RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Gordon McCoy, Gordon McCoy, Róise Ní Bhaoill Róise Ní Bhaoill

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cuairteoirí ag an Nollaig.

Íomhá

“Is é bhur mbeatha,” arsa Máire nuair a d’oscail sí an doras. “Isteach libh. Is dócha go bhfuil sibh conáilte. Bainigí díbh na cótaí agus déanaigí bhur ngoradh.” Shuigh Dervla agus Daire isteach os comhair na tineadh.

“A Eilís, cá bhfuil tú? Croch na cótaí seo amuigh sa halla. Sin an ghirseach mhaith,” arsa Máire lena hiníon. Bhí Eilís faiteach agus ní dhearna sí ach amharc amach as faoin dá shúil ar an bheirt a tháinig isteach.

“Nach bhfuil tú ag dul a bheannú d’ár gcuairteoirí?” arsa Máire. “An bhfuil a fhios agat seo, aos óg an lae inniu, níl múineadh madaidh orthu.”

Hello,” arsa Eilís agus theith sí síos an halla.

“Ná bíodh buaireamh ar bith oraibh, tiocfaidh sí chuici féin sula mbeidh an lá amuigh,” arsa Máire.

“Tá súil agam nach bhfuil muid ag cur isteach ort,” arsa Dervla. “Is dócha go bhfuil go leor le déanamh agat inniu agus gan a bheith ag smaoineamh orainne.”

“Orú, amaidí,” arsa Máire. “Ní ualach ar bith an chuideachta. Nach ag dul amú a bíos an bia lá Nollag. Cuidiú atá de dhíth orainn á ithe.”

“Tá muid iontach buíoch,” arsa Daire.

Seo anois,” arsa Máire, “sin deireadh leis an chineál sin cainte. Tá fáilte romhaibh anseo. Ní thiocfaí sibh a fhágáil gan chomhluadar lá Nollag agus sibh ar leic an dorais againn, anois an dtiocfaí?”

Ní raibh cónaí ar Dervla agus Daire sa tsráid seo ach le cúpla mí anois agus cé go raibh aithne shúl acu ar go leor de na comharsana ní raibh cuma ar aon duine go raibh faill cainte aige. Ní raibh post faighte ag Dervla go fóill agus ach go bé gur casadh Máire uirthi bheadh sí ina suí suas ina tóiteog agus gan focal aici le héinne ó dhubh go dubh. Níorbh ionann an scéal ag Daire. Bhí seisean ag obair agus tháinig sé chun na bhaile gach tráthnóna agus gan a dhath as a bhéal ach cad é a rinne sé siúd agus í seo. Ní raibh idir Dervla agus an t-uaigneas ach na cuairteanna a thug Máire uirthi i rith na seachtaine.

D’oscail doras an halla arís agus tháinig fear Mháire isteach. Cé nár casadh don bheirt chuairteoir é go dtí seo bhí sé feicthe acu go minic agus é amuigh ag coisíocht lena mhadadh.

“Seo Tadhg,” arsa Máire agus shín Tadhg amach a lámh agus chroith sé lámh le Dervla agus Daire.

“Anois,” arsa Tadhg, “cad é a bheas agaibh? Tá seaimpéin ansin, uisce beatha, fíon, rum.”

“Mholfainn féin an rum te,” arsa Máire. “Is deacair á shárú lá fuar geimhridh agus níl caill ar é seo ina cheann.”

Agus an moladh glórach sin faighte agam, an bhfuil sibh uilig ar an rum?” arsa Tadhg.

“Tá,” a dúradh d’aon ghuth.

Tá boladh ar dóigh agat cibé,” arsa Daire. “Tá sé ag cur cíocrais orm.”

“Gé atá agam i mbliana,” arsa Máire, “nó bhí mé dubhthinn ag amharc ar thurcaigh agus gan blas ná boladh orthu. Beidh sé réidh i gceann leathuaire nó mar sin.”

Is mé atá ag tnúth leis,” arsa Daire.

“Gabhaigí mo leithscéal bomaite,” arsa Máire. “Caithfidh mé a dhul síos anseo go bhfeicfidh mé cad é atá na páistí a dhéanamh. Tá siad ag trup trapáil fríd an teach ó tháinig an mhaidin.”

