189
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is fear é Eamonn McCann as Doire a bhfuil blianta fada caite aige ag plé le cúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éireann ach, mar a fuair Ciara Nic Gabhann amach nuair a bhuail sí leis le gairid, tá spéis aige i go leor rudaí eile le cois na polaitíochta.
»»»Ní fios an obair éachtach atá ar siúl in Oirthear Bhéal Feirste. Chuaigh Robert McMillen chun caint le bean na muirthéachta teanga ag Misean Oirthear Bhéal Feirste, Linda Ervine.
»»»Tá Balor an-tógtha leis an spórt náisiúnta sin ar a dtugtar an tOlltoghchán.
»»»Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar le Scuderie del Quirinale sa Róimh ar na mallaibh le súil a chaitheamh ar thaispeántas a amharcann siar ar shaothar Johannes Vermeer agus ar Ré Órga Ealaín na hÍsiltíre.
»»»Tá an rialtas ar tí Comhdháil a reáchtáil ar an Bhunreacht. Ríomhann Breandán Delap cuid de na haltanna gurbh fhiú athbhreithniú a dhéanamh orthu.
»»»Féachann Éamonn Ó Lionnáin chun tosaigh go dtí an t-olltoghchán a bheas ann i gceann cúpla mí agus ar na féidearthachtaí atá ann ó thaobh comhrialtais de.
»»»Neamart an pholaiteora i leith fhulaingt agus marú saighdiúirí na hAstráile san Afganastáin a tharraing aird Bhearnaí Uí Dhoibhlin.
»»»Bhí cáil ar réalteolaithe na hÉireann ar fud an domhain sa naoú haois déag ach tá faillí an-mhór á déanamh sa réimse seo sa tír sa lá atá inniu ann. Measann Diarmaid Mac Mathúna gur polasaí éigiallta é seo.
»»»Thug Máire Ní Chuagáin cuairt ar Chraców le déanaí agus thaitin an áit go mór léi, idir shainchomharthaí na sean-Pholainne atá le feiceáil inti agus gnéithe na cathrach nua-aoisí.
»»»Tá meanma agus misneach sa dream óg in Éirinn nach bhfuil le brath sa ghlúin is sine ná iad, dar le Lisa Nic an Bhreithimh. Níl an t-aos óg chomh cloíte is a shamhlófaí, d’ainneoin an ciseach a rinneadh den tír.
»»»Is léir nach féidir le colainn lúthchleasaí na linne seo réiteach agus imirt seachtain i ndiaidh seachtaine ar dhromchlaí crua nua-aimseartha faoi shíon is faoi fhearthain gan chliseadh. D’amharc Colm Mac Séalaigh le deireanas ar an gcith a d’fhliuch saol imeartha na spórt páirce, an gortú fadtréimhse.
»»»Léiríonn scéal Ghandi Mallak, as an tSiria, gnéithe den chóras deimhniú eadóirseachta in Éirinn, dar le Alan Desmond, gnéithe ar chóir dúinn a chur ina gceart.
»»»Ní fear sa chéad ach fear sa mhílaois atá faoi thrácht ag Colm san eagrán seo, Christy Ring, as ceantar Ó Macaille, i gCorcaigh. A bhuí dósan agus do scannánú Louis Marcus ar son Ghael Linn, tá áis foghlama in aice láimhe ag gach éinne a shantóidh scil na hiomána.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoil agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: an caidreamh idir duine óg agus tuismitheoirí.
»»»Tá roinnt deiseanna thart ort ar an idirlíon ar cheart do dhuine aghaidh a thabhairt orthu más ag iarraidh poist nua a aimsiú atá sé. Tá Roseanne Smith ag dul i mbun na ndeiseanna sin níos minice ar na mallaibh tharla gur athraigh sí féin a chuid oibre le déanaí.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.