Loic an Eaglais Chaitliceach mar institiúid ar na páistí a bhí thíos leis an mhí-úsáid ghnéasach i nDeoise Fhearna ach ní hiad an chléir amháin a bhíonn ciontach as an choir seo.
»»»Déanfaidh an tAire Oideachais Mary Hanafin tionscadal nua de chuid Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad a sheoladh ag tús na míosa seo a bhfuil sé mar aidhm aige cur ar chumas foghlaimeoirí fásta Gaeilge cáiliocht a bhaint amach ag a mbeidh aitheantas Eorpach. Labhair Caoimhe Ní Laighin le Stiúrthóir an ionaid, Anna Ní Ghallachair, faoin tionscadal seo agus faoin obair cheannródaíoch eile atá idir lámha aici féin agus ag a foireann.
»»»Measann Tom Deignan go bhfuil na tuairimí atá ag an aisteoir George Clooney mar gheall ar an Seanadóir Joe McCarthy, an bithiúnach i scannán nua Clooney, agus faoi John F. Kennedy, i bhfad ró-shimplíoch.
»»»Ar an 15 Meán Fómhair, noctadh dealbh i gCearnóg Trafalgar i Londain atá ag cothú go leor díospóireachta agus conspóide mar go léiríonn sé bean faoi mhíchumas agus í torrach. Cúlra an scéil ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Is fidléir den scoth í Méabh Ní Eithir a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste. Ach ní ag fidléireacht a chaitheann sí a cuid ama ar fad, mar a fuair Antaine Ó Faracháin amach le déanaí nuair a chuaigh sé chun cainte léi.
»»»Casadh roinnt daoine suimiúla ar Bhalor agus é ar an drabhlás Oíche Shamhna, aire, easpag agus iriseoir ina measc.
»»»Ní cúis iontais é, dar le Breandán Delap, go bhfuil Rialtas na hÉireann sásta ligean deitleáin mhíleata de chuid na Stát Aontaithe Aerfort na Sionna a úsáid, nuair a chuirtear san áireamh an méid postanna atá cruthaithe ag comhlachtaí Meiriceánacha sa tír.
»»»Tá na costais arda teileachumarsáide agus an líon íseal tithe a bhfuil ceangal leathanbhanda acu ag cur bac ar fhás na teileachomaitéireachta in Éirinn, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.
»»»Tá sé trí bliana ó fuair Brian Rossiter bás, ceithre lá i ndiaidh dó dul isteach i gcóma agus é faoi choinneáil i stáisiún Gardaí Chluain Meala i gContae Thiobraid Árann, ach níl míniú sásúil ar a tharla sa stáisiún ag an am faighte ag a theaghlach go fóill. Tuairisc ó Dhónall Ó Maolfabhail.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Darren Ó Rodaigh, Gaelchultúr Teoranta, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath.
»»»Labhair Liz Curtis le fear darb ainm Ivor Neill le gairid, atá ina scipéir ar bhád a théann chun farraige go minic le foireann daoine as gach saghas cúlra.
»»»Dfhreastail Pádraig Mac Éamoinn ar chomhdháil shuimiúil i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite inar pléadh na himpleachtaí a bhainfidh le hola agus gás an domhain a bheith ídithe ar fad.
»»»Tá go leor de Phrotastúnaigh na Sé Chontae den tuairim go bhfuiltear ag caitheamh níos fearr leis an phobal Caitliceach ná mar atá lena bpobal féin, ach mar a mhíníonn Robert McMillen, léiríonn an taighde nach bhfuil bunús ar bith leis an tuairim seo.
»»»Cuireann sé ionadh ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil daoine fós sásta bheith ina mbainisteoirí ar fhoirne peile agus iománaíochta, in ainneoin na drochíde go léir a fhaigheann go leor acu.
»»»Tá rath ar roinnt foirne i Sraith Eircom ó thaobh airgid de ach tá gá go fóill le pleanáil fhadtéarmach, dar le hEmmet Ó Riain.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag ócáid i gcoinne do thola.
»»»Chaith Cóilín Ó Floinn seachtain i nGaeltacht na hAlban an samhradh seo caite agus chuaigh an cultúr agus na daoine i bhfeidhm go mór air.
»»»Bhain Máire Ní Chuagáin an-sult as a saoire sa tSlóivéin, go háirithe mar gheall ar a laghad sin turasóirí bheith sa tír.
»»»Ní mó ná sásta atá Tony Birtill leis an mhéid atá ráite ag an staraí Marianne Elliot i réamhrá chlár an dráma Translations, atá ar camchuairt sa Bheatain idir seo agus an Nollaig.
»»»D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.