112
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Ní hamháin gur fear gnaoiúil é, fear na Feothanaí, Dáithí Ó Sé, ach is fear machnamhach é chomh maith. Fear é a thugann am gach bliain do charthanachtaí go leor leis, ach mórán i ngan fhios do dhaoine, tá gné pholaitíochta ann a thabharfar fé deara amach anseo, dar le Seosamh Mac Muirí a bhuail isteach chuige i gceannáras TG4. Ní beag íomhá Fhear na Feothanaí fén am seo i measc lucht féachana teilifíse trí chéile in Éirinn. D’fhéadfaí a mhaíomh gur oidhre íomhá é ar Mhícheál Ó Muircheartaigh, fear a bhfuil ardmheas ag Dáithí air, agus go bhfuil a dhóthain freagrachta air dá réir. Braitheann Fear na Feothanaí freagracht air cheana féin agus liosta fada le háireamh de chláir éagsúla á éileamh i rith an ama.
»»»Rianaíonn Eoin Ó Catháin an tslí ar cloíodh glan amach polaiteoir amháin i gCeanada, Pauline Marois, iar-Thaoiseach Québec, ar na mallaibh.
»»»Measann Mícheál Ó hAodha gurbh fhearr a mhairfeadh na daoine ar scath a chéile nár faoi scáth an ainm chleite i ré seo na hoscailteachta.
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú ar leabhar Dhéaglán Uí Bhuaigh This is Our Year agus ar an imreas a d’eascair as.
»»»Tá pobal SAM oibrithe go fraochta faoin gcaoi ar crochadh uathu go dleathach agus go coiriúil araon, an saibhreas a shaothraigh siad le blianta roimhe seo. Smachtú agus rialú géar a bheas i bhfeidhm feasta dar le Brian Ó Broin.
»»»Dhearc Brian Ó Broin ar a bhfuil ag titim amach laistigh den ‘chóisir tae’ úd sna Stáit Aontaithe agus ní lochtú, síneadh na méar agus díbirt go dtí é.
»»»Thug Liz Curtis cuairt ar Archaeolink, ionad in Albain ina dtugtar an-léargas ar an saol a bhí ag daoine na mílte bliain ó shin.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Seosamh Mac Donnacha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
»»»Bhí Mícheál Ó hAodha ag iniúchadh scéal Cheiro, B’le Átha Cliathach, fáidh fir a raibh cumas cainte agus teacht i láthair ann agus fear a dhéanamh cat is dhá ruball air.
»»»Tá albam nua dar teideal [i]Giving[/i] eisithe ag Colm Ó Snodaigh ón mbanna ceoil Kíla. Próiseas cruthaitheach neamhghnách a bhí i gceist leis an albam a léiriú, ach ba phróiseas é a bhí thar a bheith speisialta ag an am céanna.
»»»Den chéad uair riamh, mhol an SDLP agus Sinn Féin i mbliana do náisiúnaithe an tuaiscirt na foirmeacha daonáirimh a líonadh. Dá bharr seo, ní bheidh an míchruinneas céanna ag baint leis na torthaí is a bhí go dtí seo. Tuairisc ó Robert McMillen.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag socrú lóistín.
»»»Beidh an-ráchairt ar aistritheoirí a bhfuil Gaeilge mhaith acu sna blianta atá amach romhainn, mar a mhíníonn Áine Ní Chonghaile, stiúrthóir an chomhlachta Europus Teoranta atá ag tairiscint trí chúrsa dóibh siúd ar mian leo an cheird a fhoghlaim.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.