AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Tionscadal a thugann daoine ón dá thraidisiún le chéile
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Labhair Liz Curtis le fear darb ainm Ivor Neill le gairid, atá ina scipéir ar bhád a théann chun farraige go minic le foireann daoine as gach saghas cúlra.

Íomhá
Ivor Neill, scipéir na curaí Colmcille
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
An churach Colmcille
Grianghraf: www.ccmhg.org
Íomhá
An Colmcille agus curacha ón Bhriotáin
Grianghraf: www.ccmhg.org

Chuir mé aithne ar na mallaibh ar fhear a bhfuil tionscadal pobail an-suimiúil sultmhar idir lámha aige. Ivor Neill an t-ainm atá air agus is múinteoir sa léann spóirt é. Taobh amuigh den obair, is scipéir é ar churach mhórfharraige darb ainm an Colmcille.

Tá an Colmcille lonnaithe i bPort Rois ar chósta thuaidh na hÉireann agus tá neart turas farraige déanta aici. Tá sí déanta as adhmad, canbhás agus tarra, agus baintear úsáid as maidí rámha agus seolta.

roinnt saghsanna curaí le fáil thart ar chósta na hÉireann, agus is naomhóg Chiarraíoch í an Colmcille. Arsa Ivor: “Tá an naomhóg i bhfad níos éadroime ná, mar shampla, an churach as Tír Chonaill, a bhfuil a lán adhmaid inti. Tá an naomhóg i bhfad níos oscailte agus tá réimsí móra di nach bhfuil ach canbhás amháin le fáil orthu, gan adhmad ar bith. Tá sí an-chosúil le ciseán clúdaithe.”

Tá Ivor ina chónaí i gCúil Raithin, ach bhuail muid le chéile ag an *Share Centre *ar Loch Éirne, in aice le Lios na Scéithe, le tionscadal Cholmcille a phlé. Is ionad é an *Share Centre *do ghníomhaíochtaí lasmuigh agus bhí Ivor ann le daltaí dá chuid.

“Is tionscadal de chuid an Causeway Coast Maritime Heritage Group (www.ccmhg.org) é an Colmcille,” a deir Ivor. “Bhunaigh tríur an grúpa sin. Ba iad sin Robin Ruddock, atá ina mhaor in ionad oideachais lasmuigh; Jim Allen, Oifigeach Comhshaoil Chomhairle Chúil Raithin; agus Robert Anderson, staraí mara atá an-eolach mar dhuine, a bhfuil am caite aige ar an fharraige é féin.

“An aidhm atá againn ná oidhreacht mhara na hÉireann a choinneáil slán, agus suim a spreagadh inti. Ba mhaith linn freisin lámh a shíneadh amach chuig an phobal, trasna na teorann san áireamh. Tá muid i bPort Rois, agus níl Inis Eoghain ach 18 míle ar shiúl. Bhí ceangal i gcónaí idir an dá áit.”

Is le hachan duine oidhreacht na mara, a deir Ivor, is cuma an Protástúnach nó Caitliceach thú. “Is náisiún oileáin muid agus tá baint ag a lán teaghlach leis an fharraige, go speisialta i gcás phobail an chósta. Bhí snaidhm ann a chothaigh an fharraige agus, déarfainn, an t-anró, beag beann ar a gcúlra agus iad i dtír.”

Mar sin, bhí bád de dhíth ar an ghrúpa ina bhféadfadh siad daoine a dhéanamh eolach ar an fharraige.

“Cé go bhfuil suim againn i seanghléasanna agus a leitheid a bhailiú, níor mhaith linn a bheith mar iarsmalann a siúlfadh daoine thart uirthi,” a deir Ivor.

Bhí imeacht mór ag teacht sa bhliain 1997, comóradh bhás Cholm Cille 1400 bliain roimhe sin. “Chinn muid ar thuras a dhéanamh ó Dhoire go dtí Í Cholm Cille, mar a rinne an naomh féin. Níorbh é sin an chéad uair a rinneadh an turas sin i gcurach — rinne grúpa eaglaiseach ón dá phobal é sa bhliain 1979. Bhí bád i bhfad níos lú acusan, curach as Dún na nGall a bhí ann, atá le feiceáil san iarsmalann i nDoire anois.

“Choimisiúnaigh muid fear iontach darb ainm Eddie Hutchinson thíos sa Daingean leis an bhád a thógáil. Ó thaobh airgid de, thug daoine agus gnólachtaí áitiúla bronntanais dúinn agus fuair muid roinnt deontas freisin. Tá obair s’againne uilig deonach, agus ní ghearrann muid táille ar dhaoine as dul amach sa bhád.”

Go Reachlainn

Tá Í Cholm Cille díreach 100 míle ó thuaidh ó Phort Rois, ach thaistil an Colmcille ar feadh chósta thuaidh na hÉireann go Reachlainn, ansin trasna go hÌle.

“Chaill muid cúpla lá mar go raibh stoirm ann,” ar seisean. “Mar sin, ghlac an turas seachtain iomlán.”

Agus an Colmcille ar farraige, bíonn thart fá chúig dhuine dhéag ar bord.

