CÚINNE NA nEALAÍON
Seoid na hAthbheochana
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

I rith na bliana seo, tá Ciara Nic Gabhann ag tabhairt eolais mar gheall ar na dánlanna agus áiteanna eile ar fiú cuairt a thabhairt orthu i gcathracha éagsúla timpeall na hEorpa. An mhí seo: Flórans.

Íomhá
An Campanile
Íomhá
An Duomo
Íomhá
Doras na baistealainne, an Battistero
Íomhá
Nascita di Venere le Sandro Botticelli
Íomhá
Dealbh clúiteach Michelangelo, Dáibhí

Tá sé deacair gan bheith faoi dhraíocht ag Flórans, príomhchathair na Tuscáine san Iodáil, agus tú ag teacht uirthi den chéad uair. Is féidir a shamhlú go héasca go bhfuil tú i ndiaidh dul siar in am agus tú ag siúl na sráideanna plódaithe meánaoiseacha thíos faoin Campanile (cloigtheach) grástúil a rinne Giotto a dhearadh sa 13ú haois agus an chruinneog chreathach a thóg Brunelleschi don Duomo, an ardeaglais mhaorga atá suite go bródúil i gcroílár na cathrach.

Shílfeá gur beag athrú atá tagtha ar an áit ó aimsir na Medici, príomhphátrúin na cathrach ón 14ú haois, go dtí go sciobann bíp! bíp! na *motorini *a bhíonn ag greadadh leo síos na sráideanna cúnga ar ais go dtí an fíorshaol tú agus tuigeann tú go bhfuil an chathair, a thóg na Rómhánaigh mar ionad trádála sa bhliain 59 R.Ch., chomh gnóthach céanna sa lá atá inniu ann is a bhí sí ag an am sin.

Ciallaíonn Florentia, mar a glaodh air ar dtús, “an té a thagann faoi bhláth”, agus nuair a smaoiníonn tú ar an oidhreacht thorthúil shaibhir ealaíne atá ag an chathair, toradh na gcéadta bliain de shaothar ardealaíontóirí, is oiriúnach i gceart an t-ainm é.

Le linn na Meánaoiseanna agus na hAthbheochana Léinn – an tréimhse órga ina raibh rath ar chúrsaí ealaíon agus smaointeoireachta – bhí Flórans ina chathair shaibhir chumhachtach agus rinne cuid de na mórtheaghlaigh a bhí i réim inti go leor dá saibhreas a chaitheamh ar thithe móra maisiúla, foirgnimh áille phoiblí, eaglaisí agus na healaíona mar léiriú, ní hamháin ar bharrchéimíocht na cathrach, ach ar a stádas agus a gcumhacht féin chomh maith.

Ba iad na Medici na pátrúin ba fhlaithiúla agus ab aithnidiúla sa tréimhse seo agus is féidir armas an teaghlaigh (sé liathróid) a fheiceáil ar go leor foirgneamh poiblí i bhFlórans go fóill. Chuidigh a bpátrúnacht le stádas ealaíontóra a ardú agus tháinig na mórealaíontóirí ar nós Ghiberti, Michelangelo, Donatello, Masaccio, Piero della Francesco, Botticelli, Uccello agus Leonardo da Vinci chun cinn faoina gcoimirce agus, ar an dea-uair do chuairteoirí, tá an saothar álainn a d’fhág réaltaí móra seo na hAthbheochana ina ndiaidh le feiceáil go fairsing i ndánlanna agus in eaglaisí ar fud na cathrach.

Is cathair nach bhfuil rómhór é Flórans agus, dá bhrí sin, tá sé furasta do bhealach a dhéanamh thart timpeall. Tá an oiread sin rudaí iontacha le feiceáil ann, áfach, gur fiú go mór duit plean a bheith agat muna bhfuil agat ach cúpla lá le caitheamh ann.

Moltaí

Bheadh sé dodhéanta triall ar gach rud atá le feiceáil sa chathair ghalánta seo le linn cuairte gairide agus, mar sin, b’fhéidir gurbh fhiú liosta tosaíochtaí a dhéanamh roimh ré – rudaí nach féidir an chathair a fhágáil gan iad a fheiceáil – le pleanáil do chuairte a dhéanamh níos fusa.

An Duomo Bhí cruinneog Brunelleschi, a sheasann ar bharr an Duomo, ina ábhar iontais nuair a tógadh é agus spreagann sí an tsamhlaíocht go fóill. Léiríonn an píosa ailtireachta ardéirime álainn seo an bua millteanach a bhí ag an ealaíontóir teasaí a dhear é, agus is fiú go mór am a chaitheamh ansin chun meabhrú air.

Piazza del Duomo www.operaduomo.firenze.it Cead isteach saor in aisce

Campanile

In aice leis an Duomo tá an cloigtheach, atá 84.7m ar airde, a dhear Giotto. Is cloigtheach ealaíonta é agus chomh maith le bheith ag féachaint air ón taobh amuigh, má tá fonn ort is féidir leat na 414 céim a dhreapadh ar an taobh istigh chun radharc a fháil ar an chathair a stopfaidh do chroí!

