Sa dara cuid dá alt, déanann Cóilín Ó Floinn cur síos ar dhá áit eile i Nua-Eabhrac a bhfuil ranganna Gaeilge ar fáil iontu, áiteacha atá an-difriúil óna chéile.
](..\2004-01\an_ghaeilge.asp) Cuid 1 den alt anseo
Le linn mo chuairte ar an “Úll Mhór” i mí na Nollag, tháinig mé ar dhá ionad eile a bhfuil an Ghaeilge á teagasc iontu. Dhá áit atá chomh difriúil sin óna chéile, teach leanna agus ollscoil, ach a bhfuil an teanga ina ceangal eatarthu.
Rugadh Liam Mac Niallais ar Thaobh an Bhogaidh, Cathair Dhoire agus is ann a chaith sé a óige, ach tá sé ina chónaí anois i gCathair Nua Eabhrac le deich mbliana anuas. Cé go raibh an Ghaeilge mar ábhar scoile ag Liam, d’fhag sé an scoil nuair a bhí sé iontach óg. I ndiaidh dó an scoil a fhágáil, thosaigh sé ag freastal ar ranganna Gaeilge a bhí ag Conradh na Gaeilge i nDoire, agus d’éirigh go hiontach maith leis.
Dálta cuid mhaith daoine óga in Éirinn san am, thug Liam aghaidh ar Mheiriceá go luath sna nóchaidí. Deir sé gur stad sé ag labhairt Gaeilge ar feadh trí bliana gur phill sé ar ais go hÉirinn. Ag cuartú oibre sa bhaile a bhí sé, ach ní raibh an t-airgead rómhaith san am agus b’éigean dó imeacht arís.
Le linn do Liam bheith i Meiriceá den dara huair, d’oscail teach leanna i Manhattan, Rocky Sullivan’s, agus bhí aithne ag Liam ar na húinéirí. Nuair a fosclaíodh an áit ba mhian leis na húinéirí béim a chur ar chultúr na hÉireann, agus le taobh ceol na Éireann bheith acu, d’iarr lucht an tábhairne seo ar Liam ranganna Gaeilge a mhúineadh san oíche. Ghlac Liam go fonnmhar leis an deis, agus tá sé anois cúig bliana ag gabháil don obair sin.
Tá tuairim is 20 mac léinn ag Liam san am atá i láthair, agus tá siad roinnte idir trí rang: bunrang I agus II agus an meánrang. Deir Liam go bhfuil cuid acu seo iontach maith agus iontach gasta ag tógáil na Gaeilge. Admhaíonn sé go bhfuil sé féin go fóill ag foghlaim (nach bhfuil muid uilig!) agus deir sé go dtugann na ranganna seans dó feabhas a chur ar a chuid Gaeilge féin.
Thar na blianta, cruthaíodh ceangal idir Liam agus Oideas Gael i nGleann Cholm Cille i nDún na nGall. D’fhreastail cuid de na mic léinn ar chúrsaí samhraidh Oideas Gael, agus bheireann Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael, cuairt ar Liam agus a chuid ranganna i Nua Eabhrac go minic.
Deir Liam gur mhaith leis grúpa dá mhic léinn a thabhairt ar thuras go hÉirinn amach anseo, sa chruth is go dtig leo tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht agus ag imeachtaí a bhaineas le cultúr na hÉireann.
Dar le Liam go bhfuil tionchar ag popchultúr an lae inniu ar an tsuim atá ag daoine sa Ghaeilge. Tá tuairim aige go bhfuil Riverdance, U2, fiú Liam Neeson, agus a macasamhail, ag foscladh dhoras na Gaeilge agus na hÉireann do dhaoine ar fud an domhain.
Ollscoil Nua Eabhrac
Déarfainn gurb í Ollscoil Nua Eabhrac an áit is mó a bhfuil an Ghaeilge á teagasc i gCathair Nua Eabhrac. Tá tuairim is daichead míle mac léinn ag freastal ar an ollscoil agus tá corradh is deich dteanga á dteagasc inti. Cé gur beag an líon mac léinn atá ag foghlaim na Gaeilge i gcomórtas le teangacha eile, tá an t-éileamh agus méid na ranganna ag fás de réir a chéile. Deirtear liom nach raibh ach beirt sa chéad rang ocht mbliana ó shin, ach le gairid b’éigean dhá bhunrang, meánrang agus ardrang a chur ar fáil le freastal ar an ráchairt a bhí ann.
Bíonn na ranganna á dteagasc ag Glucksman Ireland House (nó Teach na hÉireann, mar a bheireann lucht na Gaeilge air) faoi chúram na hollscoile. Cé nach leis an ollscoil Teach na hÉireann, bheireann siad cead don choláiste áiseanna an fhoirgnimh a úsáid fá choinne ranganna, léachtaí, agus taispeántas a bhaineann le cultúr na hÉireann.
Is é Pádraig Ó Cearúil an t-aon léachtóir le Gaeilge san ollscoil, agus bíonn sé ag teagasc na ranganna uilig é féin. Is cainteoir dúchais as Gaoth Daobhair i nGaeltacht Thír Chonaill é Pádraig, agus tá sé ina chónaí i Nua Eabhrac le corradh is cúig bliana déag.
D’fhreastail mé féin ar chuid ranganna Phádraig nuair a bhí mé ar an ollscoil tá ceithre bliana ó shin, agus bhí ráchairt mhór ar na ranganna an t-am sin. Tchítear domhsa go bhfuil na cúrsaí seo ag dul ó neart go neart, agus is maith an scéal sin don ollscoil agus don teanga Ghaeilge i Nua Eabhrac.
Is é ceann de na rudaí is suimiúla fá dtaobh de chúrsaí na Gaeilge i Nua Eabhrac ná nach bhfuil dúchas Éireannach ag na foghlaimeoirí uilig. Is fíor gur de bhunadh na hÉireann cuid de na mic léinn, agus bheireann na ranganna seo deis dóibh teanga a sinsear a fhoghlaim, ach, do na daoine nach bhfuil dúchas Éireannach acu, níl ann ach go bhfuil grá acu do theangacha, nó do chultúr agus do cheol na Éireann, agus bheireann seo seans dóibhsean an grá sin a fhorbairt.
Cibé cad é is cúis leis na daoine seo a bheith ag múineadh nó ag foghlaim na Gaeilge taobh amuigh d’Éirinn, is cinnte go bhfuil siad ag cur beochta sa teanga thar lear, agus go bhfuil siad ag spreagadh suime i ndaoine eile. Is cinnte fosta go rachaidh sin chun sochair na Gaeilge.
As Nua-Eabhrac ó dhúchas é Cóilín Ó Floinn ach tá cónaí air i mBaile Átha Cliath anois. Tá sé ag foghlaim na Gaeilge ó bhí 1999 ann.