Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoil agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: Lá Fhéile Vailintín.
Bhí Dónall ina shuí sa tseomra ranga agus é ag amharc uaidh. Bhí rang staire sa tsiúl ach ní air sin a bhí aird Dhónaill. Bhí sé ag meabhrú fá Isibéal a bhí ina suí ceithre shuíochán chun tosaigh air. Bhí sé ag déanamh iontais den ealaín a bhí sa dóigh ar chuir sí suas a cuid gruaige agus an dóigh ar éalaigh corr-ribe thall agus abhus, gur ligh siad taobh a leicne.
Leis sin rinne an máistir Ó Duibhir búirtheach agus rinneadh stacán cloiche de Dhónall.
“A Dhónaill,” arsa an máistir Ó Duibhir, “b’fhéidir gur mhaith leatsa muid a chur ar an eolas maidir le cúiseanna an Chéad Chogadh Domhanda. Bhuel?”
Dheargaigh Dónaill, ach focal amháin ní thiocfadh as a bhéal. Seo anuas an máistir Ó Duibhir ina threo. Bhí Ó Duibhir mór aingiallta agus is iomaí uair a chuaigh tábla nó cathaoir i bhfostú ina chuid spág mór ag é ag déanamh ar dhuine. Mar is mó fearg a bhí air, mar is mó a rinne sé dochar don troscán. Bhí trí thábla agus cathaoir as a riocht sula bhfuair sé a fhad le Dónall.
“An ag déanamh ceap magaidh domhsa atá tú?” ar seisean agus gach focal á ghearradh ina dhá leath ag a chuid smeacharnaí. “Is iomaí maistín atá feicithe agam i m’am agus, an bhfuil a fhios agat seo, is dóiligh do shárú. Tá mé dubhthinn duit, idir a bheith ag priollaireacht thart agus ag geabaireacht bomaite amháin, agus an chéad rud eile tá tú i do shuí suas áit inteacht agus aoibh an gháire ort mar a bheadh dundarlán ann a bhfuil cearr beag air.”
Rinne an máistir Ó Duibhir iarracht a thaca a chur leis an bhalla ach, cibé a tháinig air, baineadh truisle beag as. Tharraing an rang uilig isteach a n-anáil mar a bheadh beithíoch amach ann ach cibé díobháil céille, nó mire, a bhí ar Dhónall rinne sé gáire. Agus chan meangadh beag a bhí ann ach an oiread ach racht croíúil. Bhí an máistír Ó Duibhir le ceangal, agus cé gur fhéad sé a bheith anasta anois agus arís, nuair a bhuailfeadh an fonn é bos a bhualadh ar dhuine i mbun na cluaise bhí sé breá aclaí. Fágadh an gáire ar an taobh eile den leiceann ag Dónall agus shuigh sé ansin, an teas ag spréadh óna chluas, anuas ar a leiceann.
Rinne an máisitir Ó Duibhir racht eile cainte ach níor chuala Dónall focal de, ní raibh aige ach a bheith ag smaointiú go bhfaca Isibéal deireadh seo. Ní ligfeadh an náire dó amharc ina treo. B’ansin a tháinig cuid focla Uí Dhuibhir chuige: “D’imigh an lá a dtéifinn an tóin agat.”
D’éirigh Dónall ina sheasamh agus d’amharc sé idir an dá shúil ar an mháistir, agus a chroí ag réabadh ina ucht, agus dúirt sé leis an mháistir Ó Duibhir: “Má leagann tú méar amháin eile orm cuirfidh mé an dlí ort.”
Lig an rang osna eile agus thosaigh monabhar beag comhrá, ach tháinig tost ar dheireadh chomh luath agus a thiontaigh an máistir Ó Duibhir ina dtreo. Chas sé ar Dhónall arís ach bhí Dónall leath bealaigh i dtreo dhoras an tseomra. Ní raibh cuma ar bith air go raibh an stoirm ag siothlú.
Bhí Isibéal ina suí ag amharc agus ag éisteacht leis an raic. Bhí a fhios aici go maith go raibh suim ag Dónall inti nó achan iarraidh dár thiontaigh sí a ceann bhí Dónall ansin agus a chuid súl sáite inti. Ach sin ráite, níor chuir sí mórán suime ann nó níor shíl sí go raibh sracadh ar bith ann roimhe seo. Mheas sí go raibh cuma cinéal anbhann, fágtha air go dtí an lá inniu. Ach chonaic sí Dónall eile inniu, fear nach ligfeadh don mháistir Ó Duibhir bail mhadaidh a thabhairt air. Thuig sí i gceart go mbeadh a chroí amuigh ar a bhéal nó bhí an máistir Ó Duibhir fá chuil ar fad. Sin an tuige a raibh athrú meoin uirthi ansin.
Rinne an eachtra sin cinéal laoich scoile de Dhónall anois agus chuidigh sé le hIsibéal cinneadh a dhéanamh. Bhí Lá Fhéile Vailintín ag tarraingt uirthi agus bhí sí ag meabhrú le tamall anois fá cé chuige a gcuirfeadh sí cárta. Ní raibh mórán ar an liosta, ach go dtí an lá inniu bhí Dónall go maith chun deiridh ar an chuid eile. Chuirfeadh sí ceann chuig Dónall anois. D’amharc sí anonn ar Dhónall faoina cuid súl agus rinne sí leath-gháire leis. D’amharc an máistir Ó Duibhir air agus dúirt sé agus faobhar ar a ghuth: “Nár aifrigh Dia orm é, bainfidh mé a luach asat. Fan go bhfeicfidh tú.”
Ach ba chuma le Dónall - bhí Isibéal Ní Luain i ndiaidh gáire a dhéanamh leis.
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.
Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)