AGALLAMH BEO
Robert Fisk
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen
Íomhá
Íomhá
Foirgneamh i mBéiriút a ndearnadh damáiste dó linn an chogaidh. Bhí Fisk ina chónaí sa chathair le linn bhlianta an chogaidh
Íomhá
Príomh-Aire na Breataine Tony Blair: tá sé beag beann ar phobal na tíre, dar le Fisk
Íomhá
Amira Hass, an t-iriseoir Iosraelach a bhfuil an-mheas ag Fisk uirthi
Íomhá
Osama bin Laden: bhuail Fisk leis faoi thrí
Íomhá
Buama eile ar shráideanna Bhagdad

Tá cáil ar Robert Fisk go hidirnáisiúnta mar iriseoir a chuireann a bheatha i mbaol in áiteanna a bhfuil coimhlint ar siúl iontu ar mhaithe le léargas cruinn a thabhairt don domhan ar a bhfuil ag tarlú ansin. Labhair sé le Robert McMillen le gairid faoina chúlra agus faoina dhearcadh ar choimhlintí an lae inniu sa Mheánoirthear.

Agus é ag caint ag an Oxford Union, dúirt an t-aisteoir Meiriceánach John Malkovich go scaoilfeadh sé Robert Fisk agus George Galloway marbh dá bhfeicfeadh sé iad. Bhí an t-ádh orm – agus ar an bheirt acusan - nár cuireadh fatwa pearsanta Malkovich i gcrích mar gur labhair mé le Fisk an tseachtain seo caite. (Bhí mé ag caint le Galloway an tseachtain seo caite fosta mar go bhfuil an bheirt acu ag tabhairt léachtaí – ag ócáidí éagsúla – le linn Fhéile Bhéal Feirste.)

Ta leabhar ollmhór scríofa ag Fisk dar teideal *The Great War for Civilisation: The Conquest Of the Middle East *agus is é is fearr atá cáilithe lena leithéid de leabhar a scríobh. Le cúig bliana is fiche anuas tá sé ag obair sa Mheánoirthear mar fhinné pearsanta ar an uafás, an daonnacht, an mhire agus ar lúcháir an réigiúin chorraigh seo.

Níl gach duine chomh tugtha sin do Fisk, ar ndóigh. Scríobh Simon Hoggart sa *Guardian *gurb é Fisk “that most valuable resource, a journalist whose judgments are not just mistaken, but reliably mistaken. If ever Fisk predicts that the Americans will walk it, that will be the time to put on the tin hat.”

briathar úr sa Bhéarla, fisking, a chum naimhde Fisk; an rud atá i gceist le fisking ná dul fríd alt, líne ar líne, ag ceartú na meancóg ó thaobh fíricí de, na hanailíse agus cibé eile atá ann.

Tháinig Robert Fisk ar an saol i 1946 i Maidstone, Kent. Bhí an teaghlach go maith as – ba Chisteoir Buirge é an t-athair sa bhaile agus chaith sé an cineál óige a léifeá faoi i leabhair Bhéarla na haoise seo caite. Bhí dúil mhór aige i dtraenacha gaile, agus léadh sé Biggles agus Dan Dare.

Nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois, cuireadh chuig scoil chónaithe é.

“Bhí fuath agam air,” a deir sé, “idir an foréigean agus an t-aicmeachas, agus d’impigh mé ar m’athair ar feadh na mblianta mé a thabhairt amach. Ba shaothar in aisce é.

Ba scannán a sheol Fisk i dtreo na hiriseoireachta cogaidh, ainneoin nach maith leis an téarma sin.

“Bhí mé dhá bhliain déag d’aois ag an am agus gach Domhnach thaispeánadh Associated Television, ceann de na chéad stáisiúin neamhspleácha teilifíse i Sasana, seanscannáin dubh agus bán,” a mhíníonn sé dom.

“Rinne Alfred Hitchcock *Foreign Correspondent *i 1940, scannán ina raibh Joel McCrea i ról Huntley Haverstock, comhfhreagraí eachtrach a cuireadh chun na hEorpa le tuairisciú a dhéanamh ar thús an dara Cogadh Domhanda. Tchí sé feallmharaithe, bíonn sé ag déileáil le spiairí Gearmánacha, scriostar an t-eitleán a bhfuil sé ann ach tagann sé fríd agus faigheann sé an bhean is dóighiúla sa scannán. Ní nach ionadh gur shíl mé gur sin an post a bheadh foirfe domsa!” ar sé.

