THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
An tSloivéin – rún dea-choinnithe na hEorpa
Máire Ní Chuagáin Máire Ní Chuagáin

Bhain Máire Ní Chuagáin an-sult as a saoire sa tSlóivéin, go háirithe mar gheall ar a laghad sin turasóirí bheith sa tír.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Sé mhí ó shin, ní raibh mórán eolais agam ar an tSlóivéin. Bhí a fhios agam go raibh sí mar chuid den Iúgsláiv tráth agus go raibh sí ar mo bhealach idir an Iodáil agus an Ostair. Mar sin, ba le haigne oscailte ar thuirling mé i Ljubljana, príomhchathair an tírín álainn seo.

Is tír óg í an tSlóivéin - bhain sí a neamhspleáchas amach i 1994. Is tír bheag bhídeach í – níl ach dhá milliún duine inti agus tá 200,000 acu i Ljubljana. Ach ní hionann sin agus a rá nach bhfuil mórán sainiúlachta ag baint léi. Ar an mbealach ón aerfort, ní raibh ach páirceanna agus feirmeacha ar gach taobh de na bóithre cúnga. Bhí an t-aer glan, bhí an aimsir go breá agus bhí na daoine oscailte agus cabhrach. Ba dheacair, i ndáiríre, gan a bheith tógtha leis an tír

Anuas air sin, murab ionann agus tíortha eile na hEorpa i rith an tsamhraidh, ní raibh mórán turasóirí timpeall. Bhí mé in ann bheith ag spaisteoireacht timpeall gan a bheith ag troid in aghaidh taoide turasóirí! Tá tionscal na turasóireachta neamhfhorbartha go leor ann – mar shampla, níor tháinig an chéad eagrán de *Lonely Planet Slovenia *amach go dtí 2004!

Bhíodh an brú óige inar fhan mé féin i Ljubljana ina phríosún míleata tráth, rud a chuireann stair chasta fhoréigneach an chuid sin den Eoraip i gcuimhne duit. Is féidir leat fanacht fiú i seanchillíní athchóirithe más mian leat! Ní raibh an fonn sin orm – bhí mé lánsásta a bheith sa suanlios le taistealithe eile ó áiteanna éagsúla ar fud na cruinne.

I ndáiríre, níl mórán le feiceáil i Ljunljana ó thaobh láithreán stairiúil de, ach is cathair álainn í le siúl timpeall uirthi. Is beag trácht atá ann – téann formhór na ndaoine timpeall ar rothair – agus tá neart sráidíní beaga agus foirgnimh spéisiúla le feiceáil. Tá canáil i lár na cathrach agus go leor caifí ar a bruacha. Is féidir caife a ól ag na caifí seo gan na sluaite (nó praghsanna arda) bheith ag cur as duit.

D’imigh mé ar thuras ar mo dhara lá sa chathair, amach i dtreo theorainn na hIodáile. Beirt Slóivéanach óga a bhí i mbun an chomhlachta, agus bhí siad lánsásta labhairt faoi stair na tíre agus faoin tsochaí, chomh maith le labhairt faoin gcaidreamh idir na tíortha thart timpeall ar an tSlóivéin. Bhí siad buartha go mbeadh drochthionchar ag an Aontas Eorpach ar an tír, toisc go bhfuil sí chomh beag agus nach mbeadh a muintir féin in ann dul in iomaíocht le comhlachtaí nó infheisteoirí móra.

Thugamar cuairt ar Chaisleán Predjama, caisleán ón 15ú haois atá tógtha in éadan carraige. Is féidir pósadh sa chaisleán i seanstíl na meánaoiseanna agus bíonn comórtais ghiústála acu uair sa mhí.

Stopamar ar an gcósta chun breathnú timpeall cuain amháin a chríochnaíonn san Iodáil. Chuiremar críoch leis an lá le snámh san fharraige i bPiran, rud a bhí iontach tar éis lá a chaitheamh sa teas (bhí teocht 36 céim celsius ann an lá sin). Bhí mé tuirseach traochta agus mé ag filleadh ar an mbrú ach b’fhiú go mór é. Tuigim nach ionann tír agus a príomhchathair, agus i ndiaidh an turais sin bhraith mé go raibh cuid mhaith den tSlóivéin feicthe agam agus go raibh mé tar éis léargas éigin a fháil ar stair na tíre agus ar a muintir.

Loch álainn

Bhí go leor cloiste agam faoi Loch Bled, ceann de na cinn scríbe is mó éilimh sa tSlóivéin. Téann na mílte Iodálach, Gearmánach agus Slóivéanach chuig Loch Bled ar saoire gach bliain, agus níl sé deacair a thuiscint cén fath a ndéanann siad amhlaidh. Is beag áit atá feicthe agam atá chomh foirfe sin. Loch mór séimh gorm, ina luí faoi spéir ghorm oscailte, sléibhte ar gach taobh de, agus oileán beag ar a bhfuil séipéal. Bhí an chuma air go raibh sé tógtha díreach as síscéal. Bhí sluaite móra ann ag baint taitnimh as an áit, an aimsir agus an radharc ach, in aineoinn seo, bhí uisce an locha thar a bheith glan agus bhí mé in ann éisciní a fheiscint ag snámh timpeall ar mo chosa agus mé ag snámh ann.

Ar an dara lá, d’eirigh mé go luath agus chuaigh mé ag siúl timpeall an locha agus stop mé le haghaidh snámha. Ní raibh duine ná deoraí eile timpeall agus bhí sé chomh síochánta, chomh suaimhneach agus chomh fíorálainn sin go raibh orm stopadh gach cúpla nóiméad chun breathnú timpeall orm agus iarracht a dhéanamh an íomhá ar fad a ghreamú i m’intinn. Níor chreid mé an mhaidin sin cé chomh hádhúil is a bhí mé, díreach a bheith ansin.

Is iomaí áit iontach atá sa tSlóivéin agus is iomaí tréith iontach atá ag baint léi. Bhí an easpa turasóirí i measc na rudaí a thaitin go mór liom fúithi. Ar ndoigh, bhí turasóirí timpeall, ach i gcomparáid le tíortha eile ar thug mé cuairt orthu i rith an tsamhraidh, ba bheag ar fad an líon a bhí i gceist. B’iontach an faoiseamh é gan a bheith buartha faoi shluaite agus faoi scuainí.

Ceapaim gurb é seo an t-am is fearr chun cuairt a thabhairt ar an tSlóivéin, sula méadaíonn an t-éileamh uirthi mar cheann scríbe. Thaitin sí chomh mór céanna le gach duine a casadh orm agus mé ansin. Chuir an tírín seo, faoi cheilt taobh thiar de theorainn na hIodáile, iontas orainn ar fad.

Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin. Bhain sí céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus chaith sí dhá bhliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin. Chaith sí tréimhse ag obair go deonach san Afraic i mbliana agus tá sí ar ais sa bhaile arís anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.