Piazza del Duoma www.operaduomo.firenze.it Cead isteach 6 euro

An Battistero

Tógadh an bhaistealann ar shuíomh seanteampaill Rómhánaigh agus tá sí ar cheann de na foirgnimh is sine sa chathair. Suite gar don Duomo agus an Campanile, foirgneamh ochtagánach atá ann a bhfuil *façade *aige atá déanta as stráicí de mharmar glas agus bán. Baisteadh Dante anseo.

Is fiú go mór am a chaitheamh ansin ag féachaint ar na doirse cré-umha a rinne Andrea Pisano i 1336 agus Lorenzo Ghiberti i 1402. Léirithe i rilíf íseal i bhfoirm painéal inleagtha ar gach doras, déantar cur síos ar scéalta ón Bhíobla ann, a dhéanann tagairt don chine daonna agus don fhuascailt. Thóg sé ocht mbliana is fiche ar Ghiberti a thionscadal a thabhairt chun críche agus nuair a chonaic Michelangelo é dúirt sé gur “Porto del Paradiso” a bhí ann.

Piazza di San Giovanni www.operaduomo.firenze.it Cead isteach €3

Basilica di Santa Maria del Carmine

Is ar chearnóg bheag gan slacht atá an eaglais seo suite, a bhfuil cuid de na freascónna is tábhachtaí a rinne an péintéir Masaccio le feiceáil inti. Tá Titim Ádhaimh agus Éabha, atá le feiceáil sa Cappella Brancacci ar chúl na heaglaise, aitheanta mar cheann de na píosaí is deise a rinne sé riamh.

Via Santa Monica Saor in aisce ach tá cead isteach €4 i gceist i gcás an Capella Brancacci, an séipéal beag atá mar chuid den Basilica.

Galleria Degli Uffizi

Tógadh an Palazzo degli Uiffizi sa 16ú haois do Cosimo 1 de’Medici agus is anseo a bhí halla na cathrach ina raibh oifigí riaracháin, ceardaithe agus dlíodóirí suite (ciallaíonn uiffizi oifigí). Sa lá inniu, tá sé ar cheann de na dánlanna is fearr agus is cuimsithí ar domhan maidir leis an ealaín Fhlóransach agus Iodálach. Tá 45 seomra ann agus seoda ealaíne le feiceáil i ngach ceann acu. Má tá do chloigeann ag casadh ag smaoineamh ar an oiread sin seomraí, seo chugat roinnt de na píosaí ealaíne is suntasaí nach mór duit a fheiceáil:

Sala Caravaggio ar an chéad urlár, ina bhfuil trí phíosa chiaroscuro de chuid an ealaíontóra chlúitigh sin Madonna in Maesta le Cimabue i seomra 1 La Battaglia di San Romano (Cath San Romano) le Paolo Uccello i seomra 7 Fredrico da Montefeltro le Piero della Francesca i seomra 7 Madonna col Bambino e due Angeli *le Fra Filippo Lippi i seomra 8 *La Nascita di Venere *(Breith Venéis) agus *Primavera le Sandro Botticelli i seomraí 10-14 Anunciazione *(Teachtaireacht an Aingil) le Leonardo da Vinci i seomra 15 *Tondi Doni *le Michelangelo i seomra 25 *Madonna del Cardellino * le Raphael i seomra 26 *Venere d’Urbino le Titian i seomra 28

Is fiú go mór ticéid a chur in áirithe roimh ré do chuairt mar bíonn an-tóir ar an dánlann agus ag amanna gnóthacha is minic a bhíonn na ticéid ar fad díolta.

Piazzale degli Uffizi www.polomuseale.firenze.it/uffizi €6 an cead isteach agus cosnaíonn sé €2 sa bhreis má chuirtear ticéad in áirithe roimh ré.

Déantar na hóstáin is fearr i bhFlóráns, dar le daoine a bhí ar saoire ansin, a liostáil ar an suíomh www.tripadvisor.com.

Galleria Della’Accademia

Aithnítear Daibhí le Michelangelo ar fud na cruinne ach is fiú go mór dul agus an sársaothar seo nach bhfuil insint béil air a fheiceáil duit féin. Snoíodh é as píosa amháin marmair atá 19 dtonna meáchain agus is léiriú fíorálainn cumhachtach é ar an laoch óg.

Is fiú am a chaitheamh chomh maith ag amharc ar na ceithre dhealbh neamhchríochnaithe a rinne Michelangelo don tsraith Prigioni (sclábhaithe) ina bhfuil na coirp léirithe ag briseadh amach ó chloch.

Via Ricasoli 60 Cead isteach €6.50

Ná déan dearmad i ndiaidh a mbeidh de shiúl déanta agat sa tóir ar na seoda ealaíne seo suíochán deas compordach a aimsiú i gcaife nó cearnóg, d’anáil a tharraingt agus sult a bhaint as an dolce vita chomh maith! Salute!

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.