh faoin nua-theicneolaíocht.

“I rith an ama sin chuir mé féin, Donncha Ó Cróinín agus Fachtna Ó Drisceoil iarratas isteach chuig an BCI agus d’éirigh linn €6,000 a fháil le sraith cláracha dar teideal ‘An Ríomhchlár’ a dhéanamh faoi chúrsaí ríomhaireachta agus cúrsaí teicniúla agus tá sin á chraoladh ar Raidió na Life faoi láthair.”

Ach ní raibh Maebh réidh le saol an airgeadais go fóill. Bhí cara dá cuid i ndiaidh post a fháil leis an chomhlacht mór fógraíochta McConnell’s agus chuir sí Maebh ar an eolas faoi fholúntas eile sa chomhlacht céanna. I ndiaidh achair ghearr fuair sí an post le McConnell’s agus bhí sí ag obair sa roinn léiriúcháin. Ní raibh sé i bhfad go bhfaca sí an méid ollmhór airgid a bhí i gcúrsaí fógraíochta. Mar a deir sí féin, “Saol eile ar fad a bhí ann”. Chonacthas do Mhaebh go raibh meascán deas aici de shaol an airgeadais agus saol na cumarsáide. Le linn a tréimhse le McConnell’s, d’éirigh léi tuilleadh taithí a bhí iontach luachmhar a fháil.

Bainisteoir Raidió na Life

Bhí Maebh trí nó ceithre mhí sa phost úr seo i McConnell’s nuair a fógraíodh post an bhainisteora i Raidió na Life ach níor chuir sí isteach air lom díreach, de bhrí go raibh sí iontach sásta leis an phost a bhí aici.

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

Almost There *le Nuala Ó Faoláin agus *High Fidelity le Nick Hornby.

Cén ceol is fearr leat?

Ceol traidisiúnta.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Some Like It Hot; Goodfellas; Before Sunrise; Eternal Sunshine of the Spotless Mind. Cá dtéann tú ar saoire?

Ar fud na hÉireann ach tugaim cuairt ar Oileán Chléire ar a laghad uair sa bhliain. Tá mo dheirfúir ina cónaí sa Bhruiséal, dá bhrí sin bím ann cúpla uair in aghaidh na bliana. Seachas sin, áit ar bith san Eoraip agus Nua-Eabhrac. Bheadh spéis agam aghaidh a thabhairt ar an Afraic agus ar Mheiriceá Theas amach anseo.

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

Ceithre nó cúig huaire.

Cén bhialann is fearr leat?

D’ócáid speisialta – Eden nó Bleu. Oíche Dé hAoine – Salamanca nó Chez Max.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Mo mháthair – is sárbhean í. Cé nach n-aontaím le chuile rud a deir sí, tá luachanna an-láidre aici.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Mo dheirfúir Deirdre. Ainneoin go bhfuil trí bliana eadrainn, is muid an bheirt is sine (tá triúr níos óige sa chlann), dá bhrí sin dhlúthchairde agus naimhde fíochmhara a bhí ionainn agus muid ag fás aníos. Idir dhrámaí a chur sa tsiúl, cheol a sheinm, dhul i mbun spóirt nó fiú tabhairt faoi thionscadail scoile, rinneamar go leor le chéile agus is mór an méid comhairle a chuir sí orm.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Bogás agus díomhaointeas ionam féin agus i ndaoine eile.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Breis is daichead uair.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

An drochchóras iompair. Seachas sin, is dócha go gcuirim strus orm féin. Táim ag foghlaim anois conas é a láimhseáil níos fearr.

An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?

Níl aon mhórchúis aiféala agam go fóill ach tá neart rudaí eile a dteastaíonn uaim tabhairt fúthu ach an t-am a fháil. Ba mhaith liom tabhairt faoin bhfeadóg mhór a sheinm arís.

“Nuair a fógraíodh post an bhainisteora níor smaoinigh mé mórán air de bharr go raibh mé sásta san áit a raibh mé, ach tar éis tamaill bhig thosaigh mé ag machnamh air arís agus chinn mé ar chur isteach ar an bpost díreach sula ndeachaigh mé ar mo laethanta saoire go tuaisceart na Spáinne, áit a ndearna mé cuid den Camino de Santiago.

“Ach go fóill bhí mé idir dhá chomhairle ar chóir dom cur isteach ar an bpost mar ní raibh taithí bhainisteoireachta ar bith agam, cé go raibh an-chur amach agam ar Raidió na Life. Ní raibh a fhios agam cad é a bhí i ndán dom i McConnell’s agus bhí a fhios agam gur deis iontach é seo le léim isteach i rud agus ardú céime a fháil go tapa, chomh maith le taithí iontach a fháil nach bhféadfaí a fháil áit ar bith eile. Agus sin iad na rudaí a chabhraigh liom an cinneadh a dhéanamh.”

Dár ndóigh, d’éirigh léi an post a fháil agus tá sí ann le corradh is trí mhí anois. Ach ní raibh sé furasta siúl isteach sa phost seo. Bhí dúshláin mhóra roimpi. Tharla sé go raibh Raidió na Life gan bhainisteoir ar feadh tamaill agus chiallaigh sé sin go raibh ualach mór oibre ag fanacht léi ón chéad lá.

“Bhí an oiread sin rudaí le déanamh ag an tús … Bhí sé dochreidte. B’éigean iarratais a eagrú agus a chur isteach, b’éigean foireann agus sceideal a eagrú agus chuile rud mar sin.”

