AR NA SAOLTA SEO
Domhnach na Fola, Doire Colmcille 1972
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Cuimhníonn Donncha Ó hÉallaithe siar ar chorraíl na hardchathrach a lean Domhnach na Fola 1972. Maidir le Tuarascáil Saville, deir sé gur deacair a chreidiúnt, gur tharla sléacht Dhoire mar gheall nár chloigh oifigeach airm amháin le horduithe agus de dheasca saighdiúirí a bheith ag marú as a stuaim féin, rud a thugann Saville le fios.

Bhíos im’ mhac léinn iarchéime i mBleá Cliath i 1972, nuair a rinne Arm na Breataine an marú mór i nDoire Colmcille an 30 Eanáir. An Domhnach sin, chuaigh mé ag breathnú ar scannán sa bpictiúrlann a bhí ar an gcúinne idir Ardán Phort an Iarla agus Faiche Stiabhna. Ba phictiúrlann é ina mbíodh scoth na scannán idirnáisiúnta á dtaispeáint, le fotheidil i mBéarla ar ndóigh. Más cuimhneach liom i gceart, Adalen 31, an t-ainm a bhí ar an scannán Sualannach a chonaiceas an oíche úd. Bhain an scéal le marú cúigear, a bhí páirteach i máirseáil le linn stailce sa bhliain 1931, nuair a scaoil saighdiúirí ó Arm na Sualainne leis na stailceoirí. Chuaigh, a raibh le feiceáil ar an scáileán an oíche sin i bhfeidhm go mór orm. Ach bhí eachtraí níos scéiniúla th’éis tarlú i nDoire, an lá céanna.

Ar thíocht amach as an bpictiúrlann dom an oíche sin, chualas an scéal aduaidh as Doire a bhí níos uafásaí ná scéal Adelen 31. Ba dheacair a chreidiúint go bhféadfadh a leithéid tarlú sa tír a’inn féin, i bhfoisceacht 100 míle de shráideanna Bhleá Cliath.

Mar a Dódh Ambasáid na Breataine

Bhí an tír trína chéile go mór na laethanta a lean Domhnach na Fola. Ar léamh na nuachtán faoinar tharla agus ar bhreathnú ar na pictiúirí ar an dteilifís, ba dheacair gan a bheith corraithe. Scaoil Arm na Breataine le léirseoirí gan údar. Ní drochbhrionglóid a bhí ann. Tharla sé agus maraíodh 13 agus gortaíodh go leor eile. Tionóladh mórshiúl i ndiaidh a chéile i mBleá Cliath, an ceann ba mhó ar an gCéadaoin, an lá ar cuireadh an 13 a maraíodh. Eagraíodh mórshiúl trí lár Bhleá Cliath an Chéadaoin sin, ina raibh suas le 100,000 duine páirteach. Ina dhiaidh eagraíodh mórshiúl eile i dtreo Ambasáid na Breataine, ar Chearnóg Muirfean.

Ní cuimhneach liom arbh iad na Sealadaigh nó Sinn Féin Oifigiúil, mar a bhí orthu ag an am, a d’eagraigh an mórshiúl ar an Ambasáid ach ba cuma liomsa agus le mic léinn eile, cé bhí á eagrú. Theastaigh bealach uainn leis an racht feirge in aghaidh na Breataine a chur dhínn. Bhí go leor Gardaí bailithe os comhair na hAmbasáide lena cosaint. Is cuimhneach liom bean ag rith tríd an gcipe Gardaí le buama peitril a chur tríd an mbosca litreach, ach níor las an ambasáid. Fágadh cónra ag an doras ansin agus cuireadh an cónra trí thine, ach níor oibrigh an tseift sin ach oiread. Sa deireadh, d’éirigh le fear aclaí dreapadh suas píopa draenála, a bhí ceangailte den teach ba ghaire. Ní dhearna na Gardaí aon iarracht é a stopadh agus é ag dul ó bhlacóin go balcóin, mar a dhéanfadh moncaí. Ar bhalcóin na hAmbasáide, bhris sé an fhuinneog tar éis roinnt mhaith iarrachtaí agus d’éirigh leis Ambasáid na Breataine a chur trí thine agus é á ghríosadh ag an slua mór a bhí bailithe ar an tsráid. Ag breathnú ar na lasracha ag briseadh amach tríd na fuinneoga, thug dó na hAmbasáide faoiseamh áirithe dúinn.

An Réiteach Míliteach

Cé gur cuireadh Arm na Breataine go Béal Feirste i 1969 le cosaint a thabhairt do na náisiúnaithe a bhí faoi ionsaí ó na ‘fórsaí slándála’, níor thóg sé i bhfad ar Rialtas Westminister, fórsaí an airm a iompó in aghaidh na náisiúntóirí. Shocraigh Rialtas nua Ted Heath sa bhliain 1971, go bhféadfaí réiteach míliteach a aimsiú i dTuaisceart Éireann. Chun síocháin a chruthú i dTuaisceart Éireann, dar leis an mbeartas nua, ní raibh le déanamh ach arm na Breataine a chur i mbun cogaíochta leis an dá eite den IRA chun iad a bhriseadh agus bingo, thiocfadh deireadh leis na tríoblóidí ó thuaidh. Is sa gcomhthéacs sin a tharla imtheorannú gan triail mí Lúnasa 1971. Is ag léirsiu in aghaidh imtheorannú a bhí na daoine a maraíodh i nDoire, ar an 30 Eanáir 1972.

Tuigeadh go maith i nDoire nach raibh baint ar bith ag na daoine a maraíodh le gunnaí ná le buamaí ach thug tuarascáil Widgery le fios go raibh. Níl a fhios cé dúirt i dtosach go mba í an fhírinne an chéad ‘casualty’ le linn cogaíochta agus b’fhíor dhó sa chás seo. Ba chuid de lón cogaidh na Breataine, tuarascáil Widgery a chur an fhírinne as a riocht agus a chaith amhras agus smál ar chlú na ndaoine a dúnmharaíodh. Thóg sé 38 bliain eile ar Rialtas na Breataine a admháil go raibh an marú ar shráideanna Dhoire ar Dhomhnach na Fola “unjustified and unjustifiable” mar a dúirt David Cameron ina ráiteas misniúil faoi thuarascáil Saville.

Beartas Chromail

An lá ar tháinig tuarascáil Saville amach, tharla go raibh mé ag léamh, ‘God’s Executioner’, leabhar staire le Mícheál Ó Síochrú faoi fheachtas Chromail in Éirinn. Chuir Cromail tús lena fheachtas míleata le sléacht uafásach i nDroichead Átha, nuair a ghabh a arm an baile. Chomh maith le garasún an bhaile a mharú, maraíodh lena gcois go leor de ghnáthmhuintir an bhaile. Chosain Cromwell an marú gan trócaire i nDroichead Átha, mar bhealach leis an bhfeachtas míleata in Éirinn a bhrostú, trí dhaoine a scanrú i dtosach ó chur ina éadan. Léirigh an pharlaimint tacaíocht dá pholasaí brúidiúil i litir chuige a dúirt “that the House doth approve of the execution done at Drogheda as an act of justice to them and mercy to others who may be warned by it.” [God’s Executioner, lth. 90]

An raibh cuid de bheartas Chromail ag baint le Domhnach na Fola i nDoire: gnáthdhaoine a scanrú chomh mór sin is nach mbeadh aon fhonn orthu dul ag léirsiú aríst in aghaidh beartas ‘slándála’ Stormont/Westminister? Más amhlaidh a bhí, níor oibrigh sé. Mar thoradh ar Dhomhnach na Fola maraíodh na mílte sa chogadh fuilteach a lean ar feadh scór bliain eile. I súile go leor daoine, bhronn Domhnach na Fola dlisteanacht ar an bhfeachtas fuilteach cogaíochta, a throid an PIRA, inar bhásaigh go leor gnáthdhaoine ar an dá thaobh, idir náisiúntóirí is dhílseoirí.

Faoiseamh do na Gaolta ach Ceist Mhór le Freagairt Fós

Is léir go dtugann Tuarascáil Saville faoiseamh áirithe do na gaolta a bhí i mbun feachtais le blianta fada chun an fhírinne a aimsiú. Is maith san. Ina thuarascáil, Aibreán 1972, spreag Widgery amhras faoi neamhchiontacht na ndaoine a maraíodh i nDoire, Domhnach na Fola. Tá sin curtha ina cheart ag tuarascáil Saville. Ach fágtar sinn leis an gceist mhór seo fós féin: cé aige a raibh an marú i nDoire údaraithe? Is faoi lucht staire an cheist sin a fhreagairt amach anseo, nuair a bheas fáil ar an gcáipéisíocht chuí. Idir an dá linn, is deacair domsa a chreidiúint nach raibh baint ar bith idir beartas nua na Breataine, a cuireadh i bhfeidhm faoi Rialtas Ted Heath, agus ar tharla ar shráideanna Dhoire ar an 30 Eanáir, 1972.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.