Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: An Bóthar go Santiago (Cois Life, €18) le Mícheál de Barra. Léirmheas le Pól Ó Muirí.
Is dócha gurb é Camino de Santiago de Compostela an cosán oilithreachta is clúití ar domhan. Fad 900 ciliméadar atá ann – a bheag nó a mhór – agus is sa Fhrainc a thosaíonn an cosán agus is ar chósta na Spáinne a thagann sé chun críche. Is mór an dúshlán é ag coisí ar bith – bíodh sé ina Chríostaí nó na bíodh – tabhairt faoi agus an t-aistear a chríochnú.
Iarmhúinteoir scoile é Mícheál de Barra a raibh sé mar bhrionglóid aige an turas a dhéanamh. Cuirtear síos in An Bóthar go Santiago ar a éacht coisíochta; cín lae atá ann agus treoirleabhar. Pléann gach caibidil sa leabhar le gach lá a chaith sé ar an camino, cuireann sé síos ar na daoine a casadh air, ar na radhairc a chonaic sé agus ar a chuid mothúchán féin.
Leabhar thar a bheith pléisiúrtha atá ann nó is breá an compánach é de Barra. Tugann sé leid nó dhó dúinn go mbíonn lionn dubh air anois agus arís. Cliathánach go leor atá an cur síos a dhéanann sé ar na taomanna seo agus ní dhéanann sé paidir chapaill de. Baineann cuid den lionn dubh leis an mhúinteoireacht, is cosúil. Tosaíonn de Barra ar an oilithreacht i ndiaidh dó éirí as an ghairm sin. Bhraithfeá gur duine é atá ag éirí amach as trinsí an teagaisc agus atá ag claonadh a chloiginn i dtreo na gréine den chéad uair le fada.
Ní saothar spioradálta é an leabhar ar an dóigh chéanna gur saothar spioradálta iad leabhair Thomas Merton, mar shampla. Mar sin féin, tá tagairtí don spioradáltacht agus don Chríostaíocht i scríbhinn de Barra. “Ag machnamh faoina chroí,” a bhíonn de Barra le líne de chuid Sheosaimh Mhic Grianna a úsáid. Is duine fiosrach léannta é ach, thar aon rud, is duine daonna é agus is éachtach mar a chuireann sé é féin i láthair an léitheora. Seo údar a bhfuil glór macánta dá chuid féin aige aimsithe aige, treoraí a chuireann ceisteanna agus a chuireann eolas ar fáil ach nach n-éiríonn sotalach.
Tá gean aige ar dhaoine agus léiríonn a chuid scéalta beaga an luach atá ag daoine san Iarthar ar an ghné spioradálta dá saol go fóill. Castar daoine gairmiúla air atá ina suí go te ach nach bhfuil ar a suaimhneas ar fad lena slite beatha. Ní bhaineann aon histéire le reacaireacht de Barra. Tá airgead acu ach níl siad sona. Seans gur cuid de malaise meánaicmeach iarthar na hEorpa é sin, bheith rafar ach imní anama de chineál éigin bheith ort go fóill. (Baineann greann lena chuid eachtraí fosta. Buaileann sé le Gearmánach a fhiafraíonn de cá háit in Éirinn as a dtagann sé. “As an Chlár,” a fhreagraíonn de Barra. “It’s a long, long way from Clare to here,” a deir an Gearmánach.)
Guth údarásach ciúin atá ag de Barra. Tá an cur síos a dhéanann sé ar cheantair an-tarraingteach; tugann sé eolas ar áiteanna stairiúla gan dul thar fóir leis agus tá an cur síos a dhéanann sé ar dhaoine mothálach gan a bheith maoithneach. Is breá leis cuideachta ach is maith leis bheith ar an uaigneas fosta.
Bíonn lóistín ar leith le fáil ag lucht oilithreachta an chosáin – albergue – agus bíonn comórtas áirithe ann le leaba a fháil agus, níos tábhachtaí, cithfholcadh a fháil ag deireadh an lae. Tá aicmí áirithe i measc na n-oilithreach fosta. Is iad na daoine a iompraíonn a gcuid balcaisí agus a shiúlann an bealach ar fad de chois an dream is traidisiúnta; is fearr le daoine eile an cosán a shiúl ach a gcuid balcaisí a chur ar aghaidh i gcarr agus táthar ann a théann ar rothar nó ar muin capaill. Baineann de Barra leis an chéad dream agus tá rud éigin uasal faoin dóigh a dtugann sé faoin aistear agus gan aige ach mála droma. Is deas an meafar don saol é – tá lear mór rudaí againn ach líonfadh an méid atá de dhíth orainn mála droma. Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste Lá Nollag, 1965. Is Eagarthóir Gaeilge de chuid an Irish Times é; colúnaí spóirt le Foinse agus scríobhann sé colún ar an Belfast Telegraph. Le cois bheith ina iriseoir, is file agus scríbhneoir é.