TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
An Fharóis - teanga bhríomhar a bhí tráth ar an dé deiridh
Caoimhe Nic Giolla Caoimhe Nic Giolla Caoimhe Nic Giolla

Is beag úsáid a baineadh as an bhFaróis ar feadh cúig chéad bliain ach d’éirigh le muintir na tíre an teanga a athbheochan breis is céad bliain ó shin. Cúlra an scéil ó Chaoimhe Nic Giolla.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Tá Oileáin Fharó suite san Aigéan stoirimiúil Atlantach, idir an Íoslainn agus Albain. Ba mhanaigh Éireannacha na chéad daoine a chónaigh sna hoileáin seo, sa naoú haois. Ach chuir Lochlannaigh ón Iorua a chuaigh go dtí na hoileáin chun teitheadh ó rí na hIorua an ruaig orthusan. Sa bhliain 1380 chuaigh an Iorua isteach in aontas leis an Danmhairg agus leis an tSualainn, socrú a d’fhág an Danmhairg ina máistir agus Oileáin Fharó faoina smacht, smacht atá ag an tír go dtí an lá atá inniu ann.

freámhacha na Faróise sa tSean-Ioruais, teanga a thagann ó ré na Lochlannach. Bhí an teanga Lochlannach seo aonfhoirmeach go dtí gur thosaigh na Lochlannaigh ag dul go réigiúin dhifriúla (Albain, Sealtainn, Inse Orc, Inse Ghall, Oileáin Fharó agus an Íoslainn). Ansin thosaigh an tSean-Ioruais ag roinnt i gcúpla canúint dhifriúil agus, i gcásanna áirithe, fuair an teanga bás ar fad. Tá Faróis an lae inniu i bhfad níos gaire don Íoslainnis ná don Danmhairgis agus tá gnéithe de chuid na Sean-Ioruaise le fáil inti.

Tá sé suimiúil go bhfuil an Fharóis beo ar chor ar bith, má smaoiníonn tú ar an stair choilíneach atá ag na hoileáin. Sa bhliain 1380, nuair a fuair an Danmhairg smacht ar na hoileáin i dtosach, rinneadh teanga na heaglaise, an teanga scríofa agus, tar éis achair ama, an teanga a úsáideadh i gcúrsaí oifigiúla i gcoitinne den Danmhairgis. Níor baineadh ach úsáid theoranta as an bhFaróis ar feadh cúig chéad bliain, go dtí deireadh an ochtú haois déag, nuair a thosaigh teangolaithe ag dheanamh iarrachta samplaí den “tseanteanga” a bhailiú. Léirigh an taighde a lán bailéad, finscéalta agus nathanna cainte a bhí curtha ar aghaidh de bhéal ó ghlúin go glúin. Ó na foinsí seo, cruthaíodh teanga scríofa san Fharóis, rud nach raibh ann roimhe sin.

Ag an am sin, tháinig an náisiúnachas chun cinn go láidir agus thosaigh díospóireacht ar neamhspleáchas na n-oileán i measc an phobail nach raibh ann roimhe sin. Fuair an laoch náisúinta, Nólsoyar Páll (1766-1808), inspioráid ó smaointe réabhlóideacha na Fraince agus Mheiriceá agus thosaigh sé feachtas i gcoinne mhonaplacht na Danmhairge i gcúrsaí trádála, rud a spreag an náisiúnachas tuilleadh sna hoileáin. Chinntigh bás an laoich in uiscí stoirmiúla an Atlantaigh, bás gan mhíniú a cheap go leor baint a bheith ag oifigigh Danmhargacha leis, chinntigh sé seo gur bhain Páll stádas amach mar íol i measc na náisiúnaithe.

Ba iad na daoine óga ba ghníomhaí sa streachailt seo chun neamhspleáchas a bhaint amach ón Danmhairg agus sna hiarrachtaí chun an tseanteanga a athbheochan. Tharla go leor i gCóbanhávan, áit a raibh formhór na mac léinn ag staidéar. Bhunaigh siad a gcumann tírghrách féin sa chathair sin in 1881. Bhí sé níos éasca ag na Faróigh a ndifríocht ó na Danmhargaigh a thaispeáint i dtír an choilíní, in ainneoin gur caitheadh leo mar shaoránaigh Danmhargacha agus gur tugadh na sochair chéanna dóibh a tugadh do dhúchasaigh na tíre. Nuair a chuaigh grúpa de na mic léinn seo ar ais go dtí a dtír dhúchais ag Nollaig na bliana 1888, chruthaigh siad Foringafelag, cumann náisiúnta a raibh sé mar phríomhaidhm aige an Fharóis a mhúineadh agus a scaipeadh go forleathan.

Ach de réir mar a tháinig borradh faoi chúrsaí neamhspleáchais, bhí scoilt ag teacht chun cinn i measc na ndaoine maidir leis an méid neamhspleáchais a bhí ag teastáil. Bhí dreamanna áirithe ann a raibh neamhspleáchas iomlán ag teastáil uathu ón Danmhairg, i réimsí mar oideachas, cúrsaí riaracháin agus cúrsaí gnó. Ach bhí daoine eile ann a chonaic na buntáistí a bhain le bheith ceangailte leis an Danmhairg: an t-airgead, an gradam a bhain le bheith nasctha le tír chumhachtach Eorpach, agus an cead a bhí acu teacht i dtír ar chóras sóisialta na Danmhairge.

Teanga na múinteoireachta

Sa bhliain 1938, rinneadh teanga oifigiúil na múinteoireachta den Fharóis sna hoileáin ach leanadh ar aghaidh ag teagasc na Danmhairgise sna scoileanna le cur ar chumas daltaí leibhéal maith líofachta a bhaint amach sa teanga sin. Sa bhliain 1948, tháinig na Faróigh agus na Danmhargaigh ar chomhréiteach: rinneadh dlí Rialtais Dúchais a achtú a thug i bhfad níos mó cumhachtaí don rialtas áitiúil. Sa deireadh thiar, bhí an Danmhairg sásta glacadh leis an bhFaróis mar theanga oifigiúil.

Sa lá atá inniu ann, tá ceist an neamhspleáchais fós ina cnámh spairne. Tá daoine áirithe ann go fóill a bhfuil neamhspleáchas iomlán ag teastáil uathu, ach tá dream eile ann a bhfuil eagla orthu nach bhféadfadh na hoileáin bheaga seo maireachtáil gan na fóirdheontais a fhaigheann siad ón Danmhairg. Ach maidir leis an teanga, tá éirithe leis na Faróigh neamhspleáchas a bhaint amach sa réimse seo. Is í an Fharóis an teanga labhartha sa tír anois agus tá sí á labhairt chomh maith ag an 20,000 nó 30,000 duine de bhunadh Oileán Faró atá ina gcónaí sa Danmhairg.

Tá an traidisiún béil an-tábhachtach agus tá na fabhalsceálta agus na finscéalta a choimeád a sinsear beo mar chuid lárnach fós den chultúr láidir Faróch. Tá damhsa traidisiúnta ag na Faróigh, damhsa a tháinig anuas ó na meánaoiseanna, agus a bhfuil an amhránaíocht fite fuaite tríd. Tá an ghné labhartha mar chuid thábhachtach den damhsa seo agus, ós rud é go raibh an damhsa i gcónaí lárnach sna féilte traidisiúnta, chabhraigh seo leis an teanga a choimeád beo.

Tá éirithe leis na Faróigh a dteanga a athbheochan, teanga nach raibh scríofa agus nár labhraíodh ar chor ar bith, beagnach, ar feadh cúig chéad bliain. Sa lá atá inniu ann, tá cultúr agus teanga faoi leith acu a dhéanfaidh iad a idirdhealú i gcónaí ón gcoilíní, agus a chinnteoidh nach dtiocfaidh meath go deo ar na nithe a dhéanann difriúil iad ó chultúir eile. Ina n-intinn siúd, níor deineadh coilíniú orthu riamh - maireann siad trí mheán a dteanga féin, tá siad ceangailte go láidir lena gcultúr agus stair shuaithinseach féin. Ag an am céanna, tá sé de bhuntáiste acu gur féidir leo teacht i dtír ar an gcóras sóisialta Danmhargach.

D’fhéadfaí a rá, mar sin, go bhfuil leas á bhaint acu as na nithe is fearr ina dtír féin agus na nithe is fearr sa Danmhairg.

Is as Contae na Mí í Caoimhe Nic Giolla. Tá sí déanamh máistreachta sa Drámaíocht agus Scannánaíocht Éireannach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.