499
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Míníonn Brian Ó Broin an tslí a n-oibríonn córas polaitíochta na Stát Aontaithe agus cén fáth a bhfuil sé chomh seasmhach sin.
»»»I rith na bliana seo, tá Ciara Nic Gabhann ag tabhairt eolais mar gheall ar na dánlanna agus áiteanna eile ar fiú cuairt a thabhairt orthu i gcathracha éagsúla timpeall na hEorpa. An mhí seo: Flórans.
»»»Bhí Ciara Nic Gabhann ag caint le lucht ealaíne ó thuaidh a bhfuil roinnt den athrú saoil feicthe acu.
»»»Cruthaíonn spórt ainm agus cáil agus carnann an cháil cianóga. An té a mbíonn súil na sluaite air, caithfidh sé a bheith gan cháim áfach, nó beidh siad ina dhiaidh air. D’amharc Colm Mac Séalaigh ar scéal an Tiger.
»»»Agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag reáchtáil comhdhála ag deireadh na míosa seo chun deis a thabhairt do phobal na Gaeilge moltaí agus éilimh a chur faoi bhráid na bpolaiteoirí, féachann Pádraig Ó Ceithearnaigh, stiúrthóir na heagraíochta, ar na nithe ar fad atá bainte amach don Ghaeilge le dhá bhliain déag anuas.
»»»Coimhéad na daoine a théann thar fóir le beartais uaillmhianacha, nó seolfaidh siad Elvis féin as MacDonalds ar chúrsaí Gaeilge. Tá Balor faoi iontas.
»»»Tá Liz Curtis an-tógtha le Loch Cuan i gContae an Dúin, áit a mbíonn sí go minic.
»»»Seo sliocht as úrscéilín nua le Colm Ó Snodaigh, Pat the Pipe, Píobaire.
»»»Beidh sé roinnt blianta sula bhfeicfidh an foclóir nua Béarla - Gaeilge solas an lae. Measann Brian Ó Broin gur cheart tabhairt faoi obair eile idir an dá linn le déanamh cinnte go bhfuiltear ag freastal ar lucht léite agus scríofa na Gaeilge.
»»»Agus Gaelport.com tar éis an chéad Tweetup as Gaeilge a eagrú ag deireadh Mhí Meán Fómhair, is dóigh le Roseanne Smith gur fiú breathnú in athuair ar na seirbhísí ar líne a chabhraíos le duine imeachtaí neamhfhoirmeálta agus foirmeálta a eagrú.
»»»Cothrom an ama seo deich mbliana ó shin seoladh ré órga na cumarsáide Gaeilge nuair a tháinig TG4 ar an aer den chéad uair agus nuair a foilsíodh an chéad eagrán de Foinse. Bhí Breandán Delap mar an chéad eagarthóir ar Foinse agus tá sé ag obair anois mar Chlár-Eagarthóir le Nuacht TG4. San alt seo, tugann sé a thuairim chlaonta ar a bhfuil bainte amach na meáin Ghaeilge le deich mbliana anuas agus féachann sé ar na dúshláin atá rompu.
»»»Cad é a léiríonn sraitheanna teilifíse mar “The X-Factor” agus “You’re a Star” faoi chúrsaí ceoil sa lá atá inniu ann? An t-uafás, dar le Toner Quinn.
»»»D’aimsigh Ciarán Mac Aonghusa áit álainn aiceanta idir shléibhte móra na nAipiníní agus Muir Aidriad. Más ag iarraidh feabhas a chur ar do chuid Iodálaise atá tú, seobh í an áit is fearr duit.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cuairteoirí ag an Nollaig.
»»»D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.