Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag brath ciontach aimsir na Nollag.
Ba an t-am sin den bhliain arís é agus bhí Pól ag cuntas a chuid pingineach agus é ag smaointeamh ar an chnap bronntanas a bhí le ceannacht aige. Bhí sé díreach i ndiaidh a chuid a chaitheamh agus shuigh sé síos os comhair an teilifíseáin agus é ag meilt ama go dtiocfadh Ellen chun na bhaile óna cuid oibre. Bhíodh sí ag obair mall gach oíche Mháirt. Bhí Pól ag treabhadh leis fríd na cainéil agus gan é ag cur suime i mórán ar bith nuair a bhuail íomhá é mar a bheadh dorn i mbéal an ghoile ann. Bhí páiste beag ag amharc amach as an teilifíseán air. Ní raibh ann ach cual cnámh. Cibé éadaí a bhí air, bhí siad giobach agus iad crochta leis ina sreangacha. Bhí an ghrian ag siúl ar a leiceann ach ní raibh solas ar bith sna súile aige. Mheas Pól go raibh na súile sin sáite ann. Ní raibh an páiste ag impí ná ag éagaoin ach é díreach ina shuí ansin mar a bheadh sé ag rá leis, “Amharc orm. Seo mo shaolsa.”
Bhuail taom samhnais Pól agus é ag smaointeamh ar an luchtú agus an craos a bheadh ar dhaoine fán Nollaig idir bhia agus mhaoin shaolta. Agus sin tachrán agus a bholg ataithe le míchothú agus muidinne ár luchtú féin chomh tiubh géar agus a thig linn.
Déirigh sé ón tolg agus chuaigh sé anonn chuig a ríomhaire. Bhí seoladh idirlín leis an fhógra a raibh an tachrán bocht air agus bhí rún ag Pól á fhiosrú. Bhí súil aige nach raibh an diabhal idirlín ó ghléas mar a bhíodh go minic agus é ar daoraí le rud inteacht a chuardach. Ach bhí gach rud ag dul agus fuair Pól isteach ar an tsuíomh gan stró ar bith. Thug sé súil bheo fríd dá raibh deolas ansin. Bhí sé faoi shaothar ag iarraidh uafás agus alltacht an tsaoil a thuigbhéail. Shuigh sé siar ina chathaoir. Bhí a cheann ag dul thart. Chaithfeadh sé rud inteacht a dhéanamh.
Tá na créatúir seo ar sháraigh an saol orthu agus muidinne ina suí anseo agus muid ar maos i maoin shaolta.
Fán am ar tháinig Ellen ar ais, bhí plean aige. Tháinig sise isteach agus ualach siopadóireachta léi.
Tá mé dubh san aghaidh ag iarraidh bronntanas a roghnú do gach duine. Is crá croí atá ann, arsa Ellen.
Suigh síos ansin anois, a chroí, agus ná buair do cheann. Tá réiteach agamsa ar dheireadh, arsa Pól.
Agus cén réiteach sin? ar sise.
Thig leat deireadh a chur leis an tsiopadóireacht anois. Beidh muid ag ceannacht deireadh ón idirlíon ó seo amach, arsa Pól. Caith díot do chóta agus gabh anall anseo, agus bheir sé greim uillinne uirthi agus threoraigh anonn chuig an ríomhaire Ellen. Suigh fút ansin go dtaispeánfaidh mé seo duit, arsa Pól agus doscail sé an suíomh a raibh sé ag amharc air ní ba luaithe an oíche sin. Réitigh sé a sceadamán agus dúirt, Seo an áit a bhfaighidh muid na bronntanais uilig ó seo amach. Tá liosta déanta amach agam duit cheana féin, arsa Pól.
An bhfuil anois, arsa Ellen agus déirigh an dá mhala aici.
Mhínigh Pól di go dtiocfadh leat cearca, muca, gabhair agus iasc a cheannacht le tabhairt do na bochta sa dóigh is go dtiocfadh leo a mbeatha féin a thabhairt i dtír.
An bhfuil tusa ag déanamh go bhfuil mise ag dul chuig mo mháthair agus ag dul a rá lei go bhfuil gabhair ceannaithe agam don Nollaig, arsa Ellen.
Bhuel, ní chuirfinn go díreach mar sin é, arsa Pól. Déan thusa do rogha rud - níl mo chuid airgidse ag dul isteach i bpócaí na gcomhlachtaí idirnáisiúnta a thuilleadh agus sin sin.
Níor dhúirt Ellen dadaí ach bhí a fhios ag Pól nár sin deireadh an chomhrá seo.
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.