Sáite i gcúrsaí reatha

Ar scoil, bhí Fisk sáite cheana féin i gcúrsaí reatha, ag léamh *The Times *gach tráthnóna agus ag baint duaiseanna as ucht a chuid eolais ar chúrsaí an domhain.

Dalta gach tuismitheora, b’fhearr le mo mhuintir go mbeinn i mo dhochtúir nó i mo dhlíodóir nó go mbeadh gairm de shórt éigin agam, ach dúirt uncail liom, ‘Dá mbeifeá i seomra cúirte, arbh fhearr leat bheith i do bhreitheamh nó i do thuairisceoir?’ agus dúirt mise, ‘I mo thuairisceoir’ agus, mar sin, ghlac mo thuismitheoirí leis go raibh mé ag dul a bheith ag obair i bpáipéar nuachta.”

Rinne Fisk céim amháin – an Léann Clasaiceach agus an Teangeolaíocht - in Ollscoil Lancaster agus an dara céim, sa Pholaitíocht, i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Scríobh sé leabhar dar teideal In Time of War: Ireland, Ulster and the Price of Neutrality, 1939-1945 fán Éigeandáil ó dheas le linn an dara Cogadh Domhanda. Mar sin, tá seantaithí aige ar Éirinn ón seal sin sa choláiste agus, ar ndóigh, bhí sé ina thuairisceoir don Times sna Sé Chontae ó 1972-1975.

Is duine é a thugann cuairt go minic ar Bhéal Feirste an aimsir seo. An síleann sé go bhfuil réiteach i ndán don “iarsma seo den choilíneachas”, mar a thugann sé ar thuaisceart Éireann? Ligeann sé osna as.

“Bhí na racáin i gceantracha Protastúnacha roinnt seachtainí ó shin go dona,” ar sé. “Aontaím le David McKittrick ón *Independent *a dúirt go bhfuil Protastúnaigh ag glacadh ról na gCaitliceach ó thuaidh, go measann siad go bhfuil siad curtha in áit na leathphingine ag an rialtas. Nuair a bhím sa tuaisceart aithním go bhfuil Béal Feirste caillte ag na Protastúnaigh, go bhfuil an móramh Protastúnach ag laghdú de réir a chéile agus cruthóidh sin fadhbanna.”

Bhí athair Fisk ina shaighdiúir sa chéad Chogadh Domhanda, agus uaidh sin agus óna thaithí a d’fhoghlaim an mac cuid mhór fá choimhlintí an lae inniu, a bhfuil a bhfréamhacha san ollscrios sin.

“Seacht mí dhéag i ndiaidh dheireadh an chogaidh sin, bhí teorainneacha Thuaisceart Éireann, na h Iúgsláive agus bhunús an Mheánoirthir leagtha amach ag buaiteoirí an chogaidh, Sasana agus an Fhrainc, taobh istigh de na seacht mí dhéag sin. Tá mo shaol proifisiúnta ar fad caite agam i mBéal Feirste, i mBagdad, sa Bhoisnia, i mBéiriút – sin comhtharlúint uaime – ag amharc ar dhaoine taobh istigh de na limistéir sin ag dó agus ag fáil bháis. Mar sin, tá oidhreacht an choilíneachais achan áit ar oibir mé, gan eisceacht.

“Leagadh sios teorainneacha an Mheánoirthir mar gur mhian linn é a ghearradh suas, le go mbeadh sé go hiomlán spleách orainne mar gur aithin gach duine ag deireadh an chéad Chogadh Domhanda a thábhachtaí is a bhí an ola.”

Deir sé go raibh sé suimiúil gurbh as Tuaisceart na hÉireann cuid mhór de na daoine a rialaigh an Meánoirthear nó gur imir cuid mhór acu páirt mhór i rialú na Sé Chontae fríd Stormont. An meon coilíneach amháin a bhí taobh thiar den dá rud.

Is léir go raibh tionchar an-mhór ag athair Fisk ar an iriseoir a bhfuil aithne againn air sa lá atá inniu ann. Agus é ina ghasúr óg, bhéarfadh a uncail é chuig láithreáin chogaidh ar nós Ypres, Verdun agus La Somme. D’alp Fisk óg an t-eolas uilig fá na feachtais mhíleata éagsúla. Nuair a fuair a athair, Bill, bás i 1992, fuair Robert a shuaitheantais. Ar cheann amháin acu, bhí na focail “The Great War for Civilisation,” frása a spreag teideal a leabhair.

