AR NA SAOLTA SEO
An tAos Óg: Ceiltigh Coimhthíthe ag an Tíogar?
Majella Ní Dhomhnaill Majella Ní Dhomhnaill

Caitheann Majella Ní Dhomhnaill súil ar ghné de shaol an duine óig in Éirinn, an dearcadh coiteann a tholg go leor le linn ghnóthú saibhris na nóchaidí agus tús an chéid. Ar cailleadh mianach agus tréithre daonnachta le scór bliain anuas agus an athshealbhófar an t-aos óg an daonnacht anois d’uireasa an Tíogair?

Íomhá
An cupán gan chomhluadar
Íomhá
Ógánach na linne, faoi chumhdach an chochaill
Íomhá
Dreas cainte, an chumarsáid is fearr idir dhaoine

Anois go bhfuil fás rábach casadh an chéid fuar san uaigh, is ceart agus is cóir dúinne, d’aos óg na tíre, breathnú siar ar an saol splancúil úd. Saol, go deimhin, nach bhfuil cuimhne chruinn againn ar na laethanta dorcha roimhe. Cheapfá, gan amhras, nach dtabharfadh ré seo an rachmais ach rudaí maithe don ghlúin óg fhuinniúil s’againne. Is soiléire ná riamh, áfach, nach amhlaidh atá an scéal. Tá coimhthiú áirithe tarlaithe dúinn le beagán de bhlianta anuas, agus ní dhéanfadh sé aon dochar a fhréamhacha a lorg.

Thar athrú ar bith eile sa saol, b’fhéidir gur fiú aird a dhíriú ar an teicneolaíocht. Leis an mborradh a tháinig faoin ríomhaireacht le linn blianta an tsaibhris, d’imigh mé féin agus mo chairde - cosúil le chuile dhuine eile - bán i ndiaidh an suntas ba dhéanaí: na ‘gréasáin sóisialta’. Anois, in áit bualadh le chéile le haghaidh cuideachta agus comhrá, is rómhinic ar fad sinn ag seoladhsonc’ ar Facebook, nó ‘gíog’ ar Twitter.

Tá cara ollscoile agam a chaitheann gach ré nóiméad dá saol ar Facebook: ag cur maise ar a próifíl, ag breathnú ar ár gcuid grianghraf uilig is ag fógairt don domhan mór céard atá ar bun aici faoi láthair. Maíonn an cara seo le dílseacht fhraochta go n-éascaíonn na suímh shóisialta an teagmháil idir dhaoine, ach ina cás sise, is mó de chaidreamh leictreonach ná den fhíorchaidreamh daonna a bhíonn i gceist. Ní théann ár bhformhór thar fóir leis an nós seo ar ámharaí an tsaoil, ach ag an am céanna, ba chóir dúinn a bheith ar an airdeall. Ba mhór an díol trua é dá gcaithfimis an saol deighilte amach ó dhaoine eile, dár n-armáil féin leis an teicneolaíocht chun dúshláin agus ríméid na teagmhála daonna a dhíbirt.

Ach fiú dá dtarlódh a leithéid, cé a thógfadh orainn é ar aon chaoi? Chomh minic lena mhalairt, is toisc na tuismitheoirí a bheith síorghnóthach sa saol acu féin go mbíonn an ríomhaire chomh mealltach sin don aos óg ar an gcéad dul síos. Is iomaí scéal a chuala mé faoi thuismitheoirí de bheith ag ropadh is ag rúchladh ó áit go háit: obair, cóisireacha, siopaí, an lón sciobtha ag an oifig agus líon mór dualgaisí nach iad, agus fágadh na gasúir ar a n-ábhar féin, faoi bhlaiseadh den uaigneas, agus tá a fhios agam faoin tumadh iomlán sna fístéipeanna is sa ríomhaire a tharla mar gheall ar an deifir dhamanta sin. B’fhéidir gur cuntas áibhéalach é seo ar shaol an teaghlaigh in Éirinn i mblianta deiridh an Tíogair Cheiltigh, ach is fíor a rá go raibh aithne againn uile ar dhaoine a bhí gafa go hiomlán leis an gnóthú saibhris agus leis an saothrú stádais le linn an ama sin. Bhí ár n-aird ar thithe thar sáile, ar laethanta saoire agus cuireadh an bhéim ar fhanacht sa lúib cheart shóisialta. Mhúnlaigh sé sin, ní nach ionadh, aigne an aosa óig. Ní nach ionadh gur i ndomhan falsa, míréadúil na meán cumarsáide a thiteamar dá dheasca.