“Tá 12 áit rámhaíochta ar an Cholmcille agus duine amháin ag an stiúir. Chomh maith leo seo, bíonn beirt nó triúr rámhaithe sa bhreis ann. Nuair a bhíonn an bád faoi sheol, bíonn thart fá ceathrar de dhíth le hí a oibriú, ach fanann achan duine ar bord, mar de ghnáth seolann tú ar feadh tamaill, ansin titeann an ghaoth, nó téann sí sa treo mícheart, ansin tógtar na seolta anuas agus tosaítear ag iomramh. Tá inneall beag taobh amuigh againn freisin, a úsáidtear nuair a bhíonn a lán stuif ar bord againn agus an rámhaíocht iontach trom. Ach ní féidir dul leis an inneall amháin. Tugann muid ‘an manach iarainn’ air!

“Ó am go chéile fanann muid amuigh thar oíche. Is aoibhinn liom é sin! Bíonn an ghrian le feiceáil ag dul síos agus ansin ag éirí ar maidin. Nuair a bhíonn oíche bhreá ghealaí ann, bíonn an tine ghealáin le feiceáil ar an fharraige – tá sé fíordhraíochtúil, cosúil le sióga beaga ag damhsa thart ar an bhád.”

Ó bhí an turas go hÍ Cholm Cille ann, tá an-úsáid bainte as an bhád le grúpaí pobail a thabhairt amach ar an fharraige. “Tá grúpaí daoine óga, máithreacha single, grúpaí idirnáisiúnta ón ollscoil, daoine níos sine agus grupaí eaglaise tugtha amach againn. Sa chéad chúpla bliain, sílim gur bhain thart fá 2,000 duine úsáid as an bhád.”

Ansin sa bhliain 2000, leis an mhílaois a cheiliúradh, rinne an Colmcille “turas Ceilteach farraige”, i gcuideachta báid thraidisiúnta ón Bhriotáin darbh ainm Naomh Efflam. Is curach é an Naomh Efflam freisin, ach tá sí déanta as leathar, mar a bhíodh báid na manach sa ré Luath-Chríostaí. Chuaigh an dá churach ó Penzance sa Chorn trasna Mhuir nIocht go dtí an Bhriotáin.

Sa bhliain 2001, thaistil an Colmcille agus an Naomh Efflam ó Douarnenez sa Bhriotáin thart le cósta na Fraince agus cósta thuaidh na Spáinne go dtí Vigo i Galicia. Bhí bád traidisiúnta Bascach darbh ainm Bartholemy in éineacht leo ar feadh cuid den turas.

Ansin in 2003, chuaigh an Colmcille thart ar chósta na hÉireann ar fad, turas farraige ar tugadh “Navigating Peace” air. Turas 700 míle a bhí ann, a ghlac sé seachtaine.

Arsa Ivor: “Mhothaigh mé gur eispéaras spioradálta a bhí ann, dul thart ar Éirinn. Níl mé buartha faoi theorainneacha. Feicim mé féin mar shaoránach den domhan. Ag dul thart ar an tír ar bhád, agus ag féiceáil na tíre ar fad ón fharraige, bhí sé cosúil le mo chuid lámh a chur thart uirthi.”

Guernica

An bhliain seo caite, thaistil an Colmcille thart ar chósta thuaidh na Spáinne arís, ach sa treo eile, ag tosú ag féile mara ag Cambados agus ag críochnú ag Pasaia. Ar an bhealach, bhuail siad isteach chuig Guernica, an sráidbhaile Bascach agus príomhchathair ársa Thír na mBascach, a d’fhulaing an bhuamáil uafásach aerga a rinne na Naitsithe sa bhliain 1937, buamáil a d’fhág 1,600 duine marbh.

“Bhí an tsíocháin mar théama againn arís,” a deir Ivor. “Chuir muintir Guernica fáilte chroíuil romhainn, agus thug muid iúr Éireannach dóibh, atá mar shiombail an aiséirí.”

Is cinnte go mbíonn an-chomhrá agus craic ar na turais sin uilig.

“Bíonn cineálacha éagsúla cúlra ag na daoine ar an bhád. Tógadh mé féin sa traidisiún Ultach-Albanach nó Sasanach. Ach bíonn daoine eile ann ó chineálacha difriúla cúlra. Maidir le reiligiún, bíonn Protastúnaigh agus Caitlicigh ann, agus agnóisithe freisin. Pléann muid achan rud. Tá sé ar fheabhas an réimse leathan cúlraí agus smaointe agus idé-eolaíochtaí atá againn. Ansin, tá roinnt mhaith ceoltóirí traidisiúnta ar an fhoireann, mar sin bíonn cóisirí iontacha againn.”

Agus san am atá romhainn?

“An bhliain seo chugainn, beidh muid páirteach i bhféile mhór mara a bheas ar siúl i bPort Rois, Bun an Phobail agus Doire,” a deir Ivor. “Tosóidh sí ar 22 Bealtaine, agus Féile Cheilteach na Mara an t-ainm atá uirthi.”

Tá plean ar intinn acu don bhliain 2007 freisin.

“Ba mhaith linn turas farraige a dhéanamh suas fiord *san Iorua go Trondheim, i gcuideachta le bád traidisiúnta Éireannach eile, den chineál *Drontheim, a thóg na Lochlannaigh ón áit sin go hÉirinn. ‘Ag dúnadh an chiorcail’ an t-ainm a bheas ar an turas sin.”

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.