AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Rialtas na Stát Aontaithe - daonlathas, praiticiúlacht agus ollchumhacht
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Míníonn Brian Ó Broin an tslí a n-oibríonn córas polaitíochta na Stát Aontaithe agus cén fáth a bhfuil sé chomh seasmhach sin.

Íomhá
An tUachtarán George W Bush
Íomhá
An Breitheamh Harriet Miers
Íomhá
An Breitheamh Samuel Alito
Íomhá
Comhdháil na Stát Aontaithe i Washington

Is annamh a fheictear rialtas ag titim i Meiriceá mar a fheictear ag tarlú do rialtais san Eoraip, fiú nuair atáid faoi léigear láidir, mar atá rialtas George Bush faoi láthair. I ndomhnach, fiú nuair a thiteann uachtaráin, fanann an rialtas féin ina sheasamh, mar a tharla nuair ab éigean don uachtarán Nixon éirí as oifig i 1974, agus nuair a táinsíodh an tUachtarán Clinton i 1999.

Cén fáth a bhfuil rialtas na Stát Aontaithe chomh seasmhach sin? D’fhéadfá a rá gur meascán de dhaonlathas agus easpa daonlathais a choimeádann é le chéile.

Ar dtús, ní thoghtar rialtais i Meiriceá ar an dóigh chéanna in aon chor is a thoghtar iad in Éirinn. In Éirinn, roghnaítear an rialtas as baill an pháirtí (nó na bpáirtithe) a fuair móramh Dála i dtoghchán, agus sa chás sin is ionann comh-aireacht agus rialtas. I Meiriceá, ámh, is meascán de thrí bhrainse a rialaíonn an tír, agus ní thoghtar cuid mhaith dá mbaill in aon chor. Agus fiú i gcásanna tofa, ní thoghtar gach ball tofa ag an am céanna - toghtar an t-uachtarán gach ceithre bliana, agus na baill eile ar bhonn scaipthe gach dhá bhliain. Ciallaíonn seo nach féidir do réabhlóid pholaitiúil tarlú i Meiriceá, mar thógfadh sé breis is sé bliana (agus trí mhiontoghchán) chun gach ball tofa a chur as a shuíochán.

An brainse feidhmitheach, an brainse reachtach agus an brainse dlíthiúil na trí cinn atá sa rialtas, agus trí smacht a choinneáil ar a chéile, cinntíonn siad nach bhfaigheann ceann amháin acu an lámh in uachtar ar cheann ar bith eile. Mar shampla, tá ceart crosta ag Seanad Mheiriceá ar cheapacháin uilig an Uachtaráin, mar a fuair na breithiúna Harriet Miers agus Samuel Alito amach le déanaí agus iad ag cur isteach ar shuíocháin i gCúirt Uachtarach na tíre, ach tá an ceart crosta féin ag an uachtarán ar dhlíthe na Comhdhála.

An rud is cosúla le rialtas na hÉireann ná an brainse feidhmitheach, ó is ann atá an chomh-aireacht. Aisteach le rá, ámh, níl ach ball tofa amháin sa bhrainse uilig - an t-uachtarán féin, a thoghtar gach ceithre bliana. Roghnaíonn an t-uachtarán cúigear déag dá chomh-aireacht, ach ní gá do bhaill na comh-aireachta a bheith ina bhFeisirí in aon chor. Is samplaí cáiliúla iad Condoleeza Rice, Rúnaí Stáit an Rialtais, a bhí ina propast ar Ollscoil Stanford nuair a glaodh uirthi, agus Donald Rumsfeld, Aire Cosanta Mheiriceá, a bhí ina chathaoirleach ar chomhlacht eolaíochta.

Go deimhin, ní gá don aire a bheith sa pháirtí céanna leis an uachtarán, fiú; i 1997 cheap an t-uachtarán Clinton poblachtánach darbh ainm William Cohen mar Rúnaí Cosanta Mheiriceá. I rith na huachtaránachta seo, ámh, níltear ag feiceáil an spioraid chéanna traspháirtí a chothaigh Clinton. Go deimhin, táthar ag cur i leith an Uachtaráin Bush i láthair na huaire gur ag tarraingt chumhacht an rí dó féin atá sé leis an “gCogadh ar Sceimhle” a ghairm sé i ndiaidh ionsaithe an 11 Meán Fómhair. Is amhlaidh, is cosúil, go bhfaigheann an t-uachtarán breis cumhachta in aimsir cogaidh agus go bhfuil an tUachtarán Bush ag úsáid gach cuid di. Más ea, táthar tosaithe ag canrán go ciúin cheana féin go bhfuil an brainse feidhmitheach éirithe róláidir.

