San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Pól Deeds, An Droichead (ionad Gaeilge), Béal Feirste.
- Cén ról atá agat féin in An Droichead agus cén fhad atá tú sa phost?
Is mise comhordaitheoir an tionscadail, rud a chiallaíonn go bhfuil mé (a) freagrach as bainistiú na foirne agus an lárionaid, (b) i mbun cúrsaí airgeadais agus scríobh iarratas maoinithe, agus (c) mar stiúrthóir laethúil na heagraíochta iomláine. Tá mé anseo le dhá bhliain anuas, agus mé ag baint ceoil as go fóill!
- Cathain a bunaíodh an eagraíocht agus cé a bhunaigh é?
Bunaíodh an eagraíocht go hoifigiúil in 1992. Tháinig grúpa tuismitheoirí le chéile a raibh an Gaeloideachas ag teastáil uathu dá bpáistí, agus d’aithin siad nach raibh áiseanna Gaeilge ar bith ag an am sin i ndeisceart Bhéal Feirste. Ba Ghaeilgeoirí iad, a raibh dhá naíscoil á reáchtáil acu tráth sna hochtóidí, i gceantar na Margaí agus thall sa Trá Ghearr.
- Cén fáth ar bunaíodh í?
Thuig na tuismitheoirí seo go gcaithfeadh eagraíocht cheart a bheith ann le cúis na Gaeilge a bhrú chun cinn i ndeisceart na cathrach. Chuir siad coiste ar bun agus bunreacht le chéile, agus bunaíodh An Droichead Teoranta. Bhí Naíonra an Droichid lonnaithe ag an am taobh istigh de sheomra amháin i bhfoirgneamh de chuid eagraíochta eile ar Bhóthar Ormeau, ach bhí a fhios acu go mbeadh suíomh dá gcuid féin de dhíth orthu le gníomhaíochtaí na heagraíochta a chur ar bhonn láidir. Chuige sin, chuaigh scaifte acu sa tseans agus fuair siad iasachtaí bainc, agus cheannaigh siad píosa talún ar Cooke Street. I ndiaidh tamaill, mheas siad gur ghá bunscoil a bhunú, agus d’oscail siad Scoil an Droichid i 1996. Ansin tógadh an lárioand cultúrtha, Lárionad an Droichid, sa bhliain 2000.
- Cé mhéad duine atá fostaithe ag an gcomhlacht?
Ó mhúinteoir amháin i 1996, tá seachtar sa scoil anois agus sé dhuine dhéag sa lárionad. Tá muid i ndiaidh rannóg nua a oscailt, mar atá Cumann Óige, a bhfuil triúr fostaithe inti.
- Cén obair a dhéanann sibh ó lá go lá?
Chomh maith leis an bhunscoil, cuireann muid dhá ghrúpa naíscoile - grúpa súgartha agus réamhscoile - ar fáil, cumann íarscoile, cumann óige, ranganna oíche le réimse leathan d’ábhair, imeachtaí sóisialta, agus dianchúrsaí Gaeilge. Sa mhullach air seo, bíonn muid ag plé le heagraíochtaí eile Gaeilge agus eagraíochtaí stáit faoi chur chun cinn na Cáirte Eorpaí (do theangacha réigiúnda agus mionlaigh) agus forbairt phobal na Gaeilge i ndeisceart agus oirthear Bhéal Feirste.
- Cad iad na foinsí maoinithe atá ag an gcomhlacht? An leor iad?
Tógadh an lárionad le hairgead ón Chrannchur agus ón rialtas. Tá an scoil anois faoi stiúir an Bhoird Oideachais. Fuair muid deontais éagsúla ón Eoraip, ach tá an pota airgid sin á tharraingt siar de réir a chéile, agus ní fios cá mhéad a bheidh ar fáil do ghrúpaí pobail ón chiste sin sna blianta beaga romhainn. Faoi láthair, tá Foras na Gaeilge ag tabhairt an-tacaíocht dúinn, agus tá comhpháirtíochtaí beaga maithe tógtha againn le heagraíochtaí eile stáit ó thuaidh a mbíonn foinsí airgid acu ó am go ham, Comhairle na Cathrach agus BRO san áireamh.
- An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?
Baineadh iad uilig amach go dtí seo, a bheag nó a mhór. Mar atá le feiceáil sa stair a théann leis an áit, tá dream an-díograiseach taobh thiar den tionscadal seo, agus is iadsan atá á thiomáint go fóill. Bhí an t-ádh orainn daoine an-chumasacha agus fláithiúla a bheith bainteach leis an tionscadal ó thosaigh sé, idir na daoine ar an fhoireann, ár gcairde sa phobal agus, muise, daoine áirithe san earnáil stáit a raibh agus a bhfuil fíorthuiscint acu ar an tábhacht a bhaineann le cultúr agus teanga. Ní hé gur éirigh le gach uile smaoineamh de chuid an choiste ón tús, ach tá mé cinnte de nár shíl siad go mbeimis san áit a bhfuil muid sa lá atá inniu ann, agus muid ábalta mórfhorbairtí i saol na Gaeilge i mBéal Feirste a bhaint amach.
- Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Droichead?
Is laige agus deis é ag an am chéanna gur muidinne an t-aon ghrúpa Gaeilge in oirthear nó i ndeisceart Bhéal Feirste. Sin ceantar ollmhór le freastal a dhéanamh air. Mar bhainisteoir bím i gcónaí ag iarraidh laigí a aimsiú, agus caithfidh mé a rá gur rudaí cosúil leis sin den chuid is mó a tchím - ceantar ollmhór, áiseanna réasúnta teoranta don cheantar sin, easpa foinsí maoinithe. Ach is iad láidreachtaí s’againne ná samhlaíocht, fuinneamh, foighne, agus daoine dúthrachtacha tiománta a bheith ar bord. Is deas an rud an t-adh a bheith ort in amanntaí fosta!
- Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag an Droichead faoi cheann cúig bliana.
Rogha astu seo, b’fhéidir: seirbhisí úra, áiseanna breise, foirgnimh eile, foireann níos mó, comhpháirtíochtaí éagsúla, agus scoil nua a chur ar fáil do phobal Gaelach atá níos leithne is níos feiceálaí. Coinnigí súil ar an spás seo.
- Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?
Is ó chúlra acadúil mé féin, agus tchím ó thosaigh mé ag obair go lánaimseartha in earnáil na Gaeilge nach bhfuil aon chúis imní againn mar Ghaeilgeoirí. Is é ceann de na rudaí a thugann muinín dom fán teanga ná gur léir sa lá atá inniu ann go bhfuil grá ag an aos óg di, agus spéis ar leith acu inti. Níor mhaith liom bheith cineál patronising fúthu, mar ní seanfhear na gcnoc atá ionamsa (tá mé seacht mbliana is fíche d’aois), ach tá daoine le feiceáil ar fud na tíre anois atá, bfhéidir, cúig nó deich bliana níos óige ná mé féin, agus tá siad ar bís le gaolta leathana nua a bhunú ar an teanga, agus le seilbh a ghlacadh uirthi. Amharc ar an agóid coicís ó shin nuair a dúirt Enda Kenny rud a mheas mórán daoine bheith ina ionsaí ar an teanga, amharc ar na daoine a tháinig amach ar an tsráid - daoine óga amuigh ag cosaint a dteanga dhúchais. Agus nuair ata an t-aos óg ar thaobh na teanga mar atá faoi láthair, ní féidir a fás a stopadh.
An Droichead, 20 Sráid Chúic, Bóthar Ormeau, Béal Feirste BT7 2ED (028) 9028 8818; pol@androichead.com; www.androichead.com