AR NA SAOLTA SEO
Go leor le baint amach go fóill ag na meáin Ghaeilge
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Cothrom an ama seo deich mbliana ó shin seoladh ré órga na cumarsáide Gaeilge nuair a tháinig TG4 ar an aer den chéad uair agus nuair a foilsíodh an chéad eagrán de Foinse. Bhí Breandán Delap mar an chéad eagarthóir ar Foinse agus tá sé ag obair anois mar Chlár-Eagarthóir le Nuacht TG4. San alt seo, tugann sé a thuairim chlaonta ar a bhfuil bainte amach na meáin Ghaeilge le deich mbliana anuas agus féachann sé ar na dúshláin atá rompu.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
An Spidéal, Contae na Gaillimhe: ní raibh aon spéis ag bean na Ceathrún Rua i scéalta ón bhaile seo

I 1960, le linn díospóireachta Dála faoin Ghaeilge, dúirt an Teachta Jack McQuillan gur chrá croí agus céasadh é a bheith ag éisteacht le cláracha Gaeilge ar Raidió Éireann:

“I have listened to Raidió Éireann, particularly in the last twelve months, in order that I would be in a position to discuss it from experience. I must confess that to listen to the productions night after night was one of the greatest penances I ever had to impose on myself. I was often tempted to give way to the feeling that takes possession of a person and to put a sod of turf through the radio.”

Thuigfeá dó. Mar dhuine atá ag treabhadh ghort na hiriseoireachta Gaeilge, is iomaí uair a bhí cathú orm féin dul i muinín an fhóid mhóna chéanna ach measaim go bhfuil iriseoirí na Gaeilge ag cur barraíocht brú ar acmhainní nádúrtha mar atá.

Mar is beag gearb nach bhfuil dóite againn fán tráth seo, ná clocha móra nach bhfuil curtha ar phaidríní, tairní nach bhfuil crúite ná luganna nach bhfuil tite ar laganna. Tá muin na muice i mbaol a bhriste agus tá an trá fholamh beagnach lán fán tráth seo le daoine a fágadh air le blianta beaga anuas. Is beag faoiseamh a bhíonn ag an aimsir fiú agus muid ag súil gur foinse gach eolais í atá ábalta gach rud a neosadh.

Bíodh sin mar atá, tá rudaí athraithe go mór ón uair a bhí an Teachta McQuillan ag comhlíonadh a bhreithiúnas aithrí.borradh suntasach tagtha ar na meáin Ghaeilge, idir mheáin fhíse agus mheáin chlóite, le 30 bliain anuas. Tá ár stáisiún teilifíse féin againn anois, rud nach raibh ina aisling fiú tríocha bliain ó shin. Tríocha bliain ó shin ba stáisiún páirtaimseartha é Raidió na Gaeltachta a bhí ag craoladh ar feadh dhá uair is ceathrú in aghaidh an lae. Bíonn sé ar fáil anois ceithre huaire fichead sa lá. Bíonn altanna rialta agus colún seachtainiúil dúshlánach san Irish Times. Tá conradh ar fiú €596,000 é bronnta ar le nuachtán laethúil a sholáthar agus tá iris idirlín den chéad scoth againn.

Ach d’fhéadfá a rá gurbh é 1996 annus mirabilis na meán Gaeilge. Cothrom an ama seo deich mbliana ó shin a tháinig TG4 ar an aer den chéad uair agus a foilsíodh an chéad eagrán de Foinse. Ní haon áibhéil a rá gur athraíodh iriseoireacht na Gaeilge ó bhonn i mí Dheireadh Fómhair 1996 agus gur cuireadh tús le ré órga na cumarsáide. Tá i bhfad Éireann níos mó deiseanna fostaíochta ann anois d’ábhar iriseoirí Gaeilge agus méadú dá réir tagtha ar scóp na hoibre agus ar an éileamh atá air.

Ar ais sa gheiteo

Ach in ainneoin na bhforbairtí seo uilig, níor mhór a admháil go bhfuil cúlú tagtha fosta. Tá iriseoireacht na Gaeilge ar ais sa gheiteo anois. Tríocha bliain ó shin bhíodh altanna rialta Gaeilge san Irish Press agus san Irish Independent agus bhíodh tuilleadh cláracha Gaeilge á gcraoladh ar Raidió Éireann agus ar RTÉ. Is é an comhthoradh is mó a bhaineann leis an bhorradh atá tagtha ar na meáin Ghaeilge ná go bhfuil ról níos imeallaí ag an teanga sna meáin Bhéarla.

