Tá Balor na bPócaí Folmha go mór in éad le roinnt ball de chuid Údar Ass na Gaeltachta de bharr costaisí chomh maith sin a bheith á bhfáil acu.
Ní mó ná sásta atá Balor na Súile Nimhe an mhí seo i ndiaidh dó a fháil amach go bhfuil airgead mór á fháil ag baill Bhord Údar Ass na Gaeltachta ar chostaisí. Tuilleann (oops!) - faigheann ceathrar acu breis agus míle euro an duine sa mhí mar chostais! Agus cad é a fhaigheann Balor Bocht in aghaidh na míosa? An méid céanna is a bhí á fháil aige nuair a tháinig an liarlóg seo amach an chéad lá riamh: ceithre cent déag; cúig cent déag má bhíonn tríocha a haon lá sa mhí; dhá cent déag i mí Feabhra agus trí cent déag gach ceathrú Feabhra nuair is bliain bhisigh a bhíonn ann - mar atá i mbliana, buíochas le Dia! Yahú!
Bhí sé ag madraí an bhaile riamh anall gur daoine cruógacha a bhí i mbaill tofa an Údar Ass, cuid acu níos cruógaí ná a chéile, agus an ceathrar ar bharr an liosta is cruógaí ar fad acu: Pádhraic Ó Bia, Brains Ó Domhnaill, Daithí Elkhorn agus Randy Mac Gearailt.
Dearbhchomhtharlú glan amach is amach é gur ionadaithe de chuid an pháirtí pholaitíochta chéanna iad an ceathrar seo, agus nach gcaitheann duine ar bith acu léine ghorm ná rós dearg.
Iontas na n-iontas, a deir sibh, nach bhfaigheann Cathaoirleach an Údar Ass, Willie Cunningham Uasal, fiú leath an mhéid chéanna mar chostais is a fhaigheann cuid de na baill. Cad é mar a tharla sé sin? Bhail, tá míniú iontach simplí ag Balor na Gaoise ar an cheist dhoghrainneach sin. Baineann cuid mhór de na costais leis an achar ama a chaitheann ball den bhord as baile, ag dul chuig cruinnithe agus araile; nó i gcás an cheathrair thuas, ag fiosrú thógáil eastát tionsclaíochta ar Mhars agus áiteanna eile i bhfad ó bhaile. Ghlacfadh sé cúpla lá ar an ghnáth-thiománaí taisteal ó Mhálainn go Carn Uí Néid, via Baile Átha Cliath, Gaillimh, Port Láirge agus an Daingean. Ach tá an turas sin déanta ag Willie in uair an chloig go leith, agus ghlac sé scíste i nGaillimh fá choinne babhla ríse coipthe i Fat Freddy’s leath bealaigh. Willie bocht! Níl aon iontas go bhfuil sé briste!
Anois teacht an earraigh beidh a chiall ag imeacht le gaoth arís agus tar éis na Féile Bríde beidh a raibh de splanc chéille riamh aige i ndiaidh é a thréigean. Cé atá i gceist agam? Cé eile ach Slánaitheoir an Phobail, Laoch na Laethúlachta, Curadh na Coitiantachta, Micheál D. Ó Dowdal Dumb atá ag iarraidh anois bheith ina Uachtarán ar Éirinn. Deir sé go gcluineann sé glór istigh ina chloigeann agus go mbíonn an glór seo ag insint dó an rud a chaithfidh sé a rá le muintir na hÉireann. Deir sé gur inis an glór dó gurb é is fóirsteanaí don phost sa Pháirc, gurb é is binnbhéalaí, gurb é is deaslabhartha, gurb é is blagadaí agus is snasta plait agus is áille go mór.
Dar leis an ghlór seo gur aige atá an mianach, gur aige atá na magairlí, gur aige atá an stuif ceart. “Ní haon Adi C tusa! Agus níl tú Dána ach oiread! Not on your Nally!” a deir an glór leis i ndorchacht na hoíche. Dar leis an bheirt acu - é féin agus an glór - go dtiocfaidh muintir na hÉireann amach ina sluaite iomadúla céadacha le vóta a chaitheamh ar a shon. Cac an diabhail ar an té a dúirt nach raibh sa ghlór sin ach macalla na gaoithe ag séideadh fríd an fholmhach idir a dhá chluais. “Fér plé do Mhicheál D.” mar a deir an mhuintir thiar, agus an ceart acu ar ndóigh. Murach fear na haislinge cén áit a mbeadh tír na hÉireann inniu? Murach go n-éisteann Naomh Maolmhaodhóg Ó Ruairc leis an ghlór istigh ina chloigeann cén áit a mbeadh Tuiseal Ginideach an lae inniu. Agus murach go n-éisteann Willie Cunningham le 2FM agus é ag tiomáint ar fud na tíre ar nós an diabhail, a chos dheas ag preabadh le buille buile an cheoil mhire, ní thiocfadh leis an Stát seo méid a chuid costaisí a sheasamh. Bímis buíoch as a bhfuil againn.
Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)