RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag ócáid i gcoinne do thola.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Bhí ar Eibhlín a dhul chuig damhsa san oíche amárach le hairgead a bhailiú d’ionad na seandaoine. Ní raibh fonn dá laghad uirthi a dhul ann ach bhí a máthair ag obair san áit agus ní thiocfadh léi ise a dhiúltú. Ach ní raibh sí fá choinne an pionós a fhuilstean ar a conlán féin agus sin go díreach an chúis ar ghlaoigh sí ar Shadhbh. Chuir sí isteach uimhir Shadhbha agus bhuail an guthán.

“Bialann Uí Néill,” arsa an duine ar an taobh eile.

“Cé atá agam anseo?” arsa Eibhlín.

“Sadhbh,” arsa an duine eile.

“Ó tú féin atá ann. Caithfidh sé gur sin do ghuth BT. Níor aithin mé ar chor ar bith tú,” arsa Eibhlín.

Rinne Sadhbh neamhiontas de sin agus dúirt, “Bhuel, cad é atá ag dul?”

“Tá damhsa ann fá choinne ionad na seandaoine,” arsa Eibhlín.

“Ó,” arsa Sadhbh, “Chím.”

D’imeoinn ón tsaol ach é, ach tá mo mháthair ag obair san áit agus ní ligfeadh an náire domh gan a dhul chuige,” arsa Eibhlín.

“Agus ba mhaith leat mise a bheith leat. An sin é?” arsa Sadhbh.

“Bheifeá ag déanamh gar domh agus, ní bheadh a fhios agat, b’fhéidir go mbainfeá sult as. Is iomaí rud níos iontaí a tharla,” arsa Eibhlín.

“Is iomaí,” arsa Sadhbh. “Cá huair atá sé ag toiseacht?”

“Ar a naoi, ach ní chaithfeadh muid a bheith ann chomh luath sin. Níl ann ach go mbeidh mé feicthe ann, tá a fhios agat, siocair mo mháthair.”

Ghéill Sadhbh d’Eibhlín agus dúirt sí go mbeadh sí ann thart fá leath i ndiaidh a naoi. Mar a tharla, chuaigh Eibhlín chun an tí ósta lena máthair rud inteacht níos luaithe ná sin.

“Tá muid ar an bhomaite deireanach i gcónaí,” arsa a máthair le hEibhlín. “Beidh siad seo isteach ar an doras ar bhomaite a naoi, tá a fhios agat. Níl siad cosúil le haos óg an lae inniu nach mbíonn in am ná in uair do rud ar bith.”

“An bhfuil tú ag iarraidh cuidiú nó nach bhfuil?” arsa Eibhlín. “Nó má tá, ní sin an dóigh le dhul ina cheann.”

“Tabhair isteach an bocsa sin agus ná bíodh leathoiread seanchinn ort,” arsa an mháthair.

Rinne Eibhlín mar a iarradh uirthi agus chaith sí tuairim is leathuair ag cuidiú léi maisiúcháin a chur suas thall agus abhus sa halla.

“Nach bhfuil cuma i bhfad níos deise air sin anois,” arsa a máthair le hEibhlín.

Níl caill air,” arsa Eibhlín.

Leis sin, d’oscail an doras agus seo isteach beirt seanbhean. Bhí siad beirt cromshlinneach agus bhí a gcuid gruaige gormliath.

“Éilis agus Gráinne,” arsa an mháthair. “Ní ligfeadh an eagla daofa a bheith mall ar eagla go gcaillfeadh siad rud inteacht. Ní bhíonn a dhath ag cur bhuartha orthu ach a ngaosán,”

Féadann tú sin a rá,” arsa Eibhlín.

Choiméad Eibhlín an bheirt agus iad ag déanamh a mbealach thart ar an tseomra. Bhuail siad fúthu ar a laghad trí huaire sula bhfuair siad áit a mbeadh radharc acu ar a raibh ag dul ar aghaidh. Shuífeadh siad ansin i rith na hoíche agus gloiní oráiste as a gcomhair agus gan bogadh astu agus iad ag baint lán a ndá súl as a raibh ag dul ar aghaidh.

Fán am a tháinig Sadhbh isteach bhí Eibhlín ag damhsa le Féilim agus ann ach go dtiocfadh léi an gáire a cheilt. Ní raibh Féilim ach cúig troithe má bhí sé orlach agus bhí Eibhlín ag tarraingt ar na sé troithe. Bhí Féilim chomh leathan agus a bhí sé ard agus bhí maróg mhór air a raibh cuma uirthi nach raibh a dhath á coinneáil in airde ach an bheilt thiubh leathair a bhí fúithi. Bhí tuí gruaige fionn tarraingthe trasna os cionn a bhlagaide air agus gáire go haoibhinn sin ar a bhéal go measfá gur sna flaithis féin a bhí sé. Chuaigh Eibhlín anonn ina dtreo ach, sula bhfuair sí a fhad leo, seo anall Aindí agus bheir sé greim coime uirthi.

“Tá tú agam anois,” ar sé agus rinne sé gáire beag mantach. Bhí cuma cinéal geamach i gcónaí ar a chuid súl mar nach raibh sé ag feiceáil an ruda a bhí roimhe díreach i gceart.

“A Aindí,” arsa Sadhbh “Cén saol?

Thosaigh Aindí ar a liodán féin.

Bheadh oíche fhada ann.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.