Measann Dónall Ó Maolfabhailgo bhféadfadh sé dochar a dhéanamh don Ghaeilge béim a chur ar an teanga labhartha amháin sa churaclam scoile.
Aon uair a chloisim moladh ó Ghaeilgeoir i bhFine Gael maidir le leas na Gaeilge tá eagla orm go gcuireann sé Capall na Traoi i gcuimhne dom. Fiú má bhíonn cuma dhearfach ar an moladh, is damáiste ar deireadh atá i ndán don teanga. Os a choinne sin, tá an tAire Oideachais Mary Hanafin soineanta amach agus amach má cheapann sí go leigheasfar na fadhbanna a bhaineann le múineadh theanga oifigiúil an stáit seo inar scoileanna tríd an churaclam a athrú.
The policy of the selective compulsion that has proved so disastrous for the Irish language over the past fifty years will be replaced by a genuine policy based on respect for and promotion of the Irish language and culture.
Ní ó bhéal cheannaire Fhine Gael Enda Kenny a tháinig na focail seo, in 2005, ach ó Aire Oideachais Fhine Gael, Richard Burke, i 1973 agus é ag fógairt nach mbeadh pas sa Ghaeilge riachtanach níos mó le teastas Ardteiste a bhaint amach. Níor thúisce deireadh curtha leis an Ghaeilge éigeantach san Ardteistiméireacht ná gur fhógair Comhrialtas Fhine Gael agus Lucht Oibre go raibh deireadh leis an riachtanas Gaeilge a bhain le fáil isteach sa státseirbhís.
Murach Acht na dTeangacha Oifigiúla an Aire Éamoin Uí Chuív, laistigh de ghlúin eile ní bheadh aon Ghaeilge fágtha sa státchóras. Is minic Teachtaí Dála Fhine Gael agus an Lucht Oibre ag tabhairt amach faoin chostas a bhaineann le hAcht na dTeangacha. Is é an rud íorónta, áfach, ná murach a ndrochobair féin i 1973 (deireadh a chur le riachtanas Gaeilge sa státseirbhís) níor ghá don stát na milliúin euro a chaitheamh gach bliain ag íoc comhlachtaí príobháideacha le cáipéisí stáit a scríobh nó a aistriú go Gaeilge.
Ainneoin ráiteas an Uasail Burke - ar chainteoir breá Gaeilge é, dála Enda Kenny féin - go raibh an dá chinneadh thuasluaite bunaithe, on respect for and promotion of the Irish language, ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí le haithint gur a mhalairt a tharla. Dár ndóigh, is é an cheist ná an cur chun cinn na Gaeilge i ndáiríre a bhí riamh mar aidhm le ceachtar cinneadh!
Tá an ceart ag Enda Kenny maidir le rud amháin: tá gá le díospóireacht maidir le múineadh na Gaeilge inar scoileanna, óir cinnte níl an stát ag fáil luach a chuid airgid i gcás an 500 milliún a chaitear ar mhúineadh na teanga gach bliain. Murach riachtanas Gaeilge Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, riachtanas ba bheag nach bhfuair a pháirtí féin réidh leis, tá gach seans ann go mbeadh an Ghaeilge sa churaclam scoile faoin am seo ar nós na Laidine, í ann, ach imeallach.
An curaclam a leasú
Nior chuir an tAire Hanafin, ar iarmhúinteoir Gaeilge í féin, aon am amú ag labhairt amach i gcoinne mholadh Enda Kenny nach mbeadh an Ghaeilge éigeantach níos mó sa churaclam meánscoile. An curaclam a leasú, dár léi, an príomhrud a chaithfear a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh curaclam ann, dar léi, ina leagfaí béim ar mhúineadh na Gaeilge mar a mhúintear an Fhraincis, sin le rá i bhfad níos mó béime bheith ar labhairt na teanga. I bprionsabal luíonn sé seo le réasún. Céard is fiú do dhalta a bheith ag foghlaim faoi fhilíocht an ochtú haois déag agus gan ar a chumas gnáthchomhrá a dhéanamh trí Ghaeilge. Ach tá contúirt ag baint leis seo.