Chuir mé ceist ar Fisk an raibh bunús ar bith creidimh leis an choimhlint sa Mheánoirthear. Má bhí bunús reiligiúin leis, ní bheadh réiteach le fáil choíche.

“Léigh mé alt le John Shepard, ollamh i St Martin’s College i Lancaster, agus bhí seisean ag déanamh staidéir ar an Hadith (ráitis na bhfáithe) agus an Córán agus an Bíobla agus rith sé leis dá mbeifeá ag cuartú leithscéil le cinedhíothú a dhéanamh, go raibh sé le fáil sna trí leabhar seo,” arsa Fisk.

“Ba é an dearcadh a bhí aigesean ná gur gá an bhéim a chur ar shochaí nua-aimseartha a chruthú ina bhfuil an bhéim ar chearta daonna agus chan ar Bhíoblaí agus téacsanna ársa mar níor scríobhadh lenár linn féin iad , agus d’aontóinn leis sin.

“Ar an drochuair, níl a fhios agam cad é mar a deir tú le himam go gcaithfidh Ioslam – focal a chiallaíonn “géillstin” – géillstin do chearta daonna na Náisiún Aontaithe. Ní shílim go n-oibreodh sin,” arsa Fisk.

An eite chlé

Fadhb eile a bhaineann leis an Mheánoirthear is é a laige is atá an eite chlé, dar le Fisk.

“I gcuid mhór áiteanna ar domhan, is í an eite chlé an t-aon institiúid a chuirfeadh smacht ar chogaíocht bunaithe ar reiligiún. Ar chúiseanna áirithe, san iarthar agus san oirthear, cuireadh an eite chlé faoi smacht,” ar sé.

“San Iaráic, áit a raibh eagla ar na Meiriceánaigh go ndéanfaí stát Shi’ite as an tír, ceann de na chéad rudaí a rinne siad ná reachtaíocht a chur i bhfeidhm a chuir laincisí ar chearta na gceardchumann! Ar an dóigh sin, chuir siad deireadh le cibé seans a bhí acu gan stát bunaithe ar an chreideamh a chruthú san Iaráic!” ar sé.

Mar iriseoir, an gcuireann sé iontas air go dtig le rialtais “an bhréag mhór” a inse arís agus arís eile agus a laghad sin freagairte bheith ann?

“Cinnte, agus cuireann sé alltacht orm,” ar sé, “ach mothaím, agus daoine ag dul in aois, go gcroitheann siad a gceann níos mó agus níos mó, mar a rinne mo mháthair agus m’athair, nuair a fheiceann siad a bhfuil ag titim amach. Ach mar iriseoir atá fós ag obair, creidim go diongbháilte go n-insíonn rialtais bréaga agus tá siad calaoiseach i bhfad níos mó ná mar a thiocfadh leo a bheith nó a ligfí dóibh a bheith fiche no tríocha bliain ó shin.”

Deir sé gur inis Anthony Eden bréaga le linn ghéarchéim Suez nuair a mhaígh sé nach raibh comhoibriú i gceist le hIosrael roimh an ionradh Sasanach/Francach ar Suez. Agus chuir sin deireadh le ré Eden.

“Na bréaga a d’inis Tony Blair fá na hairm ollscriosta, bhí siad sin i bhfad ní ba mheasa. Chaill sé cuid mhór suíochán sa pharlaimint. Deir sé, ‘Chuala mé sibh’ agus leanann sé ar aghaidh mar a bhí sé roimhe!”

Sin fadhb mhór atá ag dul in olcas sa Bhreatain, dar le Fisk: an dóigh a mothaíonn daoine nach bhfuil rialtas na tíre ag gníomhú ar a son agus go bhfuil an bhearna idir an saoránach agus an córas polaitíochta ag méadú. Bhí an neamhaird a thug an rialtas ar an mhórshiúl frithchogaidh i Londain ar a raibh milliún duine ina chomhartha nach raibh an rialtas ag comhlíonadh mhian na ndaoine, measann Fisk.

“Níl na hionadaithe a thogh muid ag déanamh ionadaíochta ar ár son agus tá sin ag cur an daonlathais i mbaol,” ar sé.

