I ndiaidh dó éisteacht leis an Dr. John Reid ag caint i Learpholl le gairid, tá Tony Birtill den tuairim nach bhfuil Státrúnaí an Tuaiscirt sásta dul i ngleic i gceart le ceist na póilíneachta sna Sé Chontae.
Bhí Státrúnaí an Tuaiscirt John Reid mar aoi speisialta in Institiúid Léann na hÉireann in Ollscoil Learphoill ar an 21 Samhain.
Chuir an tOllamh Marianne Elliot (as Béal Feirste ó dhúchas) Reid in aithne dúinn mar seo: “Bíonn gach duine ó Thuisceart Éireann buíoch i gcónaí go dtagann an Státrúnaí trasna chugainn chun muid a shórtáil amach mar nach raibh muid riamh ábalta muid féin a shórtáil amach.” Is dócha nach mbeadh iontas ar dhaoine a chloisteáil go bhfuair Marianne Elliot an gradam OBE (Order of the British Empire) ón Bhanríon Eilís ag Pálás Buckingham anuraidh.
Is iarbhall den Pháirtí Cumannach é John Reid, duine de lucht tacaíochta Glasgow Celtic agus is léir go mbíonn sé ar a shuaimhneas i measc gnáthdhaoine. Is minic a bhíonn rudaí greannmhara le rá aige. Agus é i Learpholl dúirt sé: “Sa phost seo bíonn grúpa fear dathúil láidir, a fuair mé ó Peter Mandelson, in éineacht liom an t-am uilig,” agus é ag amharc ar na bleachtairí a bhí sa halla ag coinneáil súl air.
Thug sé “bodmhadra” air féin agus dúirt: “B’éigean do Tony Blair Albanach beag, maol, Caitliceach, duine de lucht tacaíochta na gCeilteach, Aontachtaí Briotanach, a chur isteach sa chothromóid agus mar sin tá cothrom na Féinne ann - is fuath le gach duine mé”.
Agus sin an téama a bhí aige ina chaint: go bhfuil spás do gach saghas duine sna Sé Chontae, díreach mar atá sa chuid eile den Ríocht Aontaithe, áit a bhfuil sochaí ilchultúrtha. Le déabhlóid freisin, mothaíonn na hAlbanaigh agus na Breatnaigh níos mó ar a suaimhneas sa Ríocht Aontaithe, agus seo mar atá sé san Aontas Eorpach chomh maith. “Is láidreacht í an éagsúlacht, ní laige,” a dúirt sé.
Tá an port céanna seo le cloisteáil le tamall anuas ón Community Relations Council sna Sé Chontae (cf. www.diversity21.co.uk). “Cuirimis aithne ar a chéile” nó “tha innins tae worsels” atá mar theideal ar an chlár imeachtaí atá acu i mbliana.
Ach, ar an drochuair, nuair a bhíonn níos mó misnigh ag na Caitlicigh, nuair a mhothaíonn siad gurb é an Tuaisceart a mbaile, bíonn imní ar na Protastúnaigh ansin, a dúirt sé. “Tá athdheimhniú de dhíth ar na hAontachtaithe i dtaobh a bhféiniúlachta mar Bhriotanaigh,” a dúirt sé. Ach ní raibh mórán den lucht éisteachta sa halla a d’aontaigh leis an bharúil seo sa díospóireacht a bhí ann ag deireadh a chainte - agus sin mar a bhí sé sa phobalmheas a rinne The Guardian sa samhradh (cf. www.guardian.co.uk/Northern_Ireland, nó Beo!, eagrán 5).
Víreas
Is bac mór ar shochaí ilchultúrtha é an seicteachas, dar le Reid. “Víreas i gcroí Thuaisceart Éireann,” a thug sé air. “Truaillíonn sé daoine óga, ach is féidir aghaidh a thabhairt air agus é a shárú,” a mhaígh sé, agus luaigh sé Glaschú (áit ar rugadh é) agus Learpholl mar shamplaí de seo.
D’admhaigh sé, áfach, nach raibh gach rud i gceart sa tsochaí ilchultúrtha sa Bhreatain, agus luaigh sé na círéibeacha in Oldham i rith an tsamhraidh mar léiriú air seo.
Luaigh sé freisin nach raibh stair Rialtas Shasana in Éirinn gan smál. Agus an méid sin ráite aige, an bhféadfadh sé go fóill a bheith ina bhróicéir macánta sa lá atá inniu ann, a d’fhiafraigh mé de. Thagair mé do chás Patten mar dhrochshampla den ról sin agus luaigh mé an dóigh nach rabhthas sásta an tuairisc a d’ullmhaigh seisean ar an phóilíneacht a chur i bhfeidhm mar a bhí socraithe.
Ní raibh sé sásta le mo cheist ar chor ar bith. Mhaígh sé gur chuir Rialtas na Breataine croí agus spiorad Patten i bhfeidhm nuair a bhí Peter Mandelson ina Státrúnaí, ach nuair a fuair siad amach nach raibh na Caitlicigh sásta leis, shuigh sé féin síos ar feadh cúig mhí chun é a athdhréachtú. Anois tá sé i bhfeidhm agus níl ach dhá phointe nach n-aontaíonn Sinn Féin leo, dar leis, is é sin, an dóigh nach mbeidh orthu siúd atá ina mbaill de na póilíní cheana féin an mionn nua ar chearta daonna a thabhairt agus maoiniú do na boird nua áitiúla póilíneachta.
Bhí a fhios agam go raibh níos mó ná seo i gceist, ach, mar a bheifeá ag súil leis ó fhíorpholaiteoir, níor thug sé seans dom ceist eile a chur air.
Ní raibh iontas orm nuair a chuir mé scairt ghutháin ar phreasoifigeach Shinn Féin cúpla lá ó shin faoin cheist gur dhúirt sé liom go láidir: “Ní hea - tá a lán rudaí nach bhfuil muid sásta fúthu agus chuir muid sin in iúl do Rialtas Shasana go minic.” Chuir sé facs chugam ar a raibh liosta de 20 pointe a raibh siad míshásta fúthu, ina measc an dóigh nach gcaithfidh an príomhchonstábla agus na póilíní a bheith freagrach don bhord póilíneachta, cur i bhfeidhm faoi cheilt an dlí, dímhíleatú, piléir phlaisteacha, an brainse speisialta agus cúltaca na bpóilíní, earcaíocht, ballraíocht cumann rúnda agus bratacha agus suaitheantais.
Nuair a smaoiníonn tú ar chomh tábhachtach is atá ról na bpóilíní sa tsochaí ilchulturtha atá againn anseo i Sasana (thug Tuarascáil MacPherson “institutionalised racism” ar an fhadhb - cf. Beo! na míosa seo caite), is cúis mhór imní é go bhfuil an “ré úr” sna Sé Chontae ag tosú le halbatrás mar seo thart ar a mhuineál, agus nach bhfuil an Státrúnaí sásta admháil go poiblí go bhfuil deacrachtaí móra ann.