Ná bí ag scamhailéir orthu Lá Nollag, anois,” arsa Tadhg le Máire sular fhág sí an seomra.

Ansin thug sé aghaidh ar a chuid cuairteoirí agus dúirt: “Beidh rum eile agaibh. Téifidh sé suas sibh.”

Ná buair linne ...” arsa Dervla.

“Seo,” arsa Tadhg, “nach lá Nollag atá ann. Cibé, níl ann ach seal ár gcuarta” agus líon sé an trí ghloine go béal arís.

Tháinig Máire isteach arís agus rinne sí gáire nuair a chonaic sí na pluca dearga a bhí ar an triúr a bhí roimpi. Ba léir nach raibh fuacht ar bith anois orthu.

“Tháinig Daidí na Nollag anseo aréir, tá a fhios agat, agus dá bhfeicfeá thíos. Tá an teach ina rachlas acu.”

“Tá, is dócha,” arsa Tadhg, “ach bheir muid cead raide daofa ar na bronntanais lá Nollag nó ní bhíonn siad beag óg ach an seal gairid.”

“Bheul, nach bhfuil rum ar bith dlite don chócaire?” arsa Máire.

“Suigh síos ansin, a rún, agus gheobhaidh mise ceann duit anois,” arsa Tadhg.

Tháinig Aoife aníos ar dhoras an tseomra agus reáchtáil sí díreach trasna chuig Tadhg. Níor dhúirt sí focal bomaite.

“An dtig liomsa deoch rum a fháil?” arsa Aoife.

“Gheobhaidh mé Coke duit,” arsa Máire.

“Tá mé ag iarraidh rum,” arsa Aoife go dána.

“Anois, tá a fhios agat gur do dhaoine fásta atá an rum. Beidh tú á ól luath go leor. An bhfuil Coke de dhíth ort nó nach bhfuil?”

“Dhéanfaidh sé gnaithe,” arsa sise go sotalach.

“Cad é a thug Daidí na Nollag chugat?” arsa Dervla.

“Cuid mhór rudaí - bréagáin agus ríomhaire. Goitse go bhfeicfidh tú an ríomhaire, tá na cluichí seo uilig air. Tá sé millteanach maith,” arsa Aoife.

“Caithfidh mé sin a fheicéail,” arsa Dervla agus lean sí Aoife síos chun an tseomra. “Tháinig sí isteach chugamsa ar maidin agus mhionnaigh sí dom go bhfaca sí Daidí na Nollag aréir. Isteach ar an fhuinneog a tháinig sé, is cosúil, agus chan anuas an simléir agus bhí ocras ar dóigh air fosta, nó níor fhág sé grabhróg den bhia a fágadh fána choinne ina dhiaidh,” arsa Máire agus aoibh an gháire uirthi.

“Nach aoibhinn an tsoineantacht,” arsa Daire.

“Síleann sí an dúrud den ríomhaire. Beidh sí ina suí ansin agus a gaosán sáite ann i rith an gheimhridh anois,” arsa Tadhg.

“A Thaidhg, ná déan neamart sna cuairteoirí. Ólfaidh siad braon eile rum a fhad agus tá mise i gceann an dinnéara,” arsa Máire.

Tuairim as ar fhiche bomaite ina dhiaidh sin scairt Máire orthu: “Gabhaigí isteach anois, tá sé réidh.” Shuigh an t-athair agus an mháthair ag dhá cheann an tábla agus cuireadh na cuairteoirí agus an chlann síos agus aníos dhá thaobh an tábla.

Fuair tú éirí, an bhfuair,” arsa Tadhg lena mhac Féilim nach bhfacthas táisc ná tuairisc air go dtí seo. Cuireadh in aithne do na cuairteoiri é agus shuigh siad uilig chun boird. Ghearr Tadhg an gé agus roinn sé thart an fheoil orthu uilig. Chuir Máire thart na glasraí agus an t-anlann agus fágadh roinnt na dí ag Féilim. Chuir sé amach gloine beorach do féin, fíon dona chuid tuismitheoirí agus do na cuairteoirí agus Coke d’Eilís agus d’Aoife agus chaith siad uilig an tráthnóna fá shult agus fá shásamh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.