Má bhí go leor oibre ann ag an tús, is cinnte go raibh Maebh breá ábalta aici. Tá sí anois socraithe isteach sa phost ach ní hé sin le rá nach bhfuil a sáith oibre amach roimpi. Tá dúshláin mhóra eile a gcaithfidh sí tabhairt fúthu go fóill ach is iad seo a dúshláin phearsanta.

Tá pleananna móra ag Maebh do Raidió na Life. “Tá fís agam - measaim go bhfuil poitéinseal iontach ag baint leis an áit. Tá muid lonnaithe i lár na cathrach agus meallann muid ceoltóirí óga an cheantair isteach. Is ardán é do thallann óg na cathrach. Tá sé mar aidhm agam úsáid a bhaint as na háiseanna atá againn le cúrsaí a chur chun cinn. Ar an bhliain seo chugainn tabharfaidh muid faoi fheachtas ceart poiblíochta. Beidh muid ag díriú chomh maith ar an gcomhartha craolta a láidriú mar go bhfuil áiteacha i mBaile Átha Cliath nach bhfuil an comhartha chomh soiléir is ba chóir dó bheith.”

Tá sé i gceist aici chomh maith sceideal na gcláracha a fheabhsú. Deir sí go mbíonn sí i gcónaí ag iarraidh craoltóirí úra a aimsiú a bhéarfas rud éigin úr don sceideal agus don stáisiún. Ach cad iad na cineálacha cláracha ba mhaith léi a chur ar fáil do lucht éisteachta an stáisiúin?

“Ba mhaith linn cláracha maithe trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil ná sin an fáth ar bronnadh ceadúnas orainn. Ach tá pobal na hÉireann i ndiaidh athrú agus pobal ilchultúrtha atá ann anois agus caithfear sin a chur san áireamh freisin. Ba mhaith liom cláracha a sholáthar a mbeidh suim ag muintir Bhaile Átha Cliath iontu, idir chúrsaí reatha agus cheol.”

Obair dheonach

Ná déanaimis dearmad go bhfuil craoltóirí Raidió na Life ar fad ag obair go deonach. Is scéal cinnte go mbíonn deacrachtaí ann nuair a bhíonn tú ag plé le hoibrithe deonacha.

“Déanaimid ár ndícheall bheith ag obair as lámh a chéile. Ar an drochuair, tá cúraimí eile ar dhaoine agus tuigeann muid sin.”

B’fhéidir go dtiocfaidh athrú ar chúrsaí gan mhoill, áfach.

“Beidh muid ag cur iarratais isteach chuig an gCiste Craoltóireachta an tseachtain seo chugainn agus má éiríonn linn beidh an t-airgead againn le daoine a íoc sa dóigh is gur féidir léiriúcháin ar ardchaighdeán a chur ar fáil.”

Ach ag an am chéanna, luaigh Maebh go dtaitníonn Raidió na Life le héisteoirí áirithe de bharr gur gnáthdhaoine a bhíonn ar an aer agus go mbíonn gnáthscéalta acu. Fágann sin go bhfuil saoirse áirithe ag baint leis na cláracha. Síleann Maebh go dtugann an éagsúlacht craoltóirí atá acu rud éigin speisialta don sceideal agus cuidíonn sin leis na cláracha a choinneáil suimiúil.

Luaigh mé clár amháin cheana féin sa sceideal a bhfuil dul chun cinn mór déanta leis, is é sin “An Ríomhchlár” (www.riomhchlar.com). Cúrsaí teicneolaíochta is mó a bhíonn i gceist sa chlár áirithe seo agus tá sé le cloisteáil taobh amuigh de na haerthonnta chomh maith.

“Tá gach clár sa tsraith á Pod-chraoladh faoi láthair agus is féidir iad a íoslódáil i bhfoirm MP3 ón suíomh idirlín. Inseoidh do ríomhaire duit nuair atá clár nua ar fáil agus déanfaidh é a íoslódáil go huathoibríoch. Tá sé i gceist againn leathanach faoi leith a chur suas ar an suíomh ar a mbeidh scoth na seachtaine ar fáil mar Pod-chraoladh. Fuair muid airgead ón BCI leis seo a dhéanamh agus leis an trealamh a chur le chéile. Tá muid an-bhuíoch de Sheán Ó Cearúil, iartheicneoir de chuid an stáisiúin, a chuidigh go mór linn.”

Is léir go bhfuil go leor ag tarlú i Raidió na Life faoi láthair ach cad é ba mhaith le Maebh bheith bainte amach ag an stáisiún i gceann cúig bliana eile?

“Tá leabhar nua foilsithe ag David McWilliams [The Pope’s Children] agus sa leabhar sin tugann sé ‘the trendiest radio station in Dublin’ ar Raidió na Life. Is cosúil go bhfuil an-suim ag McWilliams sna Gaelscoileanna agus sa Ghaeilge.

“I gceann cúig bliana, ba mhaith liom go mbeadh ainm Raidió na Life aitheanta i measc mhuintir Bhaile Átha Cliath, idir óg agus aosta, go mbeadh a fhios ag an tsaol mór faoi agus go mbeadh sé in úsáid sna scoileanna mar áis foghlamtha. Tá go leor féidearthachtaíann!”

Is de shliocht Éireannach é Cóilín Ó Floinn agus rugadh é Nua-Eabhrac. Tá sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sé ag obair mar mhúinteoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.