Níltear ag cur go leor cabhrach ar fáil dóibh siúd a bhfuil fadhbanna móra pearsanta acu agus seo ceann de na cúiseanna a bhfuil ráta chomh hard sin féinmharaithe againn.
»»»Tá sé bliain anois ó ceapadh Dermot McLaughlin, an ceoltóir as Doire, mar Phríomhfheidhmeannach ar Mhaoin Bharra an Teampaill. Labhair Ruth Nic Giolla Iasachta leis faoin obair atá ar bun aige sa cheantar seo i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath agus faoin bhfís atá aige don todhchaí.
»»»Bhí an bainisteoir cispheile Lenny Wilkins an-bhocht agus é ag éirí aníos agus tugadh drochíde dó de bharr go raibh athair dubh agus máthair bhán aige, ach d’éirigh leis go leor a bhaint amach ina shaol mar sin féin. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Tá saothar clúiteach de chuid an ealaíontóra Vermeer tar éis inspioráid a thabhairt do scríbhneoir agus do stiúrthóir scannáin. Féachann Ciara Nic Gabhann ar na buanna a bhaineann le saothar an ealaíontóra.
»»»Níl cothrom na Féinne á fháil ina dtír dhúchais ag ceoltóirí Gearmánacha a chanann sa Ghearmáinis agus sa Bhaváiris, dar le Christoph Wendler.
»»»Is beag úsáid a baineadh as an bhFaróis ar feadh cúig chéad bliain ach d’éirigh le muintir na tíre an teanga a athbheochan breis is céad bliain ó shin. Cúlra an scéil ó Chaoimhe Nic Giolla.
»»»Sa dara cuid dá alt, déanann Cóilín Ó Floinn cur síos ar dhá áit eile i Nua-Eabhrac a bhfuil ranganna Gaeilge ar fáil iontu, áiteacha atá an-difriúil óna chéile.
»»»D’fhoghlaim Mairéad Ní Mhaonaigh, an fidléir agus amhránaí leis an ngrúpa Altan, a cuid ceoil óna hathair Francie agus ó fhidléir clúiteach eile as Dún na nGall, Dinny McLaughlin. Tá meas aici ar amhráin chomh maith agus tá cláracha raidió agus teilifíse faoin gceol traidisiúnta curtha i láthair aici i gcaitheamh na mblianta freisin. Labhair Antaine Ó Faracháin léi le gairid.
»»»Tá seirbhís traenach idir Adelaide agus Darwin den chéad uair riamh anois ach ní dea-scéala é seo do gach duine, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá Balor na bPócaí Folmha go mór in éad le roinnt ball de chuid Údar Ass na Gaeltachta de bharr costaisí chomh maith sin a bheith á bhfáil acu.
»»»Léiríonn suíomh gréasáin NASA na laigí a bhaineann leis an idirlíon mar mheán, mar aon leis na buntáistí, dar le Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá Dónall Ó Maolfabhail den tuairim go bhfuil dochar mór déanta ag roinnt de na ráitis a rinne an Taoiseach agus an tAire Dlí agus Cirt mar gheall ar mhaoiniú Shinn Féin agus gur chun vótaí a mhealladh ina dtreo féin atá sé seo á dhéanamh acu.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Julian de Spáinn, bainisteoir Sheachtain na Gaeilge Teoranta (Conradh na Gaeilge).
»»»Ta Liz Curtis an-tógtha leis na himeachtaí a eagraíonn Cumann Seandálaíochta Uladh, go háirithe na turais.
»»»Measann Robert McMillen gur ábhar dóchais a bhí sa chruinniú idir Ian Paisley agus an Taoiseach Bertie Ahern le gairid.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantar Gaeltachta le fáil i ngach eagrán de Beo. An mhí seo: Gleann Cholm Cille, Contae Dhún na nGall.
»»»Téann imreoirí an chlub iomána a bhfuil Colm Mac Séalaigh bainteach leis i mbun traenála ag leathuair tar éis a sé ar maidin ach ní haon eiseacht iad - tá imreoirí ar fud na hÉireann sásta íobairtí móra a dhéanamh bliain i ndiaidh bliana chun caighdeán níos airde a bhaint amach.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoil agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: Lá Fhéile Vailintín.
»»»Chuir fógra a chonaic Tony Birtill i nuachtán áitiúil i Learpholl le gairid ag smaoineamh é ar John Lennon agus chomh tábhachtach is a bhí sé do bhunadh na hÉireann sa chathair.
»»»Beidh an chomhdháil náisiúnta, Tóstal na Gaeilge 2004, ar siúl ag deireadh mhí Feabhra. Is comhdháil í seo atá dírithe orthu siúd a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Míníonn David Leydon, duine de lucht eagraithe na comhdhála, cén fáth ar fiú do dhaoine freastal ar an imeacht.
»»»Rinneadh Staidéar Tionchair Teanga le déanaí chun an éifeacht a bheadh ag tógáil eastáit nua tithíochta ar an gCeathrú Rua i gConamara ar an nGaeilge a mheas. Tá Uinsionn Mac Dubhghaill den tuairim, áfach, go bhfuil laigí móra ag baint leis an staidéar seo.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.