I gcroílár na contúirte

Tá an clú ar Fisk go gcuireann sé tuairiscí níos fearr ar fáil mar go mbíonn sé féin i lár an aonaigh ag na láithreáin uafáis, i gcroílár na contúirte.

Araibis líofa aige agus measann sé féin nach dtuigeann iriseoirí cad é mar a mhothaíonn gnáth-Arabaigh siocair nach mbíonn siad ag caint leo ar na sráideanna.

Rinne Fisk tuairisceoireacht ar an réabhlóid san Iaráin, an cogadh idir an Iaráin agus an Iaráic, agus an choimhlint san Ailgéir.

D’fhan sé féin i mBéiriút le linn an chogaidh chathartha sa tír sin. Mar sin, an mbreathnaíonn Fisk air féin mar fhinné ar an chogadh nuair atá iriseoirí eile sásta iriseoireacht óstáin a chleachtadh?

“Téim chun na hIaráice agus – dálta Patrick Cockburn, an tÉireannach atá ag obair don *Independent *agus iriseoir an *Guardian *- bím ag tuairisceoireacht ó na sráideanna,” ar sé. “Ní miste liom iriseoirí bheith ag tuairisciú ó sheomraí daingnithe óstáin ar ghutháin siúil a fhad is go n-insíonn siad don lucht féachana gur sin mar atá.

Ba ghnách liom creidbheáil gur muidinne, na hiriseoirí, céad fhinnéithe neamhspleácha na staire, go raibh muid neodrach. Ach bhí mé ag caint le hAmira Hass – iriseoir Iosraelach den chéad scoth atá ag obair don pháipéar *Ha’aretz *– agus bhí plé fada againn fá ról na n-iriseoirí ar fud an domhain. Agus dúirt sise: ‘Tá tú contráilte, a Robert. Is é jab s’againne ná monatóireacht a dhéanamh ar chroílár na cumhachta, go háirithe nuair a théann siad chun cogaidh, go háirithe nuair a mharaíonn siad daoine, go háirithe nuair a insíonn siad bréaga fá na dúnmharuithe sin.’

“D’imir taithí a máthar tionchar mór ar Amira. Bhí an mháthair ag troid ar son na bPartisans, ach ghabh na Gearmánaigh í agus chuir í chuig sluachampa géibhinn. Agus í ag siúl na sráide a fhad leis an traein a bhéarfadh chun an ghéibhinn í, í gléasta go gioblach, tháinig na mná tí Gearmánacha amach as a gcuid tithe, áit a raibh siad ag déanamh giollachta ar an bhricfeasta, le stánadh orthu. Dúirt an mháthair le hAmira: ‘Tá rud amháin ar an tsaol seo nach dtig liom cur suas leis, agus sin daoine a sheasann ar leataobh, a amharcann ach nach ndeán a dhath.’”

Is iomaí cara de chuid Fisk a fuair anbhás le linn na gcoimhlintí a ndearna sé tuairisciú orthu.

Bhí sé mór le Rafiq Hariri a bhíodh ina Phríomh-Aire ar an Liobáin, agus an fear a chuir tús le hatógáil na tíre i ndiaidh an chogaidh chathartha, go dtí gur maraíodh é i mBéiriút i mí Feabhra i mbliana.

Chuir an marú gruaim ar Fisk. Bunús an ama, d’fhillfeadh sé ó láthair éigin chogaidh nó uafáis chuig a árasán i mBéiriút “le hanáil a tharraingt, bheith ar mo sháimhín só cois na farraige, nó suí ar mo bhalcóin álainn ag breathnú ar an Mheánmhuir, nó dul a shnámh i linn an tseanóstáin bhriste, an St George.

“Sna laethanta a lean marú Hariri, ní thiocfadh liom gan gruaim a bheith orm,” a scríobh sé ina leabhar. “Bhí greim ag an bhás ar an Mheánoirthear, agus bhí sé mar thaibhse i mo shaol féin. I mo leabhar teagmhálacha, tá nótaí beaga in aice leis na hainmneacha. Died, 2004 a scríobh mé in aice le huimhir ghutháin Margaret Hassan. Murdered, 14/2/05 a scríobh mé in aice le hainm Hariri.”

