Gearrscéal le hEimhear Ní Dhuinn.
“Déanfaidh mé mo dhícheall i mbliana,” a gheallaim dom féin gach uile bhliain. Tar éis ar inis an Múinteoir Eileen dom faoi Íosa san fhásach, é gan bhia, gan deoir uisce fiú amháin! Cinnte dearfach d’fhéadfainn staonadh ó sheacláid, ó mhilseáin agus ó gach uile ní milis don Charghas.
Bhí cleas agam leis seo a chur i gcrích: chuirfinn dallamullóg orm féin. Nach raibh sé blasta, nach raibh sé uaim, go ndéanfadh an íobairt maitheas dom. Dá n-éireodh liom bheinn in ann rith ní ba thapúla, bheadh an fiaclóir sásta liom an chéad uair eile a ghabhfainn chuige, bheadh mo thuismitheoirí bródúil asam.
Thagadh m’uncail as Tír Eoghain gach uile bhliain um Cháisc. Le casacht mhór ghroí a thagadh sé thar tairseach an tí. Fear beag tanaí a bhí ann ar nós mo mháthar. Bhí gruaig fhiáin dhubh air agus dhá phluc mhóra dhearga. Bhíodh caipín de shíor air, agus cuma cinéal seanfhaiseanta ar a chuid éadaigh. Bhíodh sé i gcónaí lách linn, cé gur chuir a ainm mearbhall orm. Níor thuig mé conas a d’fhéadfadh Q a bheith mar ainm ar dhuine. (Hugh a bhí air, ach cheapas mar gheall ar a bhlas tuaisceartach gur Q a bhí mar ainm air.)
Chloisimis a chasacht i dtóin an tí agus bhímis ar bís. Bhí siopa grósaera aige i dTír Eoghain. Bhí a fhios againn go mbeadh mála mór donn lán le cúbóga aige dúinn. Ar a bpointe scaoilimis gach uile ní uainn agus *away linn *síos staighre go scafánta. Thógadh mo mháthair an mála, ghlacadh sí buíochas leis agus chuireadh sí i bhfolach é ní ba thapúla ná mar a ritheadh mé féin agus mo dheifiúracha anuas an staighre.
Thuigeadh Mamaí go maith céard a bhíodh ar siúl againn, cén fáth a mbimis ag rásaíocht, ag iomrascáil lena chéile síos staighre. Ba shuachmán sásta í nuair a d’fheiceadh sí muid ag bun an staighre, gan puth anála fágtha ionainn. Labhraíodh sí linn roimh dhul isteach i bparlús an tsagairt dúinn. Deireadh sí linn nach raibh tada ag m’uncail dúinn an t-am seo toisc go raibh sé as baile le seachtain anuas. Cur i gcéill iomlán a bhíodh ann; thuigimis go maith gur ag insint bréag a bhí sí, agus thuigeadh sise nár chreideamar í.
Théinn féin agus Tríona, an deifiúr is sine agam, isteach sa pharlús. Bheannaímis dó go deas múinte agus d’fhiafraímis de cén chaoi a raibh a thuras. Chuireadh sé roinnt ceisteanna orainn faoin scoil agus cén chaoi a raibh ag éirí linn. D’fhreagraímis na ceisteanna go fuarbhruite, ár gcuid súl ag tóraíocht an mhála. Ní bhíodh rud ar bith as áit. Bhíodh chuile rud mar a bhí roimh dhul in airde staighre dúinn. Ní bhíodh nod ar bith ann dúinn.
Bhíodh criospaí agus milseáin i bhfolach ag Mamaí ar fud an tí. Ní hamháin nach dteastódh uaithi go n-íosfadh muidne iad ach níor theastaigh uaithi go n-alpfadh Daidí siar iad ach oiread. Beadaí a bhí ann agus bhí sé ramhar dá bharr. Amantaí, nuair a bhíodh Mamaí amuigh ag rith, chabhraíodh Deaid linn teacht ar na neam-neams! Thaitníodh sé sin go mór linn.
Ghabh mé mo leithscéal le m’uncail Hugh agus d’éalaigh mé i ngan fhios amach go dtí an chisteanach chúil, áit ar cuireadh an-chuid i bhfolach thar na blianta. D’oscail mé an cófra go deas réidh agus thosnaíos ag póirseáil thart. Chuala Mamaí siosarnach na málaí plaisteacha a bhí faoin doirteal againn sa seomra cúil. D’oscail sí an doras de phreab. Thug sí an drochshúil orm agus thuigeas láithreach go raibh mo chosa nite.
