CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Méabh Ní Eithir: fidléir óg Bhéal Feirste
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Is fidléir den scoth í Méabh Ní Eithir a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste. Ach ní ag fidléireacht a chaitheann sí a cuid ama ar fad, mar a fuair Antaine Ó Faracháin amach le déanaí nuair a chuaigh sé chun cainte léi.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Méabh agus Conor Byrne agus seinm le chéile

Antaine Ó Faracháin: A Mhéabh, inis dúinn i dtosach cén chaoi ar thosaigh tú ar an gceol. An ar scoil a tharla seo nó cén áit?

Méabh Ní Eithir: Thosaigh mé a fhoghlaim ar scoil ceart go leor agus ansin le scoil cheoil mhuintir McPeake.

AÓF: Cén áit a raibh tú ar scoil? An Gaelscoil a bhí inti? An raibh béim ar leith ar an gceol inti?

MNíE: Chuaigh mé go dtí Bunscoil Feirste, scoil lán-Ghaelach. Bhí cuid mhór ceoil sa bhunscoil sin agus rudaí eile bainteach le cultúr na hÉireann – damhsa agus amhránaíocht, mar shampla.

AÓF: Cé hiad na múinteoirí ceoil a bhí agat?

MNíE: Muintir McPeake agus Seán Mac Guidhir agus go leor múinteoirí eile i gceardlanna éagsúla timpeall na tíre.

AÓF: Inis dúinn faoin bhfidléir clúiteach sin, Seán Mag Guidhir.

MNíE: Múinteoir den chéad scoth a bhí ann. Duine an-suimiúil agus duine an-phearsanta a bhí ann fosta, a thug a chuid ceoil do go leor daoine i mBéal Feirste. Bhí sé an-fhlaithiúil mar dhuine. D’fhoghlaim mé go leor ceoil ó Sheán agus bhí tionchar mór aige orm mar cheoltóir. Bhí sé an-dian maidir le húsáid an bhogha agus ó thaobh cúrsaí ornáidíochta de, agus maidir leis an gcineál portanna a mhúin sé. Duine an-speisialta a bhí ann domsa.

AÓF: An bhfuil ceoltóirí ar leith a thaitníonn leat anois nó cé hiad a mbíonn tú ag éisteacht leo na laethanta seo?

MNíE: Tá mé an-tógtha le go leor fidléirí, leithéidí Tommy Peoples, Cathal Hayden, Paul O’Shaughnessy, Bríd Harper, Liz Carroll agus go leor daoine eile.

AÓF: An bhfuil aon albam taifeadta agat nó ar mhaith leat ceann a dhéanamh?

MNíE: Rinne mé dlúthdhiosca le Conor Byrne darb ainm Bavan. Tháinig sé amach thart fá dhá bhliain ó shin.

AÓF: Bhí tú ag seinm leis an ngrúpa Providence tráth freisin, nach raibh?

MNíE: Chas mé ar an chéad dlúthdhiosca s’acu agus rinne mé cúpla turas leo. Is grúpa den scoth iad. Bhain mé an-sult as a bheith leo.

AÓF: An bhfuil tú ag seinm le haon ghrúpa anois faoi láthair?

MNíE: Tá mé fós ag casadh le Conor agus le daoine eile mar Barry Kerr, Christy Leahy agus Donncha Moynihan.

AÓF: Tá cúpla clár teilifíse déanta agat faoin gceol freisin. Cén chaoi ar thosaigh tú ar an obair theilifíse?

MNíE: Chuir mé tús leis an obair theilifíse mar láithreoir ar shraith cláracha dar teideal “Banish Misfortune” do RTÉ. Ina dhiaidh sin rinne mé cúrsa oiliúna ar obair theilifíse i mBéal Feirste. As sin a tháinig mo chéad sraith do TG4 ina raibh mé mar stiúrthóir agus léiritheoir. “Ceird an Cheoil” an teideal a bhí air agus craoladh é ag tús na bliana seo. Tá mé ag obair faoi láthair ar shraith de shé chlár do TG4 faoi cheol an lucht siúil. Sraith í a thaispeánann an tábhacht a bhaineann le traidisiúin na ndaoine seo agus an tionchar a bhí acu ar cheol na hÉireann agus ar cheoltóirí éagsúla. Beidh sí le feiceáil ar TG4 sa bhliain úr.

AÓF: An bhfuil cúpla smaoineamh agat faoi chláracha eile ba mhaith leat a dhéanamh amach anseo?

MNíE: Na céadta! Is aoibhinn liom an obair seo agus tá súil agam go bhfaighidh mé seansanna eile.

AÓF: Céard faoi do chuid ceoil féin? An bhfuil aon phleananna agat maidir leis sin?

MNíE: Tá cúpla turas timpeall na hEorpa le Barry Kerr, Christy Leahy agus Donncha Moynihan ar na bacáin. Tá mé ag súil go mór leo sin.

AÓF: Dá gcuirfinn ceist ort cén fáth a seinneann tú ceol, céard a déarfá?

MNíE: Tá mé an-tógtha leis an gceol agus is maith liom a bheith ag casadh os comhair daoine. Is aoibhinn liom an taisteal fosta. Tá an taobh sóisialta den cheol go hiontach fosta – tá a fhios agat, a bheith ag bualadh le daoine éagsúla timpeall an domhain.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.