CÚINNE NA nEALAÍON
Aililiú na gamhna!
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Tá sé mar aidhm ag CowParade, taispeántas atá le feiceáil i mBaile Átha Cliath faoi láthair, airgead a bhailiú do dhá eagraíocht charthanachta. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.

Íomhá

Is minic a thiocfá ar rudaí aisteacha neamhghnácha ar shráideanna Bhaile Átha Cliath. Bhí an *Floozie in the Jacuzzi *(dealbh Anna Livia) againn go dtí le déanaí ar Shráid Uí Chonaill, ansin cuireadh *The Stiletto in the Ghetto *(Spuaic na Milaoise) ina háit ag deireadh na bliana seo caite.

Ar bhruach na Life, in aice le Droichead na Leathphingine, tá dealbh le feiceáil darb ainm, de réir bhéaloideas na cathrach, The Hags with the Bags.

Cad é a shílfidh muintir na cathrach, mar sin, den saothar is úire atá le feiceáil ar a gcuid sráideanna?

tréad bó i ndiaidh teacht go dtí an phríomhchathair, ní an cineál atá beo, dar ndóigh, ach píosaí dealbhóireachta, múnlaithe mar bha agus maisithe ar dhóigheanna éagsúla. CowParade is teideal den taispeántas craiceáilte seo agus tá an ceann atá le feiceáil i mBaile Átha Cliath ar cheann de shraith paráidí a bheas le feiceáil ar fud an domhain.

Is é an tslí a gcuirtear an pharáid le chéile ná go ndéantar múnlaí de choirp bhó as snáithín gloine agus iad ar lánmhéid (7 dtroithe ar fhad, 4 troithe ar airde agus 2 throigh ar leithead), ansin tugtar cuireadh d’ealaíontóirí, idir aitheanta agus amaitéaracha, as na tíortha éagsúla atá ag glacadh páirte sa pharáid iad a mhaisiú ar a ndóigh féin. Bíonn na ba le feiceáil i dtrí shuíomh: ina suí, ar féarach agus ina seasamh.

Cuireann comhlachtaí trádála airgead ar fáil chun na taispéantais phoiblí seo a chur ar siúl i dtíortha éagsúla. Go dtí seo bhí an pharáid le feiceáil i Chicago, Londain, Nua-Eabhrac, Las Vegas, Sydney, an Laitvia, Zurich agus Houston. Bíonn cruinniú na mbó ann ag an deireadh agus díoltar iad. Bronntar 75% den airgead a bhailítear ar chumainn charthanachta.

Thosaigh an pharáid i 1999 agus go dtí seo bailíodh $7 milliún ar son na carthanachta ar fud an domhain. Eagraíonn CowParade an taispeántas in éineacht leis an rialtas áitiúil agus le húinéirí talún a thugann cead na ba a thaispeáint ar a guid talún.

Cuireadh tús leis an pharáid i mBaile Átha Cliath i mí an Mheithimh agus leanfaidh sí ar aghaidh go dtí Méan Fómhair. Idir an dá linn beidh idir 100 agus 150 bó le feiceáil ar shráideanna, i bpáirceanna agus in áiteanna feiceálacha thart timpeall na cathrach. Is é an cuspóir atá ag an taispeántas seo ná ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad, chultúr agus stair na tíre agus ag an am céanna turasóirí agus daoine áitiúla a mhealladh chun na ba sainiúla seo a fheiceáil.

Is é Bailey’s, an comhlacht dí, príomhurraí an taispeántais agus beidh an brabach ag dul chuig Pobal Shíomóin (carthanacht do dhaoine gan dídean) agus The Jack and Jill Trust (a chuidíonn le páistí atá faoi mhíbhuntáiste).

Is féidir le CowParade a bheith ag maíomh as bailitheoirí clúiteacha bó a bheith acu, ina measc Elton John, Oprah Winfrey agus Ringo Starr, gan trácht ar Eilís, Banríon Shasana.

An dóigh libh go bhfeicfidh muid an Bertie Bó taobh amuigh de Theach Laighean?

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an taispeántas i mBaile Átha Cliath ach glaoch ar CowParade Ireland ag (01) 669-0122.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.