Istigh sa pharlús bhí tuilleadh cainte ar pholaitíocht an tuaiscirt, ar dhaoine muinteartha linn agus ar an bPeil Ghaelach, dar ndóigh. Bhí ag éirí go maith le foireann Eargal Chiaráin i láthair na huaire, rud a chuir súile m’uncail ag rince agus briotaíl ina ghlór. Bhíodh díospóireachtaí bríomhara ann i gcónaí nuair a thagadh m’uncail. Thaitníodh a chuairteanna go mór le mo dheaid - ba eisean an buachaill báire, agus b’annamh cuideachta na bhfear aige i dteach lán cáilíní.
Shuigh mé ag útamáil le mo chupán, ag breathnú ar nósanna mo mháthar leis an deartháir ba ghiorra in aois di. Ní raibh ach bliain eatarthu, mo dhála féin agus Tríona. Bhí sí ag gearradh agus ag ithe as, fé mar a chaitheadh Tríona liomsa. Bhí sé barrúil. Bhíodh Mamaí de shíor dár gcáineadh as a bheith ag argóint lena chéile, ach bhí sí suite os mo chomhair amach anois ag spochadh as m’uncail agus uasal le híseal á dhéanamh aigesean uirthise.
“Tá sé chomh maith agam an bóthar a bhualadh, roimh thitim na hoíche,” a d’fhógair Hugh, tar éis cúpla uair an chloig. D’éirigh sé ón gcathaoir. D’éirigh muidne. Shiúil sé i dtreo an dorais agus muid á leanúint. Bhíodh sé mar nós sa teach sin againne garda gradaim a dhéanamh agus slán á chur againn le cuairteoirí. Ní dúradh riamh linn a leithéid a dhéanamh ach dhéanaimis é i gcónaí. Lig mé orm féin go raibh cársán ionam, rud a bhí inchreidte go maith toisc an plúchadh a bheith orm. Ní raibh orm seasamh ar leac an dorais ag sméideadh ar m’uncail. Bhí braoinín uisce uaim, mar sin bhí leithscéal iontach agam a bheith sa chisteanach chúil dá mbéarfaí orm, toisc gur ansin a bhí prios na ngloiní.
Sháigh mé mo lámh isteach sna gnáthchróite folaigh. Ní raibh fáil ar an mála. Bhí macalla na nglórtha fós ag teacht ón tsráid. Thuig mé nach raibh ach cúpla nóiméad fágtha agam. Bhreathnaigh mé go géar mórthimpeall orm, ag cuartú tuair éigin. Bhí mé meallta ag an gcófra liathbhán. Tharraing mé an doras amach. Ní raibh ach tupperware istigh ann. Ar chúis éigin sheasas in airde cathaoireach. B’ansin a bhí an mála. Stróic mé an mála rocach donn as a chéile. Leathnaigh mo shúile - cúbóg Aero, Yorkie *agus, an ceann ab ansa liom féin, *Buttons. Bhíodar mealltach, ildaite. Bheir mé liom í suas staighre. Chuala mé bonnán á shéideadh, nuair a shroich mé fardoras mo sheomra. Chuireas i bhfolach i mo vardús í.
Bhí gach duine ag glanadh an tseomra nuair a tháinig mé anuas staighre. D’fhiafraigh Deaid díom cén chaoi a raibh mé; bheir mé barróg air. D’imigh sé leis go dtí an chisteanach ansin. Bhí Mamaí ag cóiriú na n-adhartán. Thóg Tríona na cupáin ón bpianó agus, ar dhul amach an doras di, chuir sí cuma an eolais uirthi féin, agus rinne mé gáire glic léi. Chabhraigh mé le Mamaí caoi a chur ar an áit agus, nuair a bhí ord agus eagar ar an seomra arís, d’imíomar linn.
Rith mé féin agus Tríona suas staighre fé mar a ritheamar síos cúpla uair an chloig roimhe sin. Isteach linn go beo i mo sheomra codlata. Rinneas margadh léi go mbeadh uirthi a cúbóg féin a roinnt liomsa nuair a gheobhadh sí deis í a sciobadh léi. D’fheidhmigh sí mar fhear faire fhad is a bhí an bosca á oscailt agam. Thóg mé an chúbóg amach as an vardrús. Stróic mé an sellotape ón bhosca i dtosach báire - bhíos an-chúramach gan an bosca a stróiceadh agus mé á oscailt. Bhaineas amach an clúdach plaisteach a raibh an ubh sheacláide laistigh de. D’oscail sé chomh réidh sin go gceapfá gur ag cur fáilte romham a bhí sé. Ní raibh fágtha ar an ubh ach an páipéar daite.