An Dia Beag, ‘Cabhail’ na Cáile

Glacaimis mar shampla, cultas an chlú atá coitianta in iarthar domhain, go háirithe. Is deas an rud é aitheantas a bhaint amach i ngeall ar do chuid buannanílim á shéanadh sin – ach nuair a cheapann na páistí bunscoile gur dia beag é Simon Cowell, is follas go bhfuil fadhb ann! Le tamall de bhlianta anuas, tá déithe bréige déanta de mhainicíní, d’aisteoirí, agus fiú de ‘réaltaí’ Big Brother nach bhfuil tallann shuaithinseach ar bith léirithe acu. Agus don dream óg, cosúil liom féin, cén mhaith é sin? Cén mhaith a dhéanfaidh sé, dar le cuid againn, an sclábhaíocht scoile go léir, nuair is féidir cúig nóiméad déag faoin spotsholas a lorg ina háit? An bhfuil uaillmhian ar bith níos uaisle ná an clú?

Is rídheacair a chreidiúint, ar na saolta seo, cé chomh mór is a bhíonn an brú ar dhaoine óga cloí le híomhá agus le hiompar na réaltaí. Chomh maith lena n-easpa tallainne a ghlóiriú as cuimse, bíonn na hirisí is na nuachtáin breac le pictiúir áille díobh chuile lá. Lena bhfolt snasta is a gcoimeanna caola, is ar éigean a chreidfeá scaití gur fíordhaoine iad seo in aon chor. Seafóid is ea an léiriú seo gur féidir le cuid againn scaoileadh tharainn gan stró, ach tá an-chuid den dream óg amuigh ansin go hiomlán ar éill aige. Chonaic mé líon mór cailíní i mo rang féin ar an meánscoil ag cloí le haistí dochta bia is dá bhfolach féin i slaodanna smididh, d’fhonn a bheith chomh caol le gáinne is chomh dóighiúil le bandéithe an phreasa. Saol uaigneach a bhí acu, b’fhéidir, cé nár shíl mé sin ag an am. Nuair a chuirtear aidhm amháin roimh an uile ní, is deacair caidreamh fiúntach, cneastacht idir dhaoine ná suaimhneas intinne a chothú. Aonaracht agus coimhthíos a thiocfas as sa saol atá anois ann, saol a thugann ómós thar meon don íomhá phearsanta agus a thugann tosaíocht áite don ábharachas.

Leas an Cheachta Chrua

An uile ní meáite, níor chóir an ghruaim as féin amháin a nochtú i gcuntas mar seo ach an oiread. Tá taobh eile ar an mbád. Díreach ar mhúnla na nglún a chuaigh romhainn, is breá linn ár gcairde agus is mór againn an spraoi, an spriolladh agus an spórt; siamsa simplí an tsaoil, mar a déarfá. Níl ann ach go bhfuil bonneagar nua tagtha ar an bhfód atá ag bagairt ar mheanma na hóige agus ag teacht salach ar na daoine is goilliúnaí inár measc.

An bhfuil bealach ar bith le teacht roimh na hathruithe seo agus iad a shárú? D’ainneoin a cuid lochtanna uilig, is múinteoir maith é taibhse an Tíogair Cheiltigh agus taispeánfaidh sé dúinn feasta gur fearr i bhfad an cur le chéile agus an daonnacht ná an coimhthíos agus an leithleas. Ceacht sách crua dúinn atá ann agus is ceacht é a bheas ann go ceann tamaill eile, ach is tábhachtaí dúinn mar dhream daoine ná an Ardteistiméireacht féin an ceacht céanna a fhoghlaim!


Is ball gníomhach í an t-údar de Chumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge. Bhain sí an chéad duais i gcomórtais Oireachtas na Gaeilge faoi chúig. Tá ábhar léi foilsithe i bhFeasta, i bhFoinse, agus bhí gearrscéal aici i mBlaiseadh Pinn, an chéad chnuasach de chuid Chumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge, Meán Fómhair 2008. Le cois an méid sin, ghlac sí páirt sa tsraith TG4 Rince Ar Phár an samhradh seo chuaigh thart.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.