Na dlíthe

Is é an t-uachtarán agus a chomh-aireacht a choinníonn an tír ag imeacht, ach is é an brainse reachtach a mholann, a phléann, agus a cheadaíonn na dlíthe ar a ritheann an tír. Baill tofa go hiomlán atá sa bhrainse seo, idir bhaill Seanaid, a fheidhmíonn ar son a stáit, agus bhaill Chomhdhála, a fheidhmíonn ar son a dtoghcheantar. Mar bhaill den bhrainse reachtach, ámh, is beag tionchar a bhíonn acu ar ghnáthchúrsaí rialtais an lae. I láthair na huaire, is beag a chloistear ón mbrainse reachtach in aon chor, ó tá móramh ag na Poblachtánaigh sa dá theach. Anois agus an tUachtarán Bush ag glacadh níos mó cumhachta air féin, ámh, tá fiú Poblachtánaigh an bhrainse reachtaigh ag éirí amach. I mí Feabhra na bliana seo, bhagair beirt cheannairí Phoblachtánacha na dtithe parlaiminte go tréan is go trodach ar an uachtarán athmhachnamh a dhéanamh ar a phlean chun bainistíocht roinnt calafort a thabhairt do chomhlacht ó Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.

Is ionann Cúirt Uachtarach na hÉireann, nach mór, agus brainse dlíthiúil rialtas Mheiriceá. Cinntíonn sé go réitíonn dlí na tíre agus cinntí an bhrainse fheidhmithigh leis an mBunreacht. Freagracht sách trom, mar sin, atá ar bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí, agus sin an fáth gur díríodh an méid sin airde le déanaí ar cheapacháin an Uachtaráin Bush. Dá n-éireodh leis an Uasal Bush móramh coimeádach a bheith aige sa gcúirt (a suíonn naonúr breithiúna inti), bheadh an córas uilig, trí bhrainse rialtais na tíre, faoi smacht na bPoblachtánach. Coimeádach is ea an fear is déanaí a ceapadh ar an gcúirt - an Breitheamh Samuel Alito, ach níor ghá dhó rialú ar aon rud suntasach go fóill. Neosfaidh an saol an dtiontóidh sé dearcadh na cúirte.

In ainneoin seo uilig, maíonn Meiriceánaigh go bhfuil córas láidir polaitíochta acu. Má éiríonn brainse amháin róláidir, smachtaíonn na brainsí eile é. Seo iad na srianta agus na ceartúcháin a ndéantar tagairt dóibh go minic.

Ach an iad seo amháin a chinntíonn gur córas seasmhach atá i gcóras Mheiriceá? Tá rud amháin eile, dar liom, a chinntíonn an tseasmhacht - an easpa páirtithe polaitíochta.

Amhail an Bhreatain, córas dhá pháirtí atá i gcóras polaitíochta Mheiriceá. Ní hionann sin is a rá nach bhfuil níos mó ná dhá pháirtí ann, ach go praiticiúil, ní fheictear ach na Daonlathaigh agus na Poblachtánaigh, agus tá ceann amháin ná an ceann eile i gceannas i nach mór gach baile, contae, agus stát sa tír.

Ba é seo an fhadhb ba mhó a bhí le feiceáil i dtoghchán uachtaránachta Mheiriceá i mí na Samhna, 2004 - ní raibh ach beirt iarrthóirí don phost, agus ba bheag difríocht a bhí eatarthu. Nuair a d’iarr na mionpháirtithe ar na stáisiúin teilifíse seans a thabhairt dá n-iarrthóirí páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí náisiúnta roimh an toghchán, diúltaíodh dóibh.

Ar mhaith an rud é páirtithe faoi leith a bheith ann i Meiriceá ag gníomhú thar ceann sainghrúpaí? Arbh fhearr páirtithe a bheith ann don chine gorm, d’fheirmeoirí, do na boicht, do lucht an tuaiscirt agus lucht an deiscirt? B’fhéidir nárbh fhearr, agus gur féidir leat ionadaíocht a aimsiú sa dá pháirtí atá ann cheana féin. An baol atá ann, ar ndóigh, ná go dtiocfaidh daoine ar an tuairim nach bhfuil rogha ar bith ann idir na páirtithe ná iontu. Más ea, ámh, níor tharla sé go fóill. Tháinig céatadáin shuntasacha amach i dtoghcháin uachtaránachta 2000 agus 2004. Go fóill beag, mar sin, tá toghthóirí Mheiriceá sásta, agus leanann an tseasmhacht ar aghaidh.

Beidh an chéad toghchán eile i Meiriceá i mí na Samhna i mbliana, toghcháin mheántéarma, nuair a sheasfaidh iarrthóirí do gach suíochán Comhdhála agus do thrian de shuíocháin an tSeanaid. An turas seo, beidh ceithre iarshaighdiúir déag a throid san Iaráic ag seasamh mar iarrthóirí, dáréag acu thar ceann an pháirtí Dhaonlathaigh. Seo an t-am a fheicfear chomh mór agus is féidir le brainse rialtais athrú i Meiriceá, ach an athróidh an rialtas féin? Beidh le feiceáil.

Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.