AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Nguyen le crochadh amárach
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Níl mórán trua ag formhór na nAstrálach do Nguyen Tuong Van, an fear óg atá daortha chun báis i Singapore, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Nguyen Tuong Van: le daoradh chun báis 2 Nollaig
Íomhá
Lee Hsien Loong

D’fhógair rialtas Singapore trí seachtainí ó shin go gcrochfaí Nguyen Tuong Van, 25, as Melbourne ag 6 a.m. amárach, an dara lá de mhí na Nollag. Gabhadh é in 2002 ag an aerfort i Singapore ar a bhealach ón gCambóid go dtí an Astráil agus 400 gram hearóine ina sheilbh. Más fíor na tuairiscí, bhí sé ag iarraidh airgead a shaothrú le fiacha a bhí ar a dheartháir a ghlanadh.

Go dtí seachtain ó shin, bhí iarrachtaí ar siúl ag cuid de pholaiteoirí na hAstráile é a shábháil ach ní raibh toradh ar bith ar na hiarrachtaí sin. Anois tá siad ag rá nach sábhálfaidh tada é ach míorúilt agus níl barúil ar bith acu cé as a dtiocfaidh an mhíorúilt sin. Dúradh le rialtas Singapore go raibh eolas aige a bheadh úsáideach do na póilíní i Singapore nó san Astráil. Dúradh freisin go raibh an pionós ródhian d’fhear óg a raibh seans maith go bhféadfaí é a chur ar bhealach a leasa. Bhí an rialtas ag brath freisin ar an gcás a chur os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta san Háig. Bhí comhairle le fáil ó dhlíodóirí éagsúla go mbeadh cás maith acu. Ar ndóigh, bhí a mhalairt tuairime ag dlíodóirí eile. I ndeireadh na dála, cheap an rialtas nach mbeadh aon mhaith dul chun na cúirte.

Chuir rialtas Singapore breis is 400 duine chun báis idir 1991 agus 2003. Is mar gheall ar dhrugaí a cuireadh a bhformhór sin chun báis agus de bharr dúnmharuithe nó coireanna airm an chuid eile. Chomh fada agus is eol dúinn, ní dhearna rialtas na hAstráile aon ghearán faoi aon chás acu sin go dtí seo. D’fhág sé sin faoi mhíbhuntáiste iad. D’fhéadfaí an bhrí a bhaint as go raibh siad ag rá go raibh sé ceart go leor daoine as tíortha eile a chur chun báis ach gur chóir eisceacht a dhéanamh i gcás daoine as an Astráil. Ní cosúil go ndearna siad aon ghearán faoi thíortha eile ina gcuirtear daoine chun báis go rialta ach an oiread - an tSín agus na Stáit Aontaithe, mar shampla.

Níor thug rialtas Singapore aon aird ar na hachainíocha sin. Dúirt siad go lom nach bhféadfaí eisceacht ar bith a dhéanamh sa gcás seo. Dúirt an Príomh-Aire, Lee Hsien Loong, go raibh dóthain hearóine ag Nguyen le 26,000 miosúr hearóine a chur ar shráideanna na hAstráile (gné den scéal nár tugadh mórán airde uirthi sna meáin anseo). Dúirt cathaoirleach na parlaiminte i Singapore i litir chuig a chomhghleacaí i gCanberra go raibh a fhios ag Nguyen céard a bhí á dhéanamh aige agus go raibh a fhios aige cén toradh a bheadh ar an scéal dá mbéarfaí air. Dúirt sé freisin nárbh fhiú mórán an t-eolas a bhí aige faoi mhangaireacht drugaí san Áis i gcoitinne agus nach comhoibriú a bhí ar siúl aige maidir le heolas tar éis dó bheith gafa ach iarracht ar mhoilleadóireacht.

Níl sé le léamh sna páipéir anseo ach tá cuid mhaith den phobal san Astráil a aontaíonn leis an bpionós a gearradh ar Nguyen agus nach bhfuil locht ar bith acu ar an gcinneadh é a chrochadh. Tá siad i gcoinne mhí-úsáid drugaí agus deir siad nár tugadh dóthain airde ar an dochar a dhéanann drugaí sa gcás seo. Tá siad míshásta freisin faoi na hiarrachtaí a rinneadh le Nguyen a shábháil. Ar an raidió is mó atá siad sin le clos ag labhairt le tráchtairí den eite dheis atá ar aon intinn leo. Tá na meáin ag fanacht ciúin faoi na tuairimí sin, go fóill ar aon nós.

*Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é. *

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.