Ach cad é mar a thig le hiriseoir feidhmiú agus an dúbhrón seo uilig thart air, bás a chairde agus a lucht aitheantais. Measann sé gur gairm atá san iriseoireacht agus go bhfuil sé cosúil leis an leigheas, ainneoin gur tábhachtaí i bhfad lucht leighis, a deir sé. Cuireann na básanna fearg air, ach níl sé ansin le deora a shileadh.

“Ní shileann dochtúir deora nuair atá sé ag déanamh obráidí ar dhaoine atá go dona tinn,” ar sé.

Osama bin Laden

Ní ba luaithe sa chomhrá, dúirt sé go bhfeiceann daoine an t-aingeal i ndaoine a bhfuil siad mór leo, is cuma cé chomh lochtach is atá siad. An bhfeiceann sé an t-aingeal in Osama bin Laden?

Chuir an cheist mishuaimhneas air, eagla air go scríobhfainn go raibh sé ag tabhairt tacaíocht mhorálta do bin Laden, fear ar bhuail sé leis trí huaire. An pointe a bhí mé a dhéanamh ná má mhíníonn tú na cúiseanna atá taobh thiar de ghníomhartha uafáis – 9/11, feachtas na Sealadach, an “insurgency” atá ar siúl faoi láthair san Iaráic – go ndéarfaidh daoine go bhfuil tú ag tabhairt leithscéil do sceimhlitheoirí, á maitheamh, agus ag tabhairt tacaíochta dóibh.

“Gach uair a mhíním na fáthanna a bhfuil fuath ag Moslamaigh, agus an domhan Arabach go ginearálta, ar an Iarthar, cuirtear sin síos dom go bhfuil mé ag tabhairt tacaíochta do sceimhlitheoirí. Ní bhainim úsáid as an fhocal sceimhlitheoir mar go mbaintear úsáid as le cur síos ar ár naimhde, chan ar ár gcairde. Ná déan dearmad gur cara don Iarthar a bhí i Saddam Hussein agus gur throid Osama bin Laden ar ár son-na san Afganastáin. Is focal gan úsáid é ‘sceimhlitheoireacht’.

“Caithfidh muid an cheist a chur, ‘Cad chuige?’ I ndiaidh 9/11, rinne ollúna Meiriceánacha ionsaithe fíochmhara orm, ach ní leor é a rá go bhfuil ‘siad’ á dhéanamh mar go bhfuil fuath acu ar an tsaoirse atá againn. Má dhéantar coir, an chéad rud a dhéanfaidh na póilíní ná ceannfháth a chuartú. Maidir le 9/11, is é an t-aon rud nach bhfuil cead againn a dhéanamh na cúis a chuartú.

“Caithfidh tú a rá leat féin: ‘Is Arabaigh iad a rinne a leithéid seo; is as an Mheánoirthear iad; an bhfuil fadhb ansin?’ Caithfidh tú na fadhbanna sin a réiteach sa dóigh is nach dtarlóidh sé arís.

“Nuair a tharla na buamaí i Londain i mí Iúil, thosaigh Blair ag caint ar ‘evil ideologies’. Ní chuirfidh sin deireadh leis an hionsaithe,” arsa Fisk.

Sin an pictiúr mór, a deirim leis, an pholaitíocht ar scála domhanda, ach tá pictiúr beag ann fosta, na leanaí a mharaítear, na pléascáin fhéinmharaitheacha.

“Ní pictiúr beag atá ann nuair atá tú ansin,” arsa Fisk, agus fearg ina ghlór. “Téim chuig na marbhlanna agus tchím iad, na scórtha acu. Tchí tú mná, a lámha ceangailte ar a gcúl, iad scaoilte trí huaire sa chloigeann, nó tchí tú leanaí agus an scornach gearrtha acu. Is rud uafásach é sin.”

Is léir go gcuireann an forneart déistin ar Fisk agus is léir go gcreideann sé go bhfuil maitheas agus cneastacht i measc na saighdiúirí Meiriceánacha atá san Iaráic, ach go bhfuil coireanna cogaidh á ndéanamh acu fosta.

I ndiaidh na hIaráice, ní fios cad a tharlóidh. Má chailleann na Meiriceánaigh agus na Sasanaigh, cad é tá an tionchar a bheas ag sin ar an Mheánoirthear? An bhfógróidh Bush cogadh ar an tSiria nó ar an Iaráin? Neosfaidh an aimsir. Ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, beidh tuilleadh láithreán uafáis ag Robert Fisk le bheith ag tuairisciú uathu.

Is iriseoir leis anIrish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.