TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Tóstal na Gaeilge
David Leydon David Leydon David Leydon

Beidh an chomhdháil náisiúnta, Tóstal na Gaeilge 2004, ar siúl ag deireadh mhí Feabhra. Is comhdháil í seo atá dírithe orthu siúd a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Míníonn David Leydon, duine de lucht eagraithe na comhdhála, cén fáth ar fiú do dhaoine freastal ar an imeacht.

Beidh Tóstal na Gaeilge, a eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag tús gach dara bliain, ar siúl i nGaillimh ar an 27 agus 28 Feabhra.

Tabharfaidh An Tóstal deis duit níos mó eolais a fháil faoi eagrais éagsúla stáit. Beidh na daoine go léir a bhfuil cumhacht acu cinntí a dhéanamh maidir leis an nGaeilge i láthair aige - an tAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív; Seosamh Mac Donncha, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge; Pádraig Ó hAoláin, Údarás na Gaeltachta; agus an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, má cheaptar é in am.

Mar is eol d’aon duine atá ag obair i saol na Gaeilge nó a bhfuil suim aige sa teanga, tá go leor ag brath ar na daoine thuasluaite. Ní hé amháin go bhfuil smacht acu ar an maoiniú ach tá na hacmhainní agus an chumhacht acu an Ghaeilge a chur chun cinn i gcomhar linn go léir.

Tabharfaidh An Tóstal deis duit na daoine seo a cheistiú; muna bhfuil tú sásta lena gcuid iarrachtaí ar do shon mar dhuine a labhraíonn Gaeilge, is féidir leat é sin a chur in iúl dóibh. Chomh maith leis sin, is féidir moltaí a chur faoina mbráid nó iad a mholadh más dóigh leat go bhfuil sé tuillte acu.

Ba bhliain rathúil ab í 2003 do lucht na Gaeilge, mar a dúradh in *Beo! *na míosa seo caite, ach go háirithe le teacht an Achta Teanga. Beidh ionadaithe ag an Tóstal ón Roinn agus ó fhorais stáit eile, mar shampla Bord Sláinte an Iarthair, le samplaí a thabhairt den chaoi a mbeidh an tAcht á chur i bhfeidhm go praiticiúil.

Ceann de na hábhair is mó atá i mbéal an phobail ná stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Beidh ionadaí ag an Tóstal ó Rialtas Mhálta le labhairt faoin gcaoi ar éirigh leo stádas a bhaint amach don Mháltais, chomh maith le hionadaithe ón ngrúpa Stádas (An Dr. Pádraig Ó Laighin) agus ón Tuaisceart (Janet Muller, Stiúrthóir Pobal).

Chomh maith leis sin beidh an Dr. François Grin, saineolaí ar eacnamaíocht teanga, ag labhairt faoi fhiúntas teangacha, agus beidh an Dr. Peadar Ó Flathartha, Stiúrthóir Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ag cur a fhís maidir le todhchaí na Gaeilge os ár gcomhair.

Cúrsaí pleanála

Ó thaobh cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht de, beidh Donncha Ó hÉallaithe ag déanamh anailíse ar phleananna forbartha na rialtas áitiúil agus tá Aneurin Philips, Príomhfheidhmeannach Pháirc Náisiúnta Snowdonia, ag teacht chun taithí na Breataine Bige i leith cúrsaí pleanála a roinnt linn.

I measc na rudaí eile a bheidh ag tarlú beidh saineolaithe i láthair chun ceardlanna a chur ar siúl ar na réimsí seo: Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide, Taighde Idirdhisciplíneach sa Ghaeilge agus Caighdeán na Gaeilge do Bhunmhúinteoirí. Beidh seastáin agus ionadaithe ann freisin ó sciar maith de na heagrais Ghaeilge.

Gné thábhachtach d’aon chomhdháil, ar ndóigh, ná taitneamh a bhaint as - is cinnte go mbainfidh tú sult as Tóstal na Gaeilge 2004. Déan deireadh seachtaine de i nGaillimh in óstán galánta ina bhfuil linn snámha agus áiseanna iontacha eile (margadh an-mhaith ar fáil do thoscairí na comhdhála - féach ar www.tostal.ie. Beidh bia den scoth ar fáil saor in aisce agus beidh séisiún ceoil ar siúl oíche Aoine agus oíche Shathairn.

Tá a lán eolais ar shuíomh gréasáin na Tóstala ag www.tostal.ie faoi na cainteoirí, faoi na hábhair a bheidh á bplé agus faoi chúrsaí lóistín. Cláraigh roimh an 13 Feabhra 2004 agus beidh tú sa phota le deireadh seachtaine na Tóstala a fháil saor in aisce in Óstán an Galway Bay.

Cuir ríomhphost chuig eolas@tostal.ie le clárú agus feicfidh muid ansin thú ar an 27ú lá!

*Tá David Leydon ina fheidhmeannach tograí le Comhdháil Náisiunta na Gaeilge. Bhain sé céim amach sa Ghaeilge roinnt blianta ó shin sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus rinne sé MSc le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin. *

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.