Bhí Tríona tar éis a hionad faire a fhágáil agus í tagtha chomh fada liom anois. Bhreathnaigh mé idir an dá shúil uirthi. Bhí a fhios ag an mbeirt againn nár cheart dúinn í a ithe ach bhí an dúil chráite ionainn beirt. Bhain mé an páipéar di agus shlogamar siar candaí móra seacláide, giota ar ghiota, blúire ar bhlúire. Ar dtús bhíomar giodalach, ach bhuail fonn múisce muid ina dhiaidh sin. Tháinig iarracht den cheann faoi orainn ar deireadh, muid smeartha le seacláid. An teip dár smearadh.
Bliain eile istigh agus bhí teipthe orm arís.
Is as Dún Dealgan í Eimhear Ní Dhuinn. Chríochnaigh sí MA sa Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath le gairid agus tá sí ag múineadh ina ceantar dúchais faoi láthair.
Gluais Glossary
mo dhícheallmy best
a gheallaim dom féinI promise myself
san fhásachin the desert
d’fhéadfainn staonadh ó sheacláidI could abstain from chocolate
don Charghasfor Lent
cleastrick
chuirfinn dallamullóg orm féinI’d delude myself
blastatasty
íobairtsacrifice
maitheasgood
bródúilproud
casacht mhór ghroía great big cough
tairseachthreshold
tanaíthin
fiáinwild
de shíoralways
seanfhaiseantaold-fashioned
láchfriendly, pleasant
mearbhallconfusion
cheapasI thought
a bhlas tuaisceartachhis northern accent
chloisimis a chasachtwe used to hear his cough
bhímis ar bíswe used to be excited/impatient
cúbógacollections of Easter eggs
scaoilimis gach uile ní uainnwe’d cast everything aside
go scafántaspeedily
ghlacadh sí buíochas leisshe would thank him
chuireadh sí i bhfolach éshe would hide it
ag iomrascáil lena chéilewrestling one another
suachmáneasy-going person
gan puth análawithout a puff of breath
parlúsparlour, sitting-room
deireadh sí linnshe would say to us
cur i gcéill iomlántotal pretence
thuigeadh siseshe’d understand
bheannaímis dówe would greet him
d’fhiafraímis dewe’d ask him
d’fhreagraímiswe would answer
go fuarbhruiteindifferently
ag tóraíocht an mhálasearching for the bag
nodclue
go n-alpfadh Daidí siar iadthat Dad would devour them
beadaílover of sweet things
dá bharras a result
d’éalaigh méI escaped
cófrapress
ag póirseáil thartrummaging about
málaí plaisteachaplastic bags
doirtealsink
de phreabsuddenly
go raibh mo chosa nitethat it was all up with me
polaitíocht an tuaiscirtthe politics of the north
daoine muinteartharelations
díospóireachtaí bríomharalively debates
a chuairteannahis visits
b’annamh cuideachta na bhfear aigehe seldom had the company of men
ag útamáilfumbling
ba ghiorra in aois diclosest to her in age
mo dhála féin agus Tríonajust like myself and Tríona
fé mar a chaitheadh Tríona liomsaas Tríona used to treat me
barrúilfunny
de shíor dár gcáineadhalways criticizing us
ag spochadh as m’uncailteasing my uncle
agus uasal le híseal á dhéanamh aigesean uirthiseand he was patronizing her
tá sé chomh maith agamI may as well
á leanúintfollowing him
garda gradaimguard of honour
cársánwheeze
inchreidtecredible
plúchadhasthma
ag sméideadh ar m’uncailnodding at my uncle
dá mbéarfaí ormif I was caught
isteach sna gnáthchróite folaighinto the usual hiding-places
macalla na nglórthathe echo of the voices
tuaromen, sign
an ceann ab ansa liom féinthe one I liked best
mealltachenticing
bonnánhorn
fardoraslintel of door
vardúswardrobe
bheir mé barróg airI hugged him
ag cóiriú na n-adhartánarranging the cushions
glicsly
caoi a chur ar an áitto tidy up the place
margadhdeal
a roinntto share
stróic méI tore
daitecoloured
dúil chráitetorturous desire
candaí móra seacláidebig chunks of chocolate
blúire ar bhlúirebit by bit
giodalachperky
bhuail fonn múisce muidwe felt like vomiting
tháinig iarracht den cheann faoi orainnwe became a little bit down
smeartha le seacláidcovered in chocolate
teipfailure