Is léir nach n-éiríonn muintir na hÉireann nó lucht na Gaeilge riamh tuirseach de bheith ag díospóireacht agus ag argóint faoin Ghaeilge.
I mí na Samhna amháin, bhí cur agus cúiteamh ar siúl faoin ábhar ar lear mór ócáidí. Bhí cuid de na díospóireachtaí seafóideach amach is amach ní raibh bun ná barr leo. Ach, bhí cuid acu a bhí ciallmhar agus stuama fosta.
Tosóidh muid leis an cheann is déanaí, is é sin an Seanadóir Joe OToole ag rá le muintir an Daingin i gCiarraí ar Raidió na Gaeltachta go raibh a gcearta daonna á séanadh orthu de bharr nach raibh an deis acu rogha a bheith acu maidir le hainm an bhaile. Is fear é Joe a mbeadh meas ag daoine air go leitheadach, ach is léir gur éirigh sé sáite sa chonspóid seo gan mórán machnaimh a dhéanamh. Tá an ceart ag muintir na Gaeltachta a rogha ainm a thabhairt ar aon áit gur mian leo. Tá an ceart ag an Stát a rá cén t-ainm oifigiúil atá ar áit agus luíonn sé le loighic gur i nGaeilge a bheadh sin i gceantair Ghaeltachta. Tá úsáid an leagain oifigiúil riachtanach ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis, i reachtaíocht stáit agus ar chomharthaí bóthair stáit agus comhairle contae. Is léir nár thug Joe faoi deara gur An Daingean atá ar fhógraí bóthair na Gaeltachta le fada an lá!
Tá cuid de na rudaí atá ráite sa díospóireacht mar gheall ar an Ghaeilge le tamall anuas thar a bheith seafóideach.Is fiú féachaint ar an díospóireacht is mó a tharraing aird agus sin ráiteas Enda Kenny ag Ardfheis Fhine Gael i gCorcaigh. Tá ceannaire Fhine Gael, agus duine a dfhéadfadh bheith ina Thaoiseach ar an tír lá éigin, ag moladh gurb é an tslí is fearr leis an Ghaeilge ar chur chun cinn ná an rogha a thabhairt do dhaltaí scoile gan í a fhoghlaim! Bheadh sé beagáinín níos ciallmhaire dó a mholadh go dtabharfaí na deiseanna agus acmhainní nua-aimseartha cuí do scoileanna agus do mhúinteoirí le cur ar a gcumas múineadh na Gaeilge a dhéanamh éifeachtach agus taitneamhach.
Bhí moladh eile ag Conradh na Gaeilge ina bpolasaí oideachais, 1+1+1 - Ardchumas i 3 theanga Ag Fíorú na hAislinge Eorpaí. Is moladh réasúnta é sin a fhad is go gcinnteofar go dtabharfar an oiliúint agus an tacaíocht chuí dachan mhúinteoir. Tá an chontúirt ann go gcuirfear an Ghaeilge ag bun an liosta, áfach, má chuirtear na moltaí seo i bhfeidhm.
Mar fhocal scoir, tá moladh ag dul do cholún litreacha an* Irish Times*, a thugann spás ar leith do dhíospóireacht na Gaeilge. Má leantar ar aghaidh ag cur an bhrú, seans go dtiocfaidh an lá go labharfar an Ghaeilge níos minicí sa Dáil agus Seanad.