AR NA SAOLTA SEO
I dtreo na sibhialtachta leis an DUP
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Measann Robert McMillen gur ábhar dóchais a bhí sa chruinniú idir Ian Paisley agus an Taoiseach Bertie Ahern le gairid.

Íomhá
An Taoiseach Bertie Ahern
Íomhá
Ceannaire an DUP, Ian Paisley

“A Dhaidí, tá a fhios agam cad é mar a fuair muid an t-ainm January,” arsa m’iníon ocht mbliana d’aois liom. “Tig sé ó Janus, dia na ngeataí is na ndoras, a raibh dhá aghaidh air. Amharcann sé siar ar an bhliain a chuaigh thart agus ar aghaidh i dtreo na bliana atá ag teacht.”

Bhí an ceart aici agus, de réir pantheon.org, is íomhá é den athrú ón saol bunúsach go dtí an tsibhialtacht, ón chogadh go dtí an tsíocháin agus fás aníos daoine óga.

Ní thiocfadh liom gan smaoineamh ar an DUP agus mé ag caint ar Janus le m’iníon. Go minic, bhí siad beo i saol polaitíochta an-bhunúsach, páirtí agóide, páirtí nach raibh de ról aige ach seasamh in éadan naimhde fuara a dtíre agus a gcreidimh, iad cumhdaithe le sciath chosanta an tSaor-Phreispitéireachais.

Anois, mar an páirtí is mó aontachtach ó thuaidh - agus a móramh ag méadú i rith an ama, is cosúil - caithfidh siad a muintir féin agus gach tuaisceartach eile a threorú i dtreo na sibhialtachta.

An féidir leo? “No,” a dúirt poblachtánach aitheanta ar an toirt liom nuair a d’fhiafraigh mé dó. Duirt sé go raibh an eite phragmatach - Peter Robinson agus Nigel Dodds - ag rá rudaí a bhí níos diongbháilte ná cuid ráiteas Ian Paisley.

Déarfainn go bhfuil an polasaí seo dírithe ar an UUP níos mó ná ar náisiúnaithe. Creidim go bhfuil an DUP sásta fanacht le páirtí Trimble titim isteach ann féin agus tá an chuma ar an scéal go dtarlóidh sin sa ghearrthéarma. Mar shampla, deir David Brewster, iarbhall den pháirtí, go raibh seachtar laochra ag Trimble le linn na gcainteanna i 1996. Cá bhfuil siad anois? Tá triúr imithe chuig an DUP - Brewster é féin, Jeffrey Donaldson agus Peter Weir. Tá John Hunter agus Peter King bailithe leo, agus caitheann John Taylor bunús a chuid ama sa Chipéir. Fágann sin Sir Reg Empey, “cara” atá ag fanacht leis an áiméar a fháil ar an scian a chur i ndroim Trimble.

Agus an UUP as an bhealach, thig leis an DUP guth a thabhairt don tromlach i measc na n-aontachtach atá in éadan roinnt cumhachta, ainneoin trí ghníomh díchoimisiúnaithe, ainneoin scoir altanna a dó is a trí de bhunreacht na hÉireann, ainneoin go bhfuil “prionsabal an tola” glactha ag poblachtánaigh, ainneoin an tsosa (neamhfhoirfe) cogaidh a thosaigh 10 mbiana ó shin.

Is rudaí iad seo a dtabharfadh aontachtaithe “concessions” orthu dá dtarlódh siad an bealach eile agus cuireann sé seo fearg ar phoblachtánaigh.

Bacanna

Ó toghadh Bobby Sands i 1981, tá bacanna agus coscanna curtha ar Shinn Féin, arsa an poblachtánach liom. Dúradh go raibh vóta Shinn Féin “mídhleathach” agus tugadh sraith “teisteanna” don pháirtí. Anois, 23 bliain ar aghaidh, agus Sinn Féin mar an páirtí is mó náisiúnach ó thuaidh, tá siad ag caint ar an chóras toghchánaíochta sa Tionól a athrú.

“Ar an dóigh sin, beidh an DUP ábalta dul ar ais sa Tionól, Sinn Féin a choinneáil amuigh, feidhmiúchan a gerrymanderáil agus dhá shuíochán a bheadh ag náisiúnaithe a bhreith leo, má éiríonn leo an SDLP a thabhairt leo. Ní bheidh an SDLP sásta sin a dhéanamh, mar sin de tá muid i sáinn.”

Bhuel, sin aghaidh amháin Janus. Ar an taobh eile, bhuail ceannaire an DUP leis an Taoiseach ag deireadh mhí Eanáir. “Very constructive,” a thug Paisley ar an chruinniú. Ní dócha go mbeadh fonn ar bith ar Bhertie olc a chur ar Paisley ag an chéad chruinniú stairiúil seo, ach ba mhaith le náisiúnaithe a bheith cinnte gur sheas ceannaire “an pháirtí phoblachtánaigh” an fód dóibh. Ach is ábhar iontais é gur bhuail Paisley le hAhern nuair a d’éirigh leis Lemass, Lynch, Cosgrave, Haughey, FitzGerald, Reynolds agus Bruton a sheachaint.

Agus tá ráitis ag teacht ón DUP fán ghá atá le comhshocrú idir náisiúnaithe agus aontachtaithe a thionscnamh. Tá siad sásta an bealach chun tosaigh a phlé le Sinn Féin i stiúideoanna teilifíse. An bhfuil an lá rófhada ar shiúl go mbeidh siad ag déanamh an rud céanna i seomraí Stormont?

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.