CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Rogha an phíobaire
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Is píobaire, amhránaí agus damhsóir seite é Terry Moylan, atá ag obair mar chartlannaí leis Na Píobairí Uilleann. Labhair Antaine Ó Faracháin leis, i measc rudaí eile, faoin gceol agus faoi na ceoltóirí a chuaigh i bhfeidhm air in 2006.

Íomhá
Íomhá
An t-amhránaí agus giotáraí Alan Burke
Íomhá
An píobaire cáiliúil Willie Clancy
Íomhá

Antaine Ó Farcháin: Cén t-albam is fearr de cheol nó d’amhránaíocht thraidisiúnta a eisíodh in 2006, dar leat?

Terry Moylan: Ó thaobh an cheoil de chaithfinn The Dusty Miller a phiocadh agus ó thaobh na hamhránaíochta de thaitin I Heard a Bird at Dawn go mór liom. Ba iad Gay McKeon agus a bheirt mhac, Conor agus Seán, na píobairí a chuir The Dusty Miller amach agus ba é Barry Gleeson an t-amhránaí a d’eisigh I Heard a Bird at Dawn.

AÓF: Cén fáth go dtaitníonn siad sin chomh mór sin leat? TM: Bhuel i dtosach báire tá scoth na píobaireachta ar The Dusty Miller. Tá na píobaí ar fad tiúnáilte go hálainn agus ton álainn uathu freisin. Chomh maith leis sin, tá an triúr acu le cloisteáil ag seinm in éineacht lena chéile, rud atá neamhghnách ar an bpíb uilleann. Is léir freisin go bhfuil caighdeán ard píobaireachta curtha ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus go bhfuil an caighdeán sin ag ardú i gcónaí. Maidir le Barry Gleeson, is breá liom an rogha amhrán atá aige ar a albam siúd, cuid acu nár chuala mé riamh cheana. Is breá liom an bhríomhaireacht atá ina chuid amhránaíochta freisin, an spréach atá aige!

AÓF: An tú féin a cheannaigh iad seo nó an bhfuair tú mar bhronntanas iad?

TM: Fuair mé The Dusty Miller mar bhronntanas agus cheannaigh mé an ceann eile.

AÓF: An éisteann tú leo go minic?

TM: Éistim. Is minic go mbíonn siad ar siúl agam agus mé ag obair!

AÓF: An bhfuil aon albam a bhí tú ag súil a fháil mar bhronntanas Nollag ach nach bhfuair tú fós?

TM: Tá. Bhí mé ag súil le halbam Mhichíl Uí Raghallaigh, Inside Out, a fháil. B’fhéidir go dtiocfaidh sé fós!

AÓF: An féidir leat smaoineamh ar aon cheoltóir nó amhránaí nach bhfuil albam déanta aige/aici go fóill agus gur mhaith leatsa go dtabharfadh sé/sí faoi in 2007?

TM: Alan Burke. Is amhránaí agus giotáraí é. Bhuail mé leis ag féile cheoil in Copenhagen i mí na Samhna 2006. Bhí sé ag gabháil fhoinn in éineacht le John McSherry agus Dónal O’ Connor. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm.

AÓF: Cén fhéile cheoil is fearr a raibh tú aici in 2006?

TM: Bhí mé ag féile i bPáras, ag Scoil Samhraidh Willie Clancy, in Copenhagen mar a dúirt mé, agus ag Féile Chois Cuain. Chaithfinn Féile Chois Cuain a phiocadh as an méid sin. Bíonn sí ar siúl gach bliain i gCluain Cearbán i gContae Mhaigh Eo ar an deireadh seachtaine fada i mí na Bealtaine.

AÓF: Cén fáth go bpiocann tú an fhéile sin thar na féilte eile ar fad a bhí ar siúl?

TM: Piocaim an ceann sin amach toisc gur chuala mé ceol den chéad scoth ann, ó dhaoine mar Billy McComiskey, Joannie Madden agus Brendan Dolan, ceoltóirí cuid acu nach raibh cloiste agam cheana.

AÓF: Cad é an seisiún ceoil nó amhránaíochta ab fhearr a bhí agat in 2006 agus cé a bhí i do theannta?

TM: Thug Robbie Hannan, Paddy Glackin agus Seán Garvey ceadal sa Cobblestone i Margadh na Feirme i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna. Shíl mé go raibh sé sin speisialta ar fad!

AÓF: Dá mbeadh seans agat deireadh seachtaine fada a chaitheamh i 2007 in éineacht le ceoltóirí nó amhránaithe eile agus sibh ag seinm agus ag gabháil fhoinn gan stad, cé hiad na ceoltóirí nó na hamhránaithe eile (atá beo anois) gur mhaith leat a bheith i gcomhluadar leat?

TM: Ba bhreá liom Breanndán Ó Beaglaoich a bheith ann, Donie Nolan, Mick Willis, Mick Mulkerrins agus Barry Gleeson agus Luke Cheevers.

AÓF: Cén áit a phiocfá don seisiún sin?

TM: Barr a’ Chuma, teach tábhairne beag deas atá gar do Chúil Aodha i gContae Chorcaí.

AÓF: Dá gcuirfinn an cheist chéanna ort ach cead a bheith agat ceoltóirí nó amhránaithe atá imithe ar shlí na fírinne a thógáil ar ais ón mbás le bheith ag an seisiún, cé bheadh leat ansin?

TM: Bheadh Willie Clancy ar mo liosta, Johnny O’ Leary, Denis Murphy, Julia Clifford. Agus ansin don amhránaíocht bheadh Diarmuidín Ó Súilleabháin ann agus Seosamh Ó hÉanaí.

AÓF: Ainmnigh an tiúin agus an t-amhrán is fearr leat faoi láthair? An athraíonn tú d’intinn faoi seo go minic?

TM: Tá mé an-tógtha faoi láthair le tiúin darb ainm “The King of the Blind”. Is í an chéad tiúin í ón mbailiúchán a chuir Neal amach (c. 1728), The Most Celebrated Irish Tunes. Agus an t-amhrán is mó a thaitníonn liom faoi láthair ná “Fairytale of New York”! Agus sea, athraím m’intinn sách minic faoi rudaí mar seo, rud atá nádúrtha go leor.

AÓF: Cén uirlis cheoil is fearr leat?

TM: An phíb uilleann, ar ndóigh!

AÓF: An bhfuil aon uirlis nach dtaitníonn leat?

TM: An bainseó!

AÓF: Cad í an chuimhne is deise atá agat ar 2006 ó thaobh an cheoil nó na hamhránaíochta de?

TM: Nuair a chas an fear sin Alan Burke, a luaigh mé ar ball, “Óró sé do bheatha abhaile!” ag seisiún amhránaíochta ag an bhféile sin in Copenhagen. Chuaigh sin go mór i bhfeidhm orm.

AÓF: Cad í an uaillmhian is mó ó thaobh an cheoil nó na hamhránaíochta de gur mhaith leat a bhaint amach i 2007?

TM: Smacht a fháil ar na diabhal regulators ar an bpíb uilleann!

AÓF: Cad é an rud is mó go bhfuil tú ag súil leis i 2007?

TM: Tá mé ag tnúth go mór leis an lá nuair a bheidh Na Píobairí Uilleann ag bogadh isteach inár gceanncheathrú nua-chóirithe i Sráid Henrietta. Beidh sé sin iontach ar fad!

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.