Faoi láthair sa mheánscoil is féidir le daltaí staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge ag trí leibhéal dhifriúla: bonnleibhéal, gnáthleibhéal agus ardleibhéal. In 2005, rinne thart ar 14,000 dalta an scrúdú ardleibhéil, 28,000 an gnáthleibhéal agus 5,000 an bonnleibhéal. Ciallaíonn sin go bhfuil níos mó ná 70% de na daltaí a dhéanann staidéar ar an Ghaeilge ag déanamh na scrúduithe bonnleibhéil nó gnáthleibhéil. Is trí breathnú ar a dtorthaí siúd a fheictear an chontúirt. Is ar chumas labhartha sa Ghaeilge go príomha a dhíríonn an bonnleibhéal agus an gnáthleibhéal agus tá an inniúlacht a lorgaítear an-teoranta. Ach fós féin, teip nó pas ar éigean a fhaigheann an ceathrú cuid acu. Agus léiríonn sracfhéachaint ar thorthaí le trí bliana anuas gur in olcas atá cúrsaí ag dul.
Faoi láthair is de réir uaireanta an chloig a íoctar formhór na scoileanna, ní de réir an líon múinteoirí atá fostaithe. Mar sin, tá sé go mór chun leasa scoile go mbeadh múinteoirí atá fostaithe ag an scoil ag múineadh cúpla ábhar difriúil, seachas múinteoir breise a fhostú. Faoi láthair má tá cáilíocht oifigiúil de shaghas éigin ag múinteoir tá cead aige nó aici ábhar ar bith a mhúineadh. De réir iarchigire amháin a labhair le Beo!, is é an píosa loighce Éireannaigh seo go príomha is cúis le marcanna an bhonnleibhéil agus ghnáthleibhéil a bheith chomh híseal. Tá go leor scoileanna ag sábháil airgid trí iarraidh ar mhúinteoirí nach bhfuil aon chumas comhrá Gaeilge acu an bonnleibhéal agus fiú an gnáthleibhéal a mhúineadh. Ní hamháin sin ach creidim go bhfuil siad ag úsáid ranganna bonnleibhéil Gaeilge le hábhar eile a mhúineadh do dhaltaí freisin, arsa sé.
Curaclam leasaithe
Sé bliana ó shin cuireadh tús le curaclam leasaithe don Ghaeilge sna bunscoileanna ina raibh an bhéim ar labhairt na teanga. Le cur chuige cumarsáideach a úsáid chun teanga a mhúineadh, is gá go mbeadh cumas maith labhartha ag an mhúinteoir. Cheana féin tá go leor daoine ag léiriú imní nach bhfuil an cumas labhartha sa Ghaeilge atá ag go leor de bhunmhúinteoirí an stáit sách maith, agus go bhfuil ag teip ar an churaclam nua i go leor bunscoileanna dá bharr seo.
Má tá an tAire seo i ndáiríre faoin Ghaeilge a chur chun cinn inar scoileanna uilig, caithfidh sí reachtaíocht radacach a thabhairt isteach, mar aon le córas monatóireachta, a chinnteoidh nach mbeidh aon mhúinteoir ag múineadh Gaeilge ag leibhéal ar bith i scoil ar bith sa stát seo as seo amach nach bhfuil cumas maith labhartha aige nó aici sa Ghaeilge. Muna ndéantar sin, is dochar seachas maitheas a dhéanfaidh an t-athrú cuaraclaim atá beartaithe aici.
Ainneoin go gcreidim a croí a bheith san áit cheart, is deacair liom a fheiscint go mbeidh sé de mhisneach ag bean a bhfuil súil aici ar Thaoiseacht na tíre dúshlán trí cheardchumann na múinteoirí a thabhairt. Tar éis an tsaoil, sin breis is 50,000 vóta.
As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is léiritheoir teilfíse é agus saoririseoir é atá ag scríobh dfhoilseacháin éagsúla.