Níor mhór a admháil fosta nach gá go mbeadh an caighdeán ardaithe de réir an mhéid a tháirgtear. Mar a dúirt an té a dúirt: “Never mind the quality feel the Gaelic.” Ceann de na dúshláin is mó atá romhainn amach sna meáin Ghaeilge ná cultúr na hiriseoireachta imscrúdaithí a bhunú. Níl sé seo déanta go sásúil againn go fóill. Ar ndóigh is sórt paradacsa é an téarma seo sa mhéid is gur cheart go mbeadh sé de dhualgas ar gach iriseoir a bheith fiosrach. Bhí spléachadh beag suimiúil den easnamh seo le fáil in alt nuachta a bhí ag The News of the World cúpla mí ó shin (9 Iúil, 2006). Rinne an nuachtán sin iniúchadh ar líon na n-iarratas a rinneadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF) ón uair a tháinig sé i bhfeidhm naoi mbliana ó shin. As an 10,000 iarratas a cuireadh faoi bhráid an 15 Roinn rialtais éagsúla ó 1997 i leith, ní dhearnadh ach 42 acu trí mheán na Gaeilge. Fiú i gcás na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta ní raibh ach 33 as 202 iarratas déanta trí mheán na Gaeilge. Anuas air sin, ba i nGaeilge a rinneadh cúig cinn den 617 iarratas chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe. Tá dhá léamh ar na figiúirí seo: (a) nach bhfuil go leor muiníne ag iriseoirí na Gaeilge lena ngnó a dhéanamh leis an státchóras trí mheán na Gaeilge nó (b) nach bhfuil na meáin Ghaeilge ag baint úsáide as an Acht.

I leabhrán a d’ullmhaigh an léachtóir le dlí in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, an Dr Máire Mac Conghaíl, do Chumann Nuachtán Náisiúnta na hÉireann ar fheidhmiú an Achta, thug sí le fios gurb í a barúil gur cheart go mbeadh iriseoirí ar thóir eolais go rialta faoin ASF. Go deimhin, dúirt sí mura mbeadh iriseoirí ag seoladh iarratais rialta ar thóir eolais ó eagraíochtaí stáit faoin Acht nach mbeidís ag feidhmiú ar bharr a maitheasa.

Nach aisteach, mar sin, gur beag úsáid a bhain na meáin Ghaeilge as ó tharla é a bheith tagtha ar an saol mórán an am chéanna is a bhí iriseoirí óga cíocracha ag saothrú ghort na hiriseoireachta den chéad uair? Ní haon strainséir í an tsluasaid sa Ghaeltacht agus b’fhéidir go bhfuil sé in am anois ag iriseoirí na Gaeilge níos mó ama a chaitheamh ag tochailt agus ag salú a gcuid lámh.

Tuigim go bhfuil sé thar a bheith deacair tabhairt faoin chineál seo oibre mar go bhfuil saol na Gaeilge is na Gaeltachta chomh beag sin agus go bhféadfadh go mbeadh aithne phearsanta ag go leor de na hiriseoirí ar na pearsana a bheadh á bhfiosrú acu. Is doiligh, dá bharr sin, léirmheas macánta a dhéanamh ar eagraíochtaí Gaeilge agus araile. É sin ráite, ní féidir a bheith de shíor ag cuimilt boise agus níor mhór na fiacla a dhrannadh nuair is gá. B’fhíor do Miriam Lord nuair a dúirt sí nach bhfuil d’úsáid ag preasráitis ach le nótaí a bhreacadh ar a gcúl.

Cothromaíocht

Dúshlán eile atá le sárú ag na meáin Ghaeilge ná an chothromaíocht chuí a aimsiú idir áitiúlachas agus an freastal is gá a dhéanamh ar an náisiún i gcoitinne. Deir daoine áirithe nach dtugaimid dóthain airde ar an ghné logánta ach deir daoine eile go mbíonn muid chomh háitiúil sin go dtig leat do theach a fheiceáil inár gcuid tuairiscí. Caithfear a chuimhneamh gur dream ilghnéitheach iad pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go bhfuil suim acu i meascán mór ábhar, cosúil le haon phobal eile. Bheadh sé contráilte a rá nach bhfuil suim ag pobal na Gaeltachta ach i scéalta faoi dhrochstaid na mbóithrefaoi chúrsaí séarachais.

Lena chois sin, níor mhór a rá nach gá go gcuirfeadh muintir Leitir Mhóir suim i scéal áitiúil as Indreabhán gan trácht ar scéal ó Ghaoth Dobhair nó ó Chorca Dhuibhne. Is cuimhin liom cúpla bliain ó shin gur mhol bean ón Cheathrú Rua mé as scéal a bhí againn in Foinse faoi spideog a bhíodh ag teacht isteach chuig siopa áitiúil gach lá. Thug sí comhairle dom cloí leis an chur chuige sin agus go ndíolfadh muid i bhfad níos mó cóipeanna dá bharr. Bhí mise breá sásta leis an mholadh agus shíl mé go mbeadh lúcháir uirthi a chluinstin go raibh scéal beag deas den chineál céanna againn ón Spidéal an tseachtain sin. Ach bhí dul amú orm. "An Spidéal," a deir sí. "Ní shin áitiúil!" Mar a deirim, ní gá go gcuirfeadh muintir na Ceathrún Rua suim i scéal áitiúil as an Spidéal gan trácht ar scéal ó cheantar Gaeltachta eile.

Ó tharla go bhfuil formhór na meán Gaeilge lonnaithe sa Ghaeltacht, bíonn fuílleach scéalta againn a bhaineann le hiarthar na hÉireann. Is féidir scéal mór náisiúnta a chriathrú trí lionsa na Gaeltachta. Ar ndóigh, caithfear cothromaíocht a aimsiú agus gan a bheith ag clúdach scéal beag gan úsáid ó iarthar na hÉireann fad is atá an saol mór ag titim as a chéile. Ach is féidir toise Gaeltachta a aimsiú i go leor scéalta.

Is cuimhin liom, mar shampla, nuair a tharla tragóid an 11 Meán Fómhair gur aimsigh na meáin Ghaeilge ár gcuid scéalta féin a bhain go sonrach leis an iarthar agus leis an Ghaeltacht. Bhí scéal againn ar fad faoi chailín a rugadh i Ros Muc agus a bhí in ainm is a bheith ag obair mar aeróstach ar cheann de na heitleáin a fuadaíodh, ach gur athraíodh a sceideal oibre. Bhí scéal eile againn faoi na ciallachais mhóra a bheadh ag an ionsaí d’Éireannaigh a bhí ina gcónaí i Meiriceá go mídhleathach mar go mbeadh dianslándáil i bhfeidhm sna calafoirt agus sna haerfoirt agus go mbeadh ar fhostóirí cuntais chruinne a choinneáil ar gach duine a bhí fostaithe acu. Bhí cuntais againn fosta ó Ghaeilgeoirí ó gach cearn den tír a chonaic cad a tharla ar an lá. Luaim é seo mar gur sampla é den dóigh go bhféadfadh go mbeadh ciallachais thromchúiseacha ag eachtra mhór idirnáisiúnta do phobail bheaga Ghaeltachta in iarthar na hÉireann.

Is saol uaigneach é a bheith ag treabhadh ghort na Gaeilge scaití agus is iomaí iriseoir a bhraitheann gur fáidh san fhásach é atá ag stróiceadh leis gan aitheantas. Amanna, tagann amhras orthu an bhfuil duine ar bith amuigh ansin ag éisteacht leo nó ag léamh a gcuid altanna. Luaim é seo mar go mbraithim nach bhfuil cúram ceart á dhéanamh againn den ghné idirghníomhach i gcomparáid lenár gcomhghleacaithe sna meáin Bhéarla. I 1945 nuair a thug státseirbhísigh le fios don Taoiseach, Éamon de Valera, nach mbeadh aon éileamh ar stáisiún raidió Gaeltachta cionn is nach raibh gléas raidió ach ag 10% de thithe Gaeltachta, mhol de Valera go ndáilfí gléasanna raidió saor in aisce ar phobal na Gaeltachta. Ní gá dúinn céim chomh radacach sin a ghlacadh ach b’fhéidir go bhfuil sé in am againn anois an margadh a thabhairt chuig an phobal agus bealaí cruthaitheacha idirghníomhacha a aimsiú leis an fhocal a scaipeadh. Níor mhór a chuimhneamh i gcónaí gur ar mhaithe le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta atá na meáin Ghaeilge ag feidhmiú seachas ar mhaithe leis na hiriseoirí.

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.