AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tOireachtas: féile dho-athraithe na Gaeilge
Balor Balor Balor

Táthar ag maíomh go bhfuil mórathruithe i ndán don Oireachtas i mbliana. Ach tá Balor in amhras; ní thagann athrú dá laghad riamh ar an bhféile, dar leis.

Íomhá
Íomhá
Bhí páirt Bhaloir ag Jack Nicholson sa scannán The Shining
Íomhá
Beidh comórtas úr damhsa ar an sean-nós i stil na Rúise ag an Oireachtas
Íomhá
Beidh Ian Paisley ag cur fainice ar dhaoine fá dtaobh d'aimhleas an óil

Tá an t-am sin den bhliain anuas arís, a léitheoirí: an uair a thagann muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge - ar bhur n-anam, ná measctar an dá dhream riamh - le chéile i mbaile mór inteacht taobh amuigh den phríomhchathair le dul i mbun a gcleachtas aisteacha aduaine, i bhfad óna muintir is óna ngaolta, i bhfad ó shúil ghlinn na meán cumarsáide, agus i bhfad ó cheamara Ócáidí Odi. Mura dtuigeann sibh faoi seo gur ag trácht ar an Oireachtas atá mé, is i bhfad ó chroílár shaol na Gaeilge a chaitheann sibh bhur saol dearóil.

Caithfidh Balor deireadh na míosa seo ag Oireachtas na Gaeilge i gCathair na Mart, agus ní mó ná sásta a bheidh sé arís le hiompar roinnt de laochra is de shaoithe agus de mhaithe is de mhóruaisle shaol na Gaeilge, cé gur den chéad uair a bheidh muid cruinnithe le chéile sa bhaile beag sin ag bun Chruach Phádraig. Cad é mar atá a fhios ag Balor an Bhéil Bhinn gur mar sin a bheas? Tá a fhios aige nó, murab ionann agus fianaise Bhertie os comhair an bhinse fiosraithe, ní bhíonn athrú dá laghad riamh ar an Oireachtas.

An tErectus a thugtar go geanúil ar fhéile mhór seo na Samhna – ní Oireachtas na Samhna, ach Erectus an tSamhnais. Mar is eol do gach scoláire Gaeilge, is ón scannán iontach sin The Shining (le Jack Nicholson i bpáirt Bhaloir) a fuair muid an focal “Samhain”, agus ón fhocal samhnas a fuair muid an focal “samhna”. Ní miste a rá go gcuireann an tErectus samhnas ar Bhalor bocht gach uile bhliain. “Chuirfeadh an fhéile sin samhnas ar asal,” a deir Laoch na Litríochta. Gheobhaidh Balor a chéad bhlas d’Erectus na bliana seo agus é ar a bhealach isteach san óstán a mbeidh Club na Féile ar siúl ann. Deir sé go gcasfar air Gael aitheanta mór le rá agus é ag rith amach an doras ar cosa in airde. “Cad é mar atá cúrsaí istigh?”, a fhiafróidh Balor den teifeach. “Tá an tErectus ina cock-up arís”, a fhreagróidh mo dhuine thar a ghualainn agus é ag teitheadh leis, mar a bheadh an ghaoth Mhárta ann ag tús na Samhna, nó mar a bheadh an ghaoth mhasmais ann ag tús an tsamhnais.

Comórtais nuaNí mar sin go díreach a chuirfeadh Balor féin síos ar imeachtaí dheireadh seachtaine mór Gaeilge na Samhna, nó tógadh go múinte é, ní bheadh ach péas cleite sa difear idir sin agus an fhírinne. Ach ní mar sin a bheas i mbliana, dar le stiúrthóirí Féile 2007. Díreach chun ár Laoch Fadfhulangach a bhréagnú, beidh athruithe móra ar Erectus Chathair na Mart, de réir réamhfhógra don phreas a d’eisigh an Coiste Náisiúnta ar na mallaibh, i gcomhair leis an Choiste Áitiúil, le caoinchead ón Bhuanchoiste, faoi scáth an Choiste Riartha agus le beannacht an Choiste Gnó.

In ómós dóibh siúd atá tagtha chugainn ó thíortha eile le blianta beaga anuas, beidh spiorad Eorpach ar leith le brath ar Fhéile na bliana seo. Den chéad uair riamh, bronnfar corn fá choinne amhránaíochta ar an sean-nós i nGaeilge na Polainne. Corn Shanski Jerzy Phatski Danski a bheas air, agus Club Amhránaíochta an Bhéilski Bhinnski i mBré i gContae Chill Mhantáin a bheas i mbun urraíochta ar an chomórtas seo. Ceadófar suas le seacht míle ocht gcéad iarratas mar tá a fhios ag an saol mór go bhfuil na hamhráin i nGaeilge na Polainne níos giorra go mór ná amhráin ar an sean-nós i nGaeilge Chonamara. Agus mar chruthú air seo, ní bheidh cead ag aon iomaitheoir dul thar dhaichead nóiméad (ach amháin má bhíonn an t-amhrán brónach).

I lomchodarsnacht le Corn Shanski Jerzy Phatski Danski, ní bheidh an teorannú céanna ar líon na n-iomaitheoirí a bheas in ann cur isteach ar an chomórtas úr damhsa ar an sean-nós – damhsa ar an sean-nós i stíl na Rúise is ea é. Tá coistí éagsúla an Erectus (nóta ón eagarthóir: Erecti an tuiseal ginideach ceart ar an fhocal seo)...

Mar a bhí mé ag rá sular chuir an t-eagarthóir úr isteach orm, táthar ag súil le breis agus tríocha míle iomaitheoir sa chomórtas nua seo. An comhlacht cáiliúil vodca Checkout Tescoski a bheas ag urrú na duaise úire, Sciath Rinksi Amscaí. Ní bheidh teorainn ama ar bith leis na hiarrachtaí damhsa anseo, ach deir Emer de Barra agus Loretta Ní Churraighín ó Oifig an ERECTI, an bheirt a thionscain an comórtas seo, go bhfuil siad ag súil le toradh roimh Erectus na bliana seo chugainn. Deir siad fosta go mbeidh siad ag súil lena seacht n-oiread tuarastail as bheith ar dualgas seacht lá na seachtaine, Lá Nollag san áireamh, ag cinntiú nach mbíonn barraíocht brú ar an cheoltóir cáiliúil balalaika, Johnnyeski Connolleski, a bheas ag tionlacan na ndamhsóirí.

Erectus gan athrú“Yeah, yeah, yeah”, a deir Balor, “ní bheidh difear ar bith ann idir amhránaíocht na Polainne agus stuif Chonamara agus olagón na Mumhan. Agus cé a d’aithneoidh an difear idir damhsa na Rúise agus an stuif a théinn amach beo ar Steip gach bliain? Ní bheidh a fhios ag Joe Ó Doornail, an leadránaí a bhíonn á chur i láthair, ar scor ar bith.

“Beidh gach rud díreach mar a bhíonn gach bliain, agus ní thabharfaidh duine ar bith faoi deara má bhíonn fiche míle duine sa bhreis ann ó Oirthear na hEorpa. Fós tógfaidh sé leathuair an chloig deoch a fháil, agus beidh gach duine ag teacht ar ais ón bheár le baclainn phiontaí, mar is gnách. Beidh an trup chomh callánach sin nach mbeidh duine ar bith le cluinstin i gcás ar bith.

“Beidh muintir Paisley ann, mar is iondúil - an tAthair, an Mac agus an Spiorad Neafaiseach. Beidh an tAthair ag cur fainice ar dhaoine fá dtaobh d’aimhleas an óil, an Mac ag fanacht amach ón GAA - na Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe - agus an triúr acu ag iarraidh díchoimisiúnú a dhéanamh ar na bairillí breise Guinness a bheas curtha i dtaisce ar eagla na hEaglaise ag Gearóid Ó Mór Ghuth. Seans go mbeidh Ambasadóir na Gearmáine ag dul thart i mbliana ag cuartú duine le héisteacht leis, le go míneodh sé a chás i nGaeilge na Gearmáine, ach seans go n-éireoidh sé as de cheal aistritheora atá cumasach go leor,sóbráilte go leor fiú.

“In ainneoin a ndeir na coistí agus na stiúrthóirí agus na hoifigigh agus an míle go leith duine a bhíonn ag obair ann, beidh an tErectus mar a bhí, buíochas le Dia. Is deas gur féidir brath ar rud inteacht sa lá atá inniu ann.”

(Nóta eile ón eagarthóir: níl fírinne ar bith sa ráfla go mbíonn Balor ag caitheamh anuas ar an Oireachtas cionn is nár bhain sé duais Oireachtais riamh. Bhuel, níl iomlán na fírinne ann.)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.