511
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá níos mó agus níos mó seandaoine i Meiriceá ag tabhairt aghaidhe ar phobail scoir dheisceart na tíre, ach tá míbhuntáistí ag baint leis an fheiniméan seo, dar le Mary Beth Taylor, a bhfuil cur amach aici ar cheann de na pobail seo, The Villages i Florida.
»»»Ar mhaith leat gabháil chun na Fraince ar Erasmus? Má théann, an mbeidh rang teagaisc nó léacht acu romhat, nó an mbeidh siad ar stailc? An mbeidh meas ar do chuid pointí creidmheasa nuair a fhillfeas tú? Tá an scéal ar fad ag PJ Mac Gabhann thall i bPáras dúinn.
»»»Más aon léiriú é na fadhbanna atá ag Roinn na Gaeltachta scéim teanga a aontú le hOifig an Ombudsman, níl Breandán Delap ródhóchasach go mbeidh an Roinn sin in ann don phleanáil teanga sa Ghaeltacht.
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Pádraig Mac Gairbheith ar Loch an Iúir i dTír Chonaill.
»»»Léiríonn an chonspóid reatha faoi chaiteachas FÁS laigeacht i mboird stáit na tíre, dar le Breandán Delap. Tá géarghá le hiad a leasú dá bharr.
»»»Molann Pat Butler scannán as críocha na Rúise san alt seo. Aleksei Fedorchenko a cheap Silent Souls a chíorann ‘téagar nach feas dúinn i gcuimhne an chine ... cumhacht nach samhlaímid i dtiomantas an traidisiúin’.
»»»Is maith a chruthaigh Obama, deir Brian Ó Broin linn. Tá sé ag tabhairt faoi na fadhbanna faoi is thairis ar luas nach raibh súil ag daoine leis in aon chor. ‘Treise leis’ a deir Brian, agus gach cosúlacht ar an scéal go mbainfidh Obama an sotal agus an mí-iompar de na comhlachtaí árachais sláinte.
»»»Chaith Ciara Nic Gabhann seal draíochta san India le gairid, in áit ar a dtugtar Kerala. Anois, tá fonn uirthi filleadh arís is arís eile.
»»»Is mór ag lucht margaíochta na linne seo íomhá na mná ar chlúdach tosaigh irise, ar sliobarna amach ar mhullach an chairr ar díol, nó í ar an fhógra teilifíse. Ghlac roinnt de thíortha móra an domhain le híomhá an athar dá fatherland, ach ghlac roinnt eile againn lenár gCáit Ní Dhuibhir de bhandia an fhlaithis, nó lenár Medb mheisce. Ghlac comharsa mhór amháin ar mhór-roinn na hEorpa leis an íomhá bhaineann, agus tharraing sí aird PJ Mac Gabhann uirthi féin lena scéal a iniúchadh.
»»»Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge agus Bhéarla, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: How the Irish Invented Slang: the secret language of the crossroads le Daniel Cassidy (CounterPunch). Léirmheas le Pól Ó Muirí.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go bhfuil an iomarca béime ar an traenáil i gcás na gcluichí Gaelacha agus go bhfuil seans ann go bhfuiltear ag déanamh an-dochar fisiciúil do na himreoirí.
»»»Bhí fearg ar mhuintir na háite i mBolton le déanaí nuair a fuair siad amach go raibh teaghlach Johnny “Mad Dog” Adair ag cur fúthu sa cheantar i ngan a fhios dóibh. Agus ní hiad muintir Bolton an t-aon dream in iarthuaisceart Shasana atá míshásta leis na dílseoirí, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag machnamh ar a thábhachtaí is atá spórt agus laochra an spóirt dúinn lenár gcroí is ár meanma a ardú ó am go chéile. Bíonn taobh eile ar an mbád i gcónaí ar ndóigh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.