Tá albam nua dar teideal [i]Wallop the Spot[/i] eisithe le déanaí ag an ngrúpa ceoil Four Men and a Dog, ach níor bhuail an t-albam an spota i dtuairim Antaine Uí Fharacháin.
Is é an locht is mó atá ar an albam nua de chuid an bhanna Éireannaigh Four Men and a Dog, dar liomsa, ná in ainneoin go bhfuil Wallop the Spot mar theideal air, tá sé ag iarraidh trí nó ceithre spota a bhualadh ag an am céanna. Agus níl mé róchinnte an éiríonn leis aon cheann acu a bhaint amach. Tá meascán mearaí de stíleanna ar an albam, agus tá an oiread sin rudaí ag tarlú gur fhág sé mearbhall orm ag an deireadh.
B’fhéidir go léiríonn sin níos mó fúmsa ná mar a léiríonn sé faoin albam, ach tá a fhios agam cad a thaitníonn liom agus cad nach dtaitníonn, agus ní shílim go mbeidh mé ag teacht ar ais arís agus arís eile don albam seo mar a dhéanaim le halbaim eile. Is teist mhaith í sin – cé acu an gcuireann albam fonn ort a bheith ag teacht ar ais chuige arís agus arís, nó nach gcuireann. Léiríonn sé cé acu an bhfuil albam i ndiaidh dul i bhfeidhm ort.
Tosaíonn an t-albam le bleaist ríleanna agus iad ar leibhéal ard-octane, agus is dócha go bhféadfaí a rá go bhfuil an leibhéal sin ann tríd an albam ar fad. Is beag suaimhneas atá le fáil ón stíl ard-*octane *seo. Tá trí rian déag in iomlán ar an albam, sé cinn acu arb amhráin iad. Scríobh príomhamhránaí an bhanna, Kevin Doherty, na liricí. Ní luíonn na hamhráin éagsúla isteach go compordach, dar liomsa, leis na píosaí ceoil gan liricí – tá easpa leanúnachais le braith. Go deimhin, bhí mé in amhras, in amanna, an raibh mé ag éisteacht le halbam amháin ar chor ar bith.Tá spéis agamsa i go leor saghsanna ceoil agus amhránaíochta, ní sa cheol traidisiúnta nó san amhránaíocht dhúchasach amháin. Ach bhraith mé, agus mé ag éisteacht leis an albam seo, go raibh mé ag éisteacht le iPod a bhí socraithe ar athsheinn suaite agus é ag léim ar fud na háite gan baint ar bith a bheith ag rian amháin leis an gcéad rian eile. Ní raibh snáth ag rith tríd an albam agus dá bharr sin, níor cruthaíodh aon atmaisféar ann, dar liomsa.
Toisc go ndéantar prióireacht de na hamhráin – críochnaíonn an t-albam le hamhrán sa chaoi is go bhfanfaidh an amhránaíocht, seachas an ceol, i do chuimhne os rud é gurb é an rud deireanach a chloiseann tú – bhraith mé go raibh mé ag éisteacht le halbam de chuid Kevin Doherty, inar caitheadh cúpla dreas ceoil isteach idir na hamhráin.
SeifteannaTá cóiriú sofaisticiúil déanta ar an gceol, ach caithfidh mé a rá gur mhothaigh mé go ndeachaigh siad thar fóir leis. Níl mórán simplíochta le brath uaidh. Tá armóin déanta ar chuid de na tiúin, agus tríd is tríd mothaím go bhfuil siad ag dul i muinín na seiftíochta le cuma tarraingteach ar chur ar an gceol agus ar na hamhráin.
Peaca marfach atá ann, dar liomsa, mar go bhfuil mé den tuairim gur comhartha é a leithéid de sheifteanna go bhfuil muinín i bhfiúntas an cheoil caillte ag na ceoltóirí iad féin. Fiú ó thaobh na n-amhrán de, bhraith mé gur léirigh an banna nach raibh go leor féinmhuiníne acu canadh as a stuaim féin. Bhí an iomarca cócaireachta déanta ar na hamhráin, dar liomsa.
Is cuimhin liom aimsir a tháinig dlúthdhioscaí ar an saol i dtosach. Bhí taithí againn de bheith ag éisteacht le rudaí ar chaiséid agus ar vinyl, formaid ar a mbíonn spás cúpla soicind idir gach rian. Ach nuair a tháinig an dlúthdhiosca ar an saol, thug muid faoi deara go raibh an spás sin giorraithe. Ceapaim go mbíonn spás áirithe idir gach rian ag teastáil – tá sé de dhíth le go mbeidh an t-éisteoir réidh le haghaidh an chéad rian eile. Fanann macallaí ón rian deireanach atá cloiste agat i do chluasa ar feadh b’fhéidir cúig shoicind nó mar sin. Níor mhothaigh mé an spás intinne sin ar an albam seo, rud a chur mé ar mo
mhíchompord. Mar shampla, is mór an difríocht atá idir rian a sé – arb é an t-amhrán “Low and Lonely” – agus rian a seacht, ar dreas portanna é a bhfuil “The One that was Lost/Kevin Crawford’s/Wallop the Spot” mar theideal air. Tagann an difríocht mhór seo aniar aduaidh ar an éisteoir. Agus tarlaíonn sé seo arís idir rian a deich – fonn mall dar teideal “Song for PJ” – agus rian a haon déag, ar amháin dar teideal “Turn Me Loose” é. Tarlaíonn sé i roinnt áiteanna eile ar an albam chomh maith.
Tá gnáthráitis mhuintir na hÉireann le cloisteáil i gcuid de na liricí – frásaí cosúil le “a pint of plain” agus “she’s sound”, cuir i gcás. Ach tá siad sin le fáil in amhráin atá scríofa i stíl chumadóireachta agus amhránaíochta coimhthíoch, rud a thugann blas éigin aisteach dóibh, dar liom.
Is iad an dá rian is fearr liom ar an albam ná rian a cúig – “Dan Murphy’s/Tom Barrett’s/Tarmons Cross/Upperchurch Polca” – agus rian a seacht – “The One that was Lost/Kevin Crawford’s/Wallop the Spot”. Is iad is simplí agus is dócha gurb é sin an fáth a dtaitníonn siad liomsa. Buaileann an tsimplíocht mo spota go minic.Tá tuilleadh eolais faoin albam seo ar fáil ag: http://www.fourmenandadog.com Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.