AR NA SAOLTA SEO
John Lennon: laoch na nÉireannach i Learpholl
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Chuir fógra a chonaic Tony Birtill i nuachtán áitiúil i Learpholl le gairid ag smaoineamh é ar John Lennon agus chomh tábhachtach is a bhí sé do bhunadh na hÉireann sa chathair.

Íomhá
John Lennon sna seachtóidí
Íomhá
Mendips, teach cónaithe John Lennon nuair a bhí sé óg
Íomhá
Tony Birtill (ar dheis) le Hector Ó hEochagáin agus Charlie Lennon sa Cavern Club, Learpholl sa bhliain 2000
Íomhá
An seomra suí i Mendips

Chonaic mé fógra do phost sa *Liverpool Echo *le gairid: coimeádaí do Mendips, áit chónaithe John Lennon nuair a bhí sé óg. Cheannaigh Yoko Ono an teach bruachbhailteach seo dhá bhliain ó shin agus thug sí don National Trust é sa dóigh is go mbeadh sé oscailte do chuairteoirí. Mheall an teach níos mó ná 7,000 acu ina chéad séasúr anuraidh, agus bhí teach Paul McCartney mar chuid den turas fosta.

Tá an teach athchóirithe i stíl na 1950í agus mothaím cineál brónach ann, mar gur tharla neart rudaí brónacha do mhuintir Lionnáin.

Rugadh John i 1940 agus bhí sé ina chónaí i Mendips, teach a aintín Mimi, ó 1945 go 1964. Phós a thuismitheoirí, Freddie Lennon agus Julia Stanley, i 1938 ach níor réitigh siad go maith le chéile. Mairnéalach ab ea Freddie, cosúil leis na mílte eile sa phort seo, agus fuair sé drochphoibíocht trí na blianta mar athair a d’fhág a bhean agus a mhac óg ar an anás. Ach ní raibh an scéal sin fíor, agus chuir na ráflaí isteach go mór ar dheartháireacha Freddie Lennon, Charlie agus Sidney.

Chas mé ar Charlie Lennon (nach maireann) in 2000 nuair a bhí Hector Ó hEochagáin ó TG4 ag déanamh clár faisnéise faoi John Lennon, cothrom 20 bliain óna dhúnmharú i Nua Eabhrac. Bhí an-chraic i Charlie, a fuair bás in 2002 agus é 83 bliain d’aois. Chomh luath is a chas mé air, thosaidh sé ag magadh agus ba léir cén áit a bhfuair John an greann a bhí aige féin.

Ach ba é an buaicphointe an trathnóna sin ná nuair a d’iarr Hector ar Charlie amhrán a chasadh. “Eight Days a Week” a cheol sé, gan tionlacan, agus d’aithin muid uilig guth Uí Lionnáin ina chuid ceoil, a bhí le mothú go láidir ann.

Scar Freddie Lennon agus Julia óna chéile nuair a bhí John ocht mí dhéag d’aois agus d’fhan John tamall ag teach uncail eile, Sidney Lennon agus a bhean Madge. Bhí fear eile ag Julia, John Dykins, agus faoi dheireadh phós siad agus bhí beirt iníonacha acu, Julia agus Jacqui.

Agus sin rud a chuir fearg ar Charlie agus Sidney Lennon: go bunúsach, nach raibh spás ag Julia do John óg ina saol agus, mar sin, go raibh sí ag iarraidh fáil réidh leis. Níor thuig John óg é sin, ar ndóigh, agus nuair a fuair sé deis dul chun cónaithe lena athair, ní raibh sé sásta a mháthair a fhágáil.

Agus mar sin, chuaigh John a chónaí i Mendips le haintín agus uncail eile, George agus Mimi Smith, áit ar thosaigh sé ag bualadh ar an ghiotár ar dtús. Bhí a mháthair agus a teaghlach úr ina gcónaí cúpla míle suas an bóthar agus ó 1955 ar aghaidh léirigh sí níos mó suime ina mac, a bhí anois ina dhéagóir. Agus sin cuid eile den scéal brónach - nuair a bhí Julia ag siúl go Mendips lá samhraidh amháin i 1958, leag carr í agus fuair sí bás. Póilín ar meisce a bhí ag tiomáint. Chuir a bás isteach go mór ar John Lennon agus chum sé amhráin fá dtaobh di trí na blianta.

Fuair John Lennon amach an fhírinne faoina athair nuair a bhí sé sna tríochaidí, agus an t-athair marbh. Dúirt Charlie Lennon liom gur chuir John scairt air ó Nua Eabhrac i 1980 agus go raibh sé ag iarraidh teacht go Learpholl arís chun bualadh leis: “I’ve been hearing a very different side to the Lennon story,” arsa John le Charlie. Ach mharaigh Mark Chapman John roimh an Nollaig i 1980, sula raibh seans aige teacht ar ais go Merseyside arís.

Pinsean beag

Cé go raibh a lán lán airgid ag John Lennon, bhí Charlie ina chónaí in árasán beag leis féin agus lena chat, ag maireachtáil ar phinsean beag, go dtí a bhás féin. Ach bhí sé an-bhródúil as a nia - bhí a árarsán mar scrín dó, lán pictiúr de John agus na Beatles.

Bhí drochmheas aige ar theaghlach úr Julia, áfach. “She’s not a Lennon,” a dúirt sé liom faoi iníon Julia a rinne agallamh ar an teilifís thart faoin am sin faoina leathdheartháir, 20 bliain tar éis a bháis.

Bhí John Lennon an-tábhachtach dúinne, na hÉireannaigh i Learpholl, i rith na dtrioblóidí mar go raibh sé sásta labhairt amach faoin chos ar bolg in Éirinn. Laoch a bhí ann dúinne, mar go raibh na meáin chumarsáide agus na húdaráis an-dian ar dhuine ar bith a bhí in aghaidh pholasaithe Rialtas Shasana sa tír sin. Nocht sé a chuid tuairimí faoin scéal in amhráin mar “Sunday, Bloody Sunday” agus “The Luck of the Irish”.

tionchar ag Ó Lionnáin ar dhaoine go fóill. Tá na mílte ag teacht go Mendips agus ag éisteacht lena chuid ceoil, nó ag déanamh iarrachta a bheith cosúil leis. Is cuimhin liom an chéad uair a chonaic mé Oasis, sula raibh clú agus cáil orthu. Thart fá Lá Fhéile Pádraig i 1993 a bhí ann agus bhí siad ag seinm i gclub darbh ainm Le Bateau. Phléasc mé amach ag gáire nuair a chonaic mé Liam Gallagher ina John Lennon ar an ardán. Banna ceoil ó Mhanchain ag teacht go Learpholl agus ag déanamh aithrise ar na Beatles! Sotalach. Ní bheidh mórán ratha orthu, a dúirt mé liom féin. Ach nach mé a bhí contráilte. Don dream óg, bhí an stíl cheoil sin chomh maith agus a bhí sé do mo dheirfiúr is sine, Mary, agus a cairde nuair a chuaigh siad go dtí an Cavern Club i 1962.

Rotha mór an tsaoil